Dréachtlitir ón Taoiseach chuig Príomh-Aire nuathofa na Breataine

Is é tuairim rialtas na hÉireann nach ndéanfaí leas na tíre ná leas na Breataine dá gcuirfí tús leis an gcaidreamh iar-imeachta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas gan conradh faoin mbuanchaidreamh eatarthu a bheith sínithe roimh ré…

Dréachtlitir ón Taoiseach chuig Príomh-Aire nuathofa na Breataine

Nóta. Is dréacht é seo de litir a d’fhéadfaí a sheoladh ó oifig an Taoisigh go Sráid Downing Dé hAoine, más léir toradh soiléir faoin am sin ar an olltoghchán sa Ríocht Aontaithe. Murar léir Dé hAoine cé a bheidh i gceannas i Londain, ní bheidh seoladh na litreach riachtanach ar ndóigh. Is féidir an dréacht seo a leanas a athrú arís nuair a thoghfar/má thoghtar príomh-aire roimh olltoghchán eile, nó ina dhiaidh. 

(Tá leagan Béarla den dréachtlitir seo ar fáil chomh maith.)

Oifig an Taoisigh
Tithe an Rialtais
Baile Átha Cliath
13 Nollaig 2019

A Phríomh-Aire, a chara,

Comhghairdeas faoi do bhua. Guím gach rath ort, ar do rialtas, agus ar do thír. Fearacht go leor rialtas eile a toghadh i dtíortha daonlathacha, tá dualgais agus dúshláin mhóra romhaibh agus leas bhur dtíre á dhéanamh agaibh sna blianta atá romhainn.

Glacaim leis go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an 31 Eanáir 2020, mar a socraíodh sa chomhaontú idir rialtas na Breataine agus an tAontas i mí Dheireadh Fómhair, agus mar a gheall tú go minic ó shin i leith. 

Tar éis an dáta imeachta, beidh rialtas na hÉireann lántoilteanach comhoibriú le huachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula Von Der Leyen, leis an bpríomh-idirbheartaí Breatimeachta Michel Barnier agus leis an gCoimisinéir Trádála Phil Hogan chun comhráite idir do rialtas agus an tAontas a thosú gan mhoill.

Tugaim faoi deara go ndúirt tú le gairid gur mhaith leat teacht ar chomhaontú buan fadtéarmach leis an Aontas Eorpach roimh dheireadh na bliana seo chugainn. Nílim cinnte go mbeifear ábalta comhaontú dá leithéid a phlé, bailchríoch a chur air, agus é a bheith daingnithe in Westminster agus i bparlaimintí uile an AE in imeacht 11 mí. Déanfaimid ár ndícheall mar sin féin.

Gan amhras, dá laghad an scaradh ó chaighdeáin agus ó rialacha an AE a bheas á iarraidh ag an Ríocht Aontaithe sna cainteanna sin, is fearr an seans go dtiocfar ar réiteach roimh an spriocdháta. Tá súil agam go bhfuilimid ar aon intinn gur fiú gach iarracht a dhéanamh chun Breatimeacht ‘crua’ gan réiteach ar an 31 Nollaig 2020 a sheachaint.

Is é tuairim láidir rialtas na hÉireann nach ndéanfaí leas na tíre ná leas na Breataine dá gcuirfí tús leis an gcaidreamh iar-imeachta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas gan conradh faoin mbuanchaidreamh eatarthu a bheith sínithe roimh ré. Beidh comhaontú eadrainn riachtanach luath nó mall. B’fhearr linn uilig, tá súil agam, é a bheith sínithe agus i bhfeidhm sula gcuirfear tús leis an ré nua.

Cuirfidh rialtas na hÉireann agus do rialtas féin béim faoi leith ar ndóigh ar na socruithe nua trádála a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann, agus idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain, de réir an chomhaontaithe a shínigh tú i mí Dheireadh Fómhair. D’oirfeadh sé dúinn go léir dá bhféadfaí teacht ar chomhthuiscint faoi fheidhmiú an chórais nua go luath.

Sílim go gcuideodh comhthuiscint eadrainn, maidir le bunphrionsabail an chórais ar a laghad, leis na comhráite idirpháirti a bheidh á reáchtáil arís againn i mBéal Feirste an tseachtain seo chugainn. Ní réiteodh athbhunú an Tionóil agus an Fheidhmeannais in Stormont gach deacracht a bhaineann le Breatimeacht i dTuaisceart Éireann ach thabharfadh sé ábhar dóchais do mhuintir an réigiúin sin.

Is oth liom a rá gur chuir na ráitis a rinne tú le gairid, inar shéan tú go mbeadh deimhniú nó seiceáil riachtanach amach anseo ar earraí a bheidh á n-iompar idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain, imní ar an AE agus ar rialtas na hÉireann. B’fhéidir gur téarmaíocht seachas rudaí níos bunúsaí is cúis leis an imní seo, ach a luaithe a thiocfar ar chomhthuiscint maidir leis na cúrsaí tábhachtacha seo is ea is fearr é.

Tá súil agam go mbeidh deis againn cruinniú a reáchtáil eadrainn gan mhoill chun deacrachtaí mar seo a phlé, chomh maith leis na deiseanna éagsúla a bheidh romhainn anois leis an gcairdeas idir ár dtíortha a neartú.

Is mise le meas*

Leo Varadkar, Taoiseach

* Is féidir ‘le meas mór’ a chur ag bun na litreach, is é sin más mian leis an Taoiseach ‘le meas’ a neartú.

Fág freagra ar 'Dréachtlitir ón Taoiseach chuig Príomh-Aire nuathofa na Breataine'

  • Emer Ní Ronáin.

    Níl anseo ach litir shamhailteach idir na ceannairí. Is naith liom go dtuigeann mac Coille tábhacht na hocáide. Chruthaigh ocáidí eile den sórt seo deachrachtaí uafásacha don tír seo. Tagraíonn Mac Coillle do na fadhbanna a thiocfaidh de bharr na Breatimeachta. Is breá liom go bhfuil fios a ghnó ag duine éigin. Nach trua nach bhfuil Mac Coille ina chomhairleoir do Varadkar.