Drochbhail i gcónaí ar fhear a gortaíodh i dtimpiste buille agus teitheadh ar bhóthar Chois Fharraige 

Seo an dara drochthimpiste buille agus teitheadh a tharla sna Forbacha le bliain anuas 

Drochbhail i gcónaí ar fhear a gortaíodh i dtimpiste buille agus teitheadh ar bhóthar Chois Fharraige 

Tá drochbhail i gcónaí ar fhear san ospidéal a gortaíodh i ndrochthimpiste buille agus teitheadh ar bhóthar Chois Fharraige i nGaeltacht Chonamara ag an deireadh seachtaine. 

Tharla an timpiste ar bhóthar an R336, idir Séipéal Réalt na Mara agus Tigh Phádraicín sna Forbacha thart ar a 8.30pm oíche Dé Domhnaigh agus tugadh an fear a gortaíodh go dtí Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe, UCHG. 

Dúnadh an bóthar idir an Séipéal agus Tigh Phádraicín tráthnóna inné ag a 2pm agus rinne baill ón Aonad um Imscrúdú Fóiréinseach ar Imbhuailtí scrúdú ar láthair na timpiste. 

I ráiteas a chur an Garda Síochána ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go raibh an fear a gortaíodh, a thuairiscítear a bheith sna daichidí, “go dona tinn i gcónaí” san ospidéal. Tá iarrtha ag na Gardaí ar aon duine a chonaic an eachtra teagmháil a dhéanamh leo. 

Tá na Gardaí ag iarraidh eolais ó aon duine a bhí ag taisteal i gceantar na bhForbacha idir 8.00pm-9.00pm oíche Dé Domhnaigh, go háirithe aon tiománaí a d’fhéadfadh fianaise ó cheamara nó dash-cam a chur ar fáil faoin eachtra. 

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil eolas acu maidir leis an timpiste dul i dteagmháil leis na Gardaí i Stáisiún Bhóthar na Trá ag 091 514720 nó ar an líne faoi rún 1800 666 111. 

Seo an dara drochthimpiste buille agus teitheadh a tharla ar an chuid sin de Bhóthar Chois Fharraige le bliain anuas. Mí na Nollag seo caite, maraíodh bean sna caogaidí a bhí ag siúl ar thaobh an bhóthair in aice le teach ósta Tigh Phádraicín. Níor fhan an tiománaí sin ag láthair na timpiste ach oiread. 

Fág freagra ar 'Drochbhail i gcónaí ar fhear a gortaíodh i dtimpiste buille agus teitheadh ar bhóthar Chois Fharraige '