Driseacha cosáin ar Bhealach Glas Chonamara

Bhí an-bhéim ag Fáilte Éireann le riar blianta ar Bhealach Glas Chonamara agus facthas do lucht thionscal na turasóireachta gur cosán é a thabharfadh airgead isteach sa gceantar

cosáin

Bhí Comhairle Contae na Gaillimhe ar an intinn chéanna. Chuaigh an Chomhairle Contae agus Fáilte Éireann ag obair i dteannta a chéile agus fuarthas cead forbartha i dtús na bliana 2013 le haghaidh an chosáin siúlóide agus rothaíochta as Uachtar Ard chomh fada leis an gClochán. Bheadh an cosán réitithe, cuid mhaith, ar lorg sheanráille traenach Chonamara – cosán trí chuid den cheantar is mo cáil áilleachta in Éirinn.  Bhí an-dóchas as an bplean agus bhí caint ann go mbeadh an cúrsa réitithe amach taobh istigh de chúpla bliain. Ach ina leaba sin, tá an Bealach Glas ar charraig agus driseacha cosáin tagtha sa mbealach. Tá sé ráite anois ag Cathaoirleach Choiste Comhairleoirí Contae Chonamara, Séamus Breathnach, go bhfuil baol mór ann nach féidir an plean a thabhairt chun críche.  “Mura bpléifear é seo i gceart leis na feilméaraí, mura bhfaighfear cead na bhfeilméaraí le haghaidh an chosáin agus mura bhfaighidh siad airgead as, ní féidir é a dhéanamh”, arsa an Comhairleoir Breathnach. 

Chaith sé an chaint seo trathnóna Dé hAoine tar éis do thoscaireacht feilméaraí plé fada a dhéanamh faoin ábhar le Comhairleoirí Chonamara in Uachtar Ard. 

Comhairle Contae na Gaillimhe a chuir an t-iarratas ar an gcead forbartha le haghaidh an Bhealaigh Ghlais – achar 33 míle – faoi bhráid an Bhoird Pleanála.  Iarratas ar chead forbartha a bhí ann; ní raibh mionleagan amach déanta ar an gcúrsa, seachas go mbeadh go leor dó ar an seanlíne traenach. 

Chaithfí réiteach a dhéanamh leis na húinéirí talúna idir Uachtar Ard agus an Clochán. Níor lorg an Chomhairle Contae cumhachtaí Orduithe Éigeantacha ach an oiread – sin an chumhacht le seilbh a fháil ar thalamh a bheadh ag teastáil beag beann ar dhearcadh an úinéara.  Dá réir sin, bheadh ar na húinéirí talúna cead a thabhairt, ar bhonn fadtéarmach, go mbeadh fáil ar a gcuid talúna le haghaidh an Bhealaigh Ghlais agus ní bheadh cúiteamh le fáil as.

Chosnódh réiteach an chosáin tuairim €9m. agus bhí Comhairle Contae na Gaillimhe ag súil go dtiocfadh an chuid is mo den airgead sin as ciste Fháilte Éireann.  Ach, dar leis an gComhairleoir Séamus Breathnach, fágadh ceist bhunúsach gan réiteach; níor dearnadh teagmháil agus socrú leis na feilméaraí roimh ré.

Tá chuile chosúlacht ar an scéal seo go raibh Fáilte Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe chomh tógtha leis an sruth siúlóirí agus rothaithe atá tagtha ar an bhfód agus gur shíleadar go raibh chuile dhuine ar an téad chéanna.  Bhíothas den bharúil go mbeadh úinéirí talúna i gConamara sásta scaradh le talamh, cead siúil agus rothaíochta a thabhairt do dhaoine – gar don doras dúnta in áiteacha – agus é seo a dhéanamh in aisce.  Ach an oiread leis an scéim GLAS agus na coimíní sléibhe, is léir nach raibh tuiscint mhór ag lucht an Bhealaigh Ghlais ar phobail tuaithe.

Ar an gcéad iarraidh, níl aon chearta poiblí ar an gcuid is mó de sheanráille traenach Chonamara. Cuireadh deireadh leis an tseirbhís traeneach i 1935 agus cheannaigh go leor de na teaghlaigh ar an mbealach siar an talamh ar ais. Lena chois sin uilig, tá coimíní sléibhe ar an mbealach agus sna cásanna sin, tá úinéireacht ag na scórtha daoine scaití ar phíosa amháin talúna; ní leor socrú le cuid acu – teastaionn socrú aontaithe.

Bheadh roinnt trioblóide ag baint le cosáin mar seo trí fheilmeacha agus tá ceisteanna faoi phriobháideachas tagtha chun cinn freisin. Sa mullach air seo, níltear in ann airgead a thairiscint do dhaoine as a gcuid maoine. Ar an taobh eile den scéal, feiceann daoine sa gceantar go mbeidh airgead ag dul do dhaoine as talamh a thabharfaí ar láimh le haghaidh fhorbairt an bhóthair as Uachtar Ard chun an Chlocháin – an N. 59.

Tá go leor daoine i gConamara i bhfábhar an Bhealaigh Ghlais agus tá lucht na turasóireachta sa gceantar á iarraidh le fada.  Ach is é an cúrsa an chnámh spáirne. Creideann an Comhairleoir Séamus Breathnach nach ndearna an Chomhairle Contae an teagbháil agus an idirbheartaíochta a theastaigh i dtosach. Creideann sé freisin gur cheart cúiteamh airgid a chur ar an mbord.  An gcaithfidh an Chomhairle Contae tosaí aríst agus iarratas eile a dhéanamh ar chead forbartha don Bhealach Glas?  “Ní fheicim go bhfuil fonn ná faobhar orthu le iarraidh eile a thabhairt faoi”, a deir an Breathnach. 

Idir an dá linn, tá na driseacha cosáin ag fás ar chúrsa an Bhealaigh Ghlais i gConamara.

Fág freagra ar 'Driseacha cosáin ar Bhealach Glas Chonamara'