Dris chosáin nua sa bhealach ar Geert Wilders san Ísiltír

Tá ceithre pháirtí de chuid na heite (fíor)dheise réidh le dul i mbun comhrialtais san Ísiltír, ach go tobann, tá siad gan céad aire

Dris chosáin nua sa bhealach ar Geert Wilders san Ísiltír

Déardaoin seo caite, d’fhógair an polaiteoir Ioslamafóibeach Geert Wilders, a raibh bua mór aige in olltoghchán san Ísiltír i mí na Samhna, go raibh a pháirtí féin, an PVV, agus trí pháirtí eile réidh chun comhrialtas a bhunú, ach nach mbeadh sé féin ina chéad aire.

Ach Dé Luain, b’éigean don té a bhí le bheith ina chéad aire in ionad Wilders tarraingt siar.

Cé gur chaith duine as gach ceathrar de na vótóirí san Ísiltír vóta do pháirtí Wilders san olltoghchán anuraidh, mheas na páirtithe eile a bheadh páirteach sa chomhrialtas – nualiobrálaigh an VVD, feirmeoirí feargacha an BBB agus páirtí nua de chuid an láir, an NSC – go mbeadh Wilders féin róchonspóideach le bheith ina chéad aire agus go ndéanfadh sé dochar don tír é a bheith i gceannas go hoifigiúil.

Ghéill Wilders don tuairim sin agus aontaíodh nach mbeadh sé féin ná aon duine de cheannairí na bpáirtithe eile a bheadh páirteach sa chomhrialtas ina chéad aire.

Déardaoin seo caite, bhí an chuma ar an scéal go bhfógrófaí an tseachtain seo go n-ainmneofaí Ronald Plasterk, iarpholaiteoir aitheanta de chuid an Lucht Oibre (PvdA) agus bitheolaí, ina chéad aire.

Ach thiar i mí an Mhárta agus arís Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart, d’fhoilsigh ceann de phríomhnuachtáin na hÍsiltíre, an NRC, scéalta inar cuireadh i leith Plasterk gur shaothraigh sé na milliúin euro le paitinn bunaithe ar thaighde bitheolaíoch nach ndearna sé féin. Cé go séanann Plasterk féin na líomhaintí, tá siad chomh dáiríre sin gurbh éigean dó tarraingt siar agus a fhógairt go poiblí nach mbeadh fáil air do phost an chéad aire.

Tá fadhb mhór mhillteach ag Geert Wilders agus ag páirtithe an PVV, an VVD, an BBB agus an NSC anois: ní hé go bhfuil liosta fada acu ar a bhfuil daoine a dhéanfadh cúis mar chéad aire – a mhalairt.

Go deimhin, rún poiblí é nach mbeadh sa chéad aire a bheadh i gceannas ar chomhrialtas de chuid an PVV, an VVD, an BBB agus an NSC ach puipéad de chuid Geert Wilders agus lena chois sin tá an tuairim ann nach mairfeadh comhrialtas dá leithéid i bhfad; dar leis na tráchtairí polaitíochta, ‘i bhfad uaim an chailís nimhe sin’ an chéad rud a rithfeadh le mórchuid polaiteoirí a n-iarrfaí orthu a bheith ina gcéad aire ar rialtas a mbeadh Geert Wilders i gceannas air dáiríre.

D’fhógair na ceithre pháirtí clár rialtais Déardaoin arbh é an rún go gcuirfí srianta fíorláidre le líon na n-iarrthóirí tearmainn agus inimirceach eile an ghné ba shuntasaí de, ach beidh le feiceáil anois an éireoidh leis na páirtithe teacht ar dhuine a bheadh sásta a bheith i gceannas ar chomhrialtas a chuirfeadh an clár rialtais sin i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Dris chosáin nua sa bhealach ar Geert Wilders san Ísiltír'