Drochmheas, lagmhisneach agus amhras forleathan i ndiaidh veto an DUP

D’úsáid an DUP veto chun neamhní a dhéanamh de thoil na bpáirtithe eile ar fad faoi shrianta Covid-19 a chur ar neamhní

Drochmheas, lagmhisneach agus amhras forleathan i ndiaidh veto an DUP

Ceannaire an DUP, Arlene Foster. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ní minic a chuireann Feidhmeannas Stormont iontas ar éinne. Is furasta a chuid iompair a thuar.

Baineadh geit as daoine an tseachtain seo áfach nuair a d’úsáid an DUP veto chun vóta na bpáirtithe eile ar fad sa Chomhaireacht a chur ar neamhní. Ní faoi cheist a dhéanfadh éagóir ar thraidisiún amháin a cuireadh an veto ag obair, ach faoin tsláinte phoiblí. Baineadh leas as le stop a chur le coicís eile de shrianta Covid-19.

Is fada daoine ag casaoid faoin úsáid a baineadh as an veto sa Tionól ar mhaithe le cúiseanna páirtí a chur chun cinn seachas leas agus cearta an phobail a chur chun cinn. Is faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a bunaíodh an achainí chásmhaireachta, an veto.

Seift ab ea é chun cearta mionlaigh a chosaint nuair a bheadh comhionannas nó cearta an duine i gceist san Tionól. Gealladh sa cháipéis New Decade, New Approach, an polasaí faoinar athbhunaíodh Stormont i mí Eanáir seo caite, nach mbainfí úsáid féinchúise as an achainí chásmhaireachta feasta.

Ní raibh aon chaint sa Chomhaontú faoi veto sa bhFeidhmeannas. In aimsir na saontachta agus an dóchais ceapadh go mbláthódh comhoibriú sa bhFeidhmeannas. Nuair a chuathas i mbun oibre i gCill Rímhinn in 2006 chun roinnt na cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin a ionramháil rinneadh athruithe bunúsacha ar an gComhaontú. I measc na leasuithe bhí veto sa Chomhaireacht faoi choinníollacha ar aon dul leis na cinn don Tionól chun cinneadh aontaobhach a sheachaint.

Beag an baol gur samhlaíodh ansin go mbainfí leas as i dtaca le paindéim atá ag céasadh daoine de gach aicme, de gach cúlra agus de gach aois, beag beann ar pholaitíocht ná reiligiún. Ach is chun an t-eiteachas a thabhairt do shrianta a raibh gach páirtí eile ina bhfabhar a bhain an DUP leas as an veto Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Ba í an chomhairle ó lucht leighis gur cheart na srianta a bhí i bhfeidhm le mí a choinneáil go dtí an 27 Samhain.

Cé go raibh malairt poirt ag Sinn Féin ar an Domhnach d’aontaigh siad le Robin Swann, UUP, an tAire Sláinte agus leis an SDLP agus an páirtí Alliance go leanfaí comhairle na saineolaithe sláinte.

Ba é port an DUP gur gheall siad nach mairfeadh na srianta ach mí agus go gcaithfí beart de réir a mbriathair a dhéanamh.

Tá roinnt coraíochta ar siúl sa DUP gur cheist do lá eile é ach tá an páirtí buartha go raibh £400 milliún de chaillteanas sa gheilleagair le mí. Dúirt na ceithre pháirtí eile nach bhféadfaí tús áite a thabhairt do shlí bheatha ar an mbeatha féin.

Ba mhinic le tamall anuas na mionpháirtithe sa Chomhaireacht, an UUP, an SDLP agus Alliance, ag gearán faoi chur chuige an DUP agus Sinn Féin. Bhíodh margadh déanta idir an dá mhórpháirtí sula gcuirfí moladh faoi bhráid na n-airí eile é mar fait accompli ag cruinnithe an Fheidhmeannais. Ar an mbealach sin, bhí móramh i gcónaí ag an DUP agus Sinn Féin agus iad ag obair le chéile nuair a d’oir sé dóibh.

