Droch-mhám cártaí imeartha go maith ag Enda Kenny

dDfhear a bhí caillteach agus cáinte seacht seachtaine ó shin, tá chuile chineál cárta imeartha go maith ag Enda Kenny go dtí seo...

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

D’imir Enda Kenny a chuid cártaí go stuama – go dtí seo. Bhí an bob a bhuail sé ar na Neamhspleáigh ar an mbeart ba chliste.  Theastaigh uathusan go mbeadh socrú idir Fine Gael agus Fianna Fáil go dtabharfadh pé acu páirtí ba laige théis na vótála cinniúnaí tacaíocht do Rialtas mionlaigh. Bhí Fianna Fáil sásta sin a dhéanamh agus d’fhan na Neamhspleáigh go bhfeicfí an mbeadh Fine Gael sásta an beart céanna a dhéanamh d’Fhianna Fáil dá mbeadh an bhróg ag luí ar an gcois eile. Ach, bhí a fhios ag Enda Kenny gur dóigh ná a mhalairt go n-imeodh tromlach láidir de na Neamhspleáigh uaidh dá bhfaighidís an foscadh sin. Agus ní raibh Kenny ag géilleadh ná ag lúbadh ar an gceist sin.

Abróidh Fine Gael gur acu a bhí an tromlach agus nach raibh gá ar bith dóibh a bheith ag tabhairt gealltanais go dtacóidís le Rialtas mionlaigh. Ach, tá sin lag go maith mar leithscéal. Ina dhiaidh sin féin, ní hé go raibh scór suíochán idir iad féin agus Fianna Fáil, ná a leath oiread sin féin. Ní raibh Fine Gael ach sé shuíochán chun tosaigh ar Fhianna Fáil san Olltoghchán agus bhí luaidreáin ann go mbeadh an Taoiseach sásta leath na suíochán Rialtais a roinnt le Fianna Fáil dá mbeadh comhrialtas idir iad. Labhair an Taoiseach níos deireanaí faoin ngá a bhí le beartais mhóra agus gnaíúla sa bpolaitíocht sa gcás a bhfuil muid ann. Nach mbeifí ag súil, de réir na cainte sin, go mbeadh Fine Gael sásta gealltanas a thabhairt go dtacóidís le Rialtas mionlaigh dá mbeadh Fianna Fáil in uachtar sa deireadh? Ar aon nós, má chreid an Taoiseach go raibh Fine Gael chomh láidir sin – agus chomh cinnte sin den chumhacht sa deireadh – nach bhféadfadh sé an gealltanas sin a thabhairt? Ar ndóigh, tá freagra simplí ar na ceisteanna sin; níor thrust sé na Neamhspleáigh agus bhí sé cruinn sa méid sin. 

Duine ar bith a cheapann gur polaiteoir gan téagar é Enda Kenny, tá dul amú an-mhór air.  Thaispeáin sé é sin nuair a thriail dream galánta Bhaile Átha Cliath an ruaig a chur air as ceannaireacht Fhine Gael cheana. D’imir Kenny cártaí leo an uair sin agus thug leis an geall. 

Buailte a bhí sé an iarraidh seo freisin, an ruaig curtha ar a pháirtí féin agus ar a chomhghleacaithe – an Lucht Oibre. Chuir go leor dá pháirtí féin agus na nuachtáin an milleán ar faoin mbris a rinneadh ar pháirtithe an Rialtais san Olltoghchán. Ní raibh mórán teacht aniar in Enda Kenny i gcuid den díospóireacht agus ní raibh feachtas Fhine Gael stuama. Ach, níor imigh Kenny ón mbord.

Thug sé cuireadh do Mhicheál Martin agus d’Fhianna Fáil a bheith istigh ag bord an Rialtais ina theannta. Go deimhin cuireadh luaidreáin amach go mbeadh Enda Kenny sásta tréimhse i gcathaoir an Taoisigh a thabhairt do Mhicheál Martin agus fios maith aige nach nglacfadh Fianna Fáil le comhrialtas.  Fiú agus dá mbeadh tromlach Theachtaí Dála Fhianna Fáil ina fhabhar sin, ní ghlacfadh cosmhuintir an pháirtí leis ag an Ard-Fheis speisialta a chaithfí a ghairm. Is maith a bhí a fhios ag Enda Kenny é sin. Ach bhí an tairiscint ann agus chuile chosúlacht air go raibh gnaíúlacht ag baint leis – an chéad scór ag Enda.

Bhí ceist na Neamhspleách níos casta ach nuair a fuair Kenny Fianna Fáil sa líon ní polasaithe ach taicticí a bhí ar an gcéad chárta a imríodh. Tacaíocht d’Fhianna Fáil – ní bheadh sin i gclár ná i bhfoirm, arsa Fine Gael.  Bhí Fianna Fáil curtha ar an gcosaint agus bhí na Neamhspleáigh ar charraig. An dara scór ag Enda.

Anois, tá Fianna Fáil ar ais sa líon arís agus iad sáinnithe go maith. Má chliseann na cainteanna is orthusan agus ar Mhicheál Martin a bhuailfear an milleán. Agus b’fhéidir nach cárta anláidir ceist na dtáillí uisce sa deireadh thiar ag doirse na tíre. 

Maidir leis na Neamhspleáigh, beidh a bhformhór ag súil nach cúrsaí dorais é. Gan trácht ar thuirse agus ar thrioblóid, bheadh costas trom orthu in Olltoghchán eile agus gan tacaíocht páirtí acu.

Ach caithfidh Enda Kenny na doirse a sheachaint freisin mar b’fhéidir gurbh shin é a chriogfadh eisean –toghchán eile. Ach, d’fhear a bhí caillteach agus cáinte seacht seachtaine ó shin, tá chuile chineál cárta imeartha go maith aige go dtí seo. Beidh air iad a imirt go stuama ar feadh scaithimh eile.  Tá mámanna aige sa gcluiche le Fianna Fáil anois agus má thugann sé Páirtí an Lucht Oibre leis cuirfidh sé Micheál Martin tuilleadh le balla.

Ansin, agus an beart déanta as droch-mhám cártaí, fágfaidh sé Sinn Féin ag tabhairt sáiteán d’Fhianna Fáil sa bhfreasúra.

Má choinnítear an cluiche ag imeacht ar feadh cúpla bliain beidh curiarracht ag Enda Kenny – an chéad duine ó Fhine Gael a bhain an dara tréimhse amach mar Thaoiseach. Agus tréimhse i bpost sinsearach san Eoraip amach roimhe.

Fág freagra ar 'Droch-mhám cártaí imeartha go maith ag Enda Kenny'