Drochbhail na seirbhíse sláinte léirithe ag bás tragóideach

Ar an drochuair, is cosúil nárbh é bás Jody Keenan an t-aon tubaiste a bhfuil an tseirbhís á scrúdú

Drochbhail na seirbhíse sláinte léirithe ag bás tragóideach

Liosta le háireamh iad na tuarascálacha a coimisiúnaíodh agus a mhol athchóiriú práinneach ar an tseirbhís sláinte i dTuaisceart Éireann le scór bliain anuas. Ar éigean a theastaigh fianaise bhreise ó éinne faoin ngá a bhí le feidhmiú na moltaí chun an córas a fheabhsú ó bhun go barr, ach fuarthas an cruthúnas sin san tragóid a tharla ar shráid ar an Iúr ag deireadh na seachtaine seo caite.

Cailleadh Jody Keenan, 39, fad is a bhíothas ag fanacht go dtiocfadh otharcharr ó Bhéal Feirste. Ní raibh otharcharr ar bith le fail i réigiún an deiscirt mar a bhfuil Iúr Chinn Trá ach tógann an turas ó Bhéal Feirste 45 nóiméad.

Ní fios an mbeifí in ann an bhean óg a shábháil dá mbeadh otharcharr ar fáil níos luaithe. Ta a fhios ó Jarlath Burns, príomhoide Ardscoil Naomh Pól ina raibh Jody ag obair mar chúntóir ranga speisialta a raibh ardmheas uirthi, go raibh fadhbanna sláinte tromchúiseacha aici le déanaí. Rinne a máthair iarracht athbheochan scamhógach a dhéanamh uirthi faoi threoir na seirbhíse éigeandála ar an nguthán agus thug an PSNI dífhibrileoir chuici ach theip ar a n-iarrachtaí.

Bhí deich n-otharcharr in ainm is a bheith ar dualgas sa réigiún ach cheal foirne agus brú eile ar an tseirbhís ní raibh ach trí cinn liostáilte le haghaidh dualgais. Cealaíodh ceann acu sin de bharr tinnis agus bhí an dá otharcharr eile gaibhnithe ag ospidéal Craigavon le hothair ar bord mar nach raibh spás dóibh san ospidéal.

Ghabh an tseirbhís otharchairr leithscéal faoin mhoill agus d’fhógair athbhreithniú ar eachtra dhíobhálach. Ar an drochuair, is cosúil nárbh é bás Jody Keenan an t-aon tubaiste a bhfuil an tseirbhís á scrúdú; tuairiscíodh le déanaí gurbh fhéidir go raibh baint ag moill ar otharcharranna le bás cheithre dhuine dhéag le bliain anuas. Cuireadh moill ar pharaimhíochaineoirí ag teacht i gcabhair ar dhaoine a bhí go dona tinn breis is 5,500 uair le bliain.

Bheadh sé seo scanrúil dá mba í an tseirbhís otharcharr an t-aon aicme den chóras sláinte nach raibh oiriúnach don fheidhm ach tá easnaimh mhóra i ngach gné den chóras sláinte. Tá na línte feithimh chomh fada sin anois nach fiú a bheith ag caint ar uimhreacha, tá na ranna éigeandála sna hospidéil chomh plódaithe sin go gcaitheann daoine laethanta ar shínteáin nó uaireanta fada sna hotharchairr i gclósanna na n-ospidéal mar nach bhfuiltear in ann glacadh le hothair bhreise. Tá othair a bheadh in ann a dhul abhaile ag fanacht sna hospidéil, ag cur leis an nganntanas leapacha mar nach bhfuil dóthain seirbhísí taca sa bhaile ar fáil. Sa mhullach orthu sin go léir tá dochtúirí teaghlaigh ag rá nach féidir leosan an t-éileamh ar a gcuid seirbhísí a shásamh cheal foirne agus fearais.

Is fíor gur chuir an phaindéim Covid-19 brú ar gach gné den chóras sláinte agus cúraim ach tá na fadhbanna níos buaine ná sin agus iad fréamhaithe níos doimhne. Tá athchóiriú curtha ar an mhéar fhada ag Stormont arís agus arís eile, d’ainneoin é a bheith mar thosaíocht ag gach páirtí, más fíor.

Pleanáil foirne an gad is giorra don scornach ag na ceardchumainn agus is easnamh mór é gan amhras. D’aontaigh an tAire Sláinte (le dhá bhliain anuas) Robin Swann gur den riachtanas é ach níorbh fhéidir é a dhéanamh gan buiséad fadaimseartha. Maíonn na páirtithe eile go léir gur ar an DUP an locht nár aontaíodh buiséad trí bliana an geábh seo toisc gur tharraing Jeffrey Donaldson a chéad-aire amach as an bhFeidhmeannas. Ní nach ionadh ní aontaíonn an DUP.

Tá polasaithe speisialta ag gach páirtí i bhfeachtas an toghcháin reatha chun an NHS a shábháil, an domhan is a mháthair d’athchóiriú a dhéanamh beag beann ar bhrú áitiúil. Chífimid – chualathas go minic cheana é. Tá diancheistiú á dhéanamh ar lucht stocaireachta ag na doirse, an-chuid daoine ag rá gurb é an córas sláinte an cheist is práinní. Tá oibrithe sláinte agus an pobal araon aontaithe go bhfuil an tseirbhís ar an dé deiridh.

An gcuirfidh siad ar a súile do na polaiteoirí ar an 5 Bealtaine nach gcuirfear suas le siléig a thuilleadh?

Fág freagra ar 'Drochbhail na seirbhíse sláinte léirithe ag bás tragóideach'

  • Pól

    Bhí mé a cheapadh go bhfuil sé go dona abhus, ach go dtárrthaí mac dílis Dé sinn…