Drochíde á fulaingt ag polaiteoirí ban i gcónaí

Má táthar dáiríre faoi ról lárnach a thabhairt do mhná sa pholaitíocht ní leis an uimhríocht amháin a chaithfear a dhul i ngleic

Drochíde á fulaingt ag polaiteoirí ban i gcónaí

N’fheadar cén líon den bhreis is 160 bean atá ag seasamh mar iarrthóirí san olltoghchán inniu a gheobhaidh suíochán i dTeach Laighean. Beag an seans go mbeidh leath na suíochán Dála acu, rud a bheadh i gcomhréir le líon na mban san daonra.

Ba é seo an dara holltoghchán ó ritheadh reacht na gcuótaí, inar rialaíodh nach bhfaigheadh páirtí iomlán na gcostas a íocann an stát murar mná iad 30% dá n-iarrthóirí. Cé gur díol amhrais é an t-idirdhealú dearfach go ginearálta ba bhocht an scéal é go raibh sé riachtanach sa chóras polaitíochta. Beifear ag súil le feabhas mór in 2023 nuair a ardófar an cuóta go 40%.

Má táthar dáiríre faoi ról lárnach a thabhairt do mhná sa pholaitíocht ní leis an uimhríocht amháin a chaithfear a dhul i ngleic. Ceist do lá eile í an bhfaigheann na mná ainmniúcháin do shuíocháin a bhfuil seans réasúnta acu iad a bhaint. Ach is í an ghann-ionadaíocht an chuid is lú de na dúshláin a bhíonn roimh na mná a thoghtar. Seanscéal agus meirg air is ea é go gcothaíonn clár ama na bparlaimintí fadhbanna móra do mhná gur tuismitheoirí iad.

Ina dteannta sin áfach tá deacrachtaí contúirteacha nua le sárú go práinneach.

Tugtar íde béil do pholaiteoirí, idir fhir agus mhná, ar mheáin shóisialta; gné choitianta den saol comhaimseartha is ea é sin. Tarlaíonn an rud céanna do dhaoine eile a bhfuil ról poiblí acu, iriseoirí ina measc. Tá sé éasca ag ‘gaiscígh an mhéarchláir’, daoine anaithnide de ghnáth, a bheith bagrach agus míchlú a tharraingt ar ionadaí. Chonacthas an íde béil a fuair feisirí in Westminster an uair ba theasaí a bhí an díospóireacht faoin mBreatimeacht.

Ba é marú an fheisire Jo Cox, páirtí Lucht Oibre na Bhreataine, go gairid roimh an reifreann an eachtra ab antoiscí ar fad. Bhí súil ann go gcothódh alltacht faoin uafás sin dioscúrsa níos sibhialta. Ní mar sin a tharla. Bhí an maslú agus an t-imeaglú chomh holc sin gur éirigh mná as an bpolaitíocht ar fad roimh olltoghchán Westminster.

Ní ar an oileán béal dorais amháin atá na fadhbanna seo mar a léirigh scéal comhairleora i nDoire le déanaí. Tá Cara Hunter, SDLP, ceithre bliana is fiche d’aois. Is í leasMhéara Dhoire í. Toghadh í den chéad uair i mí na Bealtaine anuraidh. D’inis sí do Raidió Feabhail go raibh oiread sin drochíde faighte aici, ciapadh gnéis agus bagairtí, go mb’éigean di comhairle a fháil ón PSNI. Tar éis glaonna aisteacha a fháil i lár na hoíche bhí sí chomh míshuaimhneach sin go mb’éigean a cuid sonraí a bhaint de shuíomh idirlín na Comhairle.

Go hachomair, fuair sí teachtaireachtaí agus glaonna gutháin ag iarraidh uirthi a dhul ag tithe chun ceisteanna a fhuascailt. Fir mheánaosta ab ea na héilitheoirí sin i ngach cás, a dúirt sí.

Nuair a déarfadh sí leis an té a bhí ag iarraidh cabhrach go raibh sí in ann an gnó a dhéanamh gan a dhul ag a theach d’iompaíodh sé uirthi.

“Mura dtagann tú anseo chun cuidiú liom, aghaidh ar aghaidh, ionsóidh mé thú go poiblí ar an idirlíon, náireoidh mé thú agus cinnteoidh mé go millfear do chlú.”

Is minic foréigean gnéis á bhagairt, dar léi.

Ar a liosta gearán freisin bhí tagairtí do chuma fhisiciúil na mbanpholaiteoirí, caint nach ndéantar faoi fhir. D’fhulaing Arlene Foster, ceannaire an DUP, ionsaithe gránna bagracha ar líne freisin mar a rinne a comhghleacaí, an feisire nuathofa don Bhanna Uachtair, Carla Lockhart. Bhí siad beirt i measc na sluaite de pholaiteoirí a cháin an drochíde a d’fhulaing Cara Hunter.

Tá Carla Lockhart ag dul i gcomhar le feisirí eile in Westminster féachaint le prótacal a chur i bhfeidhm ar mhaithe le sábháilteacht na mban, i ngach réimse den chóras. Ag an leibhéal logánta, dúirt cumann na gcomhairleoirí áitiúla go raibh an fhadhb faoi mhí-úsáid pholaiteoirí ag éirigh níos measa.

Ceist phráinneach í seo do na húdaráis ar dhá thaobh na teorann. Is den riachtanas é mná a bheith gníomhach sa pholaitíocht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

Ach céard is fiú an bealach isteach a éascú mura ndéanfar tada chun slándáil agus leas na n-ionadaithe a chinntiú agus iad ag feidhmiú thar ceann an phobail?

Fág freagra ar 'Drochíde á fulaingt ag polaiteoirí ban i gcónaí'