Droch-chás de na ‘blues’ ag Nuacht TG4 agus an chéad radharc againn ar a seit deas nua

Bhí cad é bús agus buaileam sciath i mBaile na hAbhann aréir agus meitheal na nuachta bogtha isteach i stiúideo mór nua

Droch-chás de na ‘blues’ ag Nuacht TG4 agus an chéad radharc againn ar a seit deas nua

Deir siúd a bhfuil machnamh déanta ar na cúrsaí seo acu go samhlaítear an dath gorm leis an tsamhlaíocht, an t-údarás, an fhairsinge, an mhacántacht agus an dílseacht.

B’fhéidir nach aon chúis iontais mar sin go bhfuil droch-chás de na ‘blues’ ag Nuacht TG4 ar a seit nua breá fairsing ar cuireadh inár láthair é den chéad uair aréir.

 “Shílfeá ó a bheith ag breathnú ar Nuacht gur i gcúinne stiúideo beag a dhéantar é. Tá sé cosúil leis an nuacht Bhéarla a chuirtí amach ar RTÉ i 1983. Teastaíonn cuma i bhfad ‘níos mó’ ón gclár, caithfear athruithe a dhéanamh air.”

B’in a bhí le rá ag Alan Esslemont um an dtaca seo anuraidh agus é ag labhairt le hos cionn 200 léiritheoir teilifíse ag ollchruinniú in óstán an Radisson i gcathair na Gaillimhe.  

Bhuel bhí cad é bús agus buaileam sciath i mBaile na hAbhann aréir agus iad á dtarrac féin aniar as na hochtóidí. Iad bogtha isteach sa stiúideo mór nua ina bhfuil seit chuidsúlach ghorm, scáileáin mhóra agus grafaic nua. Taitníonn sé liom, cé nach bhfuil aon lé agam leis na stadáin a bheith ina gcomhthreomharáin taobh le hEimear Ní Chonaola. Ina theannta sin ar fad tá an ceol sin, a bhí in úsáid ar feadh tamaill leis ag Rialtas na Casacstáine i bhfeachtas bolscaireachta dá chuid, curtha de dhroim seoil agus ceol aitheantais nua againn. Go deimhin mheabhraigh an ceoilín nua fuaim laethanta tosaigh an stáisiúin sna nóchaidí dom.

Seit deas nua mar sin agus cur i láthair snasta, ach cad faoin nuacht féin?

Scéal thairis, b’fhéidir, ach b’ait liom go raibh bás obann Dolores O’Riordan fágtha in áit na leathphingine; sinn i dtaobh le soicindí fánacha in ainneoin go raibh cáil dhomhanda uirthi, agus go raibh tuairiscí faoina bás i measc na bpríomhscéalta ar sheirbhísí nuachta ar fad an domhain. Ar ndóigh, d’fhreastail sí ar scoil lán-Ghaeilge agus bhí nasc aici le Corca Dhuibhne chomh maith. Scéal Barry McElduff in áit scéal Dolores a bhí mar phríomhscéal, cé nach raibh an scéal sin chomh te, bruite sin ag a seacht a chlog tráthnóna. Cinnte bhí ráiteas i nGaeilge uaidh ach n’fheadar an é nár theastaigh ón meitheal a bheith ag sodar i ndiaidh an oird reatha a bhí ag RTÉ? Is mithid sin, ach uaireanta príomhscéal is ea príomhscéal. B’ait leis nach raibh aon tagairt sa chlár faoin haischlib #nílsécgl a raibh an oiread sin búis fúithi ar Twitter go raibh sí ag treochtáil in Éirinn ar feadh tamaill, go háirithe ar chlár nuachta ar stáisiún a mbíonn go leor gleo acu faoi thábhacht na meán sóisialta agus na n-ardán nua. Bhí scéal #nílsécgl i measc na scéalta is mó léamh ar an Irish Times ar feadh tamaill aréir. Ba scéal suimiúil é seo ar leic an dorais agus ní raibh focal faoi ag Nuacht TG4.

Scóipiúlacht an stiúideo an tréith is suntasaí den chur chuige nua ag Nuacht TG4 mar sin. Scáileáin mhóra taobh thiar d’Eimear agus de Ruairí Mac Con Iomaire, é ag léamh na scéalta spóirt agus gan aon oidhre air ach duine de bhoic Sky Sports ar Transfer Deadline Day. Thug an seit nua deiseanna dóibh beirt seasamh le paistí cainte a dhéanamh; rud a chuirfidh go mór le héagsúlacht sa stíl láithreoireachta. 

Pé acu scéal é, is cinnte go dtiocfaidh an stiúideo/seit nua i dtreis agus chun coinlíochta ar laethanta móra buiséid agus olltoghcháin. Tá sé deartha do shlua agus dá bhrí sin ba cheart cleatráil a bheith inti níos minice. Ar shlí ní haon chabhair stiúideo/seit nua, agus an infheistíocht a théann leis, gan cur chuige nua, nuálach. Sa stiúideo seo a bheidh 7Lá, leagan 2.0, lonnaithe, rud a thabharfaidh breis féidearthachtaí don chlár úd. Feicfimid linn an bhfágfaidh an stiúideo nua a rian ar chur chuige an chláir sin.

Fág freagra ar 'Droch-chás de na ‘blues’ ag Nuacht TG4 agus an chéad radharc againn ar a seit deas nua'

  • Páidí

    An-léamh ag Breandán ar chúrsaí teilifíse mar is dual dó! B’ait liom féin freisin nár tugadh mórán suntais do bhás Dolores O’Riordan. Chas mé air Nuacht TG4 agus mé ag súil le scéal mór faoi agus bhí díomá orm faoina laghad a bhí ann. Duine de mhórcheoltóirí na hÉireann tar éis bháis – nár cheart é a bheith ina phríomhscéal? Bhí sé ina scéal mór sna meáin ar fud an domhain! Tuigim go bhfuil TG4 ag iarraidh díriú ar scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta anois ach níor cheart neamhaird a dhéanamh de na scéalta móra náisiúnta agus idirnáisiúnta san am céanna, go háirithe agus nasc Gaeilge/Gaeltachta ann! Seachas sin is deas an leagan amach nua, go háirithe an ceol aitheantais a chuireann, mar a dúirt Breandán, laethanta tosaigh an stáisiúin i gcuimhne dúinn!

  • Maire

    Seit Star Wars nó Nuacht TG4?

  • R

    Aontaím leis an tuairim a tugadh faoin méid ama a tugadh do scéal Dolores, go háirithe nuair a bhí míreanna sna nuachtáin ar líne in Iodáilis, Fraincis agus Spáinnis tráthnóna inné mar aon le mír i nGaeilge ar Tuairisc.ie agus inniu ar Nós.ie.

    Maidir le scéal #nílsécgl, is don phobal nach n-admhaíonn nach ann do Ghaeilge atá an scéal áirithe sin agus is ansin is fearr é. Ba leor tagairt a dhéanamh de agus sin amháin.