‘Draoi ar an ghiotár’ – laoch an cheoil Arty McGlynn ar shlí na fírinne

Ba ghiotáraí ceannródaíoch é Arty McGlynn, a bhain cáil mhór amach lena albam 'McGlynn’s Fancy', a eisíodh i 1979, an chéad albam riamh inar chualathas ríleanna agus poirt thraidisiúnta á seinm ar an ghiotár

‘Draoi ar an ghiotár’ – laoch an cheoil Arty McGlynn ar shlí na fírinne

Tá an mórcheoltóir Arty McGlynn, duine de na giotáraithe ab aitheanta i saol an cheoil thraidisiúnta, ar shlí na fírinne. Bhí sé 75 bliain d’aois.

Bhásaigh McGlynn, arb as an Ómaigh dó i dTír Eoghain, in ospidéal Inis Ceithleann san Fhear Manach i ndiaidh tinneas gairid inné.

Ba ghiotáraí ceannródaíoch é Arty McGlynn, a bhain cáil mhór amach lena albam McGlynn’s Fancy, a eisíodh i 1979, an chéad albam riamh inar chualathas ríleanna agus poirt thraidisiúnta á seinm ar an ghiotár.

Áirítear é i measc na dtionlacaithe ab fhearr i saol an cheoil thraidisiúnta agus é le cloisteáil ar mhórthaifeadtaí le leithéidí Liam O’Flynn, Christy Moore, Dónal Lunny, De Dannan, Planxty, Van Morrison, Four Men and A Dog  agus Frances Black.

Bhí Arty McGlynn ina bhall den ghrúpa Patrick Street, in éineacht le Kevin Burke (The Bothy Band), Jackie Daly (De Danann) agus Andy Irvine (Planxty).

Rugadh Arty McGlynn i 1944 ar an Ómaigh i dTír Eoghain. Ba theaghlach ceolmhar iad muintir McGlynn agus bhí siad rannpháirteach i saol an cheoil ar an bhaile. Thosaigh sé amach ar an bhocsa ceoil sular bhfuair sé a chéad ghiotár agus é 11 bliain d’aois. Bhí an-chumas ann mar shnagcheoltóir chomh maith.

Thóg Arty McGlynn an ceol leis isteach ina shaol pósta le Nollaig Ní Chathasaigh, fidléir aitheanta í féin as Iarthar Chorcaí. Tá siad beirt le cloisteáil ar na taifeadtaí ‘Lead the Knave’ agus ‘Causeway’, chomh maith le fuaimrianta scannáin amhail ‘Moondance’ agus ‘Hear My Song’.

Bronnadh Gradam Saoil TG4 ar Arty McGlynn in 2016 agus Mórghradam Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann in 2012.

Maireann a bhean Nollaig Ní Chathasaigh, a mbeirt iníonacha agus a dtriúr mac.

Tá teachtaireachtaí go leor á scaipeadh in ómós don cheoltóir mór le rá.

Fág freagra ar '‘Draoi ar an ghiotár’ – laoch an cheoil Arty McGlynn ar shlí na fírinne'