An babhta seo, agus gan tacaíocht Shinn Féin acu, b’éigean don DUP a dhul i ngleic leis an bhfírinne shearbh gur mionlach iad sa bhFeidhmeannas. Bunaithe ar thorthaí an toghcháin in 2017, díreach tar éis titim Stormont de bharr na conspóide faoin RHI, tá ceithre aireacht as na deich gcinn shinsearacha ag an DUP. Tá triúr airí ag Sinn Féin agus aire amháin an páirtí ag an UUP, an SDLP agus Alliance.

Buille síceolaíoch ollmhór ab ea é d’aontachtaithe an móramh i Stormont a chailliúint. Cuireadh lorg an toghcháin sin abhaile ar an DUP sa Chomhaireacht le seachtain anuas agus iad fágtha ina n-aonar i gcoinne Robin Swann, an UUP, an t-aontachtach eile i measc na n-airí.

Is ansin a bhain siad leas as an veto, beart a chuir fad leis an liosta mór ceisteanna a bhí ann faoin gcóras cheana féin.

An raibh an DUP ag iarraidh a chur in iúl gur ghá aontachtaithe, go leithleach, a chosaint ó shrianta Covid-19? Nó gurb é a ndualgas aontachtaithe amháin a chosaint ón gcoróinvíreas?
Más ar mhaithe le lucht gnó a bhí siad, an raibh siad ag cur in iúl gur aontachtaithe iad sin ar fad? Nó arb é an réasúnaíocht go mbainfeadh siad leas as seift ar bith chun an lámh in uachtar a bheith acu, fiú nuair nár bhain an tseift leis an ábhar faoi chaibidil?

Níor léir gur ghnóthaigh an DUP marcanna ó lucht gnó a bhí ar buile faoin éiginnteacht an easpa pleanála agus an easpa deis réamhullmhúcháin.

Cén fáth nach raibh pleananna á n-ullmhú le seachtainí le haghaidh múnlaí éagsúla? a d’fhiafraigh siadsan.

Cad a tharlódh dá mbeadh líon na ndaoine leis an aicíd ag méadú (mar atá) nó dá mbeadh an ráta R laghdaithe ach gan a fhios fós an bhféadfaí é a choinneáil faoi bhun a 1? Ina theannta sin, bhí daoine ag gearán faoin Roinn Eacnamaíochta agus an Roinn Airgeadais (atá faoi stiúir an DUP agus Sinn Féin fá seach) ag rá nach raibh deontais íoctha in am. Bhí an córas ‘ina phraiseach’ dar le húinéir seacht mbialann.

Moladh an Feidhmeannas ar feadh achair luath sa phaindéim ach maolaíodh ar an meas sin mar gheall ar iompar Shinn Féin ag sochraid Bobby Storey agus iompar roinnt ón DUP. Anois, i ndiaidh eachtraí na seachtaine seo thart, tá drochmheas , lagmhisneach agus amhras forleathan.

 

Fág freagra ar 'Drochmheas, lagmhisneach agus amhras forleathan i ndiaidh veto an DUP'

  • Lillis Ó Laoire

    Sorpradhas! Agus beidh muintir na sé gcontae ag trasnú na teorann teacht na Nollag chuig a gcuid tithe saoire i Ros Goill, i nDún Fionnachaidh, i bPort nÚgh agus in áiteanna eile nach iad, agus ag iompar na pláighe leo. Is mór an náire an DUP. Ala mhagaidh déanta de shrianta an deiscirt acu.

  • Antóin

    Tá an DUP mar a bheadh cat ag crónán ar mhaithe leis féin, dálta cuid mhór páirtithe sa tír. Gach seans áfach, go gceapann siad go bhfuil an traidisiún s’acu féin á chreimeadh ag an gcaint seo ar fad faoi chur chuige uile-oileánda maidir le Covid.
    É sin ráite áfach, is mór an náire go bhfuil meon na críochdheighilte in uachtar in áiteanna go fóill. N’fhéadar ach bhíos cinnte go raibh “muintir na sé gcontae” ina gcónaí ar an oileán seo. Agus maidir le do comh-Éireannaigh “ag iompar na pláighe leo”…!