Drochscéal don aeráid na suíocháin fholmha ar bhusanna agus traenacha

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Is leasc lenár gcolúnaí féin an bus nó an meitreo a thógáil na laethanta seo – agus bhí an diabhal Covid-19 air cheana féin!

Drochscéal don aeráid na suíocháin fholmha ar bhusanna agus traenacha

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Dhá mhí ó shin, chuaigh ceann amháin den trí chomhlacht príobháideach bus a chuireann an chuid is mó den iompar poiblí ar fáil sa chathair ina bhfuil cónaí ar an Saoithín Aeráide as gnó.

An coróinvíreas ba chúis leis sin.
Agus titim 70 faoin gcéad tagtha ar líon na bpaisinéirí de bharr na dianghlasála, ní raibh an comhlacht in ann na billí a íoc.

Sheas an chomhairle chathrach féin sa bhearna bhaoil ar feadh achair ghairid sular roinn siad conradh an chomhlacht bus bancbhriste idir an dá chomhlacht a bhí fágtha.

Tá na deacrachtaí céanna ag cur as d’earnáil an iompair phoiblí ar fud an domhain, ar ndóigh.

Tá na costais ard agus tá conarthaí le comhlíonadh, ach tá na paisinéirí gann ó thosaigh paindéim an choróinvíris agus tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfillfidh siad ina sluaite thar oíche nuair a bheidh an phaindéim thart.

Fanfaidh cuid de na daoine a bhaineadh úsáid as an gcóras iompair phoiblí sa bhaile toisc go gcoinneoidh siad orthu ag obair ón mbaile.

In go leor áiteanna ar fud an domhain, tháinig ardú ar dhíolachán carranna príobháideacha le linn na paindéime toisc go bhfuil faitíos ar dhaoine Covid-19 a tholgadh ar thraenacha, ar bhusanna agus ar bháid.

An Saoithín Aeráide féin, is leasc leis an bus nó an meitreo a thógáil na laethanta seo mura bhfuil géarghá leis – agus bhí an diabhal Covid-19 air cheana féin! Ceist shíceolaíoch í thar aon ní eile: bíonn ort masc a chaitheamh ar d’aghaidh, bíonn ort breith ar bharraí miotail agus bíonn daoine in aice leat ag sraothairt – rud a fhágann go mbíonn an coróinvíreas ar d’aigne ó thús go deireadh an turais.

Drochscéal amach is amach is ea é seo ar fad ó thaobh na haeráide de, óir tá tús áite a thabhairt d’iompar poiblí glan thar carranna príobháideacha truaillitheacha fite fuaite leis an gcath i gcoinne théamh an domhain. Lena chois sin is drochscéal iad na suíocháin fholmha ar bhusanna agus traenacha, go hindíreach, sa chath i gcoinne an choróinvíris agus frídíní eile cosúil leis: measann eolaithe go bhfuil baint idir athrú na haeráide agus éalú víreas as na dufairí ina raibh siad i bhfolach.

Idir an dá linn, beidh roghanna deacra le déanamh ag comhlachtaí iompair phoiblí chomh maith le húdaráis náisiúnta agus áitiúla. Beidh gá le hinfheistíochtaí móra má theastaíonn uathu iompar poiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil, an cineál a mheallfadh daoine amach as a gcuid carranna. Ach an mbeidh siad sásta na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh gan a fhios ag éinne cén t-éileamh a bheidh ar sheirbhísí iompair phoiblí amach anseo?

Fág freagra ar 'Drochscéal don aeráid na suíocháin fholmha ar bhusanna agus traenacha'