Drámaíocht na nGaeilge fágtha i ‘ndroch-chaoi’ dar le stiúrthóir nua na Taibhdheirce

Dúirt Darach Ó Tuairisg, bainisteoir agus bunaitheoir Fíbín, gur mhaith leis go mbeadh compántas lánaimseartha aisteoirí sa Taibhdhearc 

Drámaíocht na nGaeilge fágtha i ‘ndroch-chaoi’ dar le stiúrthóir nua na Taibhdheirce

Deir stiúrthóir nua na Taibhdheirce go bhfuil sé i gceist aige dul i ngleic leis an ‘droch-chaoi’ atá ar dhrámaíocht na Gaeilge a réiteach.

Fógraíodh an tseachtain seo go raibh stiúir glactha ag Fíbín ar An Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. 

Dúirt Darach Ó Tuairisg, bainisteoir agus bunaitheoir an chomhlachta drámaíochta Gaeltachta, go raibh sé ag iarraidh “borradh” a chur faoin tionscal agus postanna lánaimseartha a chruthú do lucht amharclannaíochta na Gaeilge.

“Dar linn, tá drámaíocht na Gaeilge fágtha i ndroch-chaoi faoi láthair. Tá An Taibhdhearc agus Fíbín ag cur a gcuid acmhainní le chéile chun borradh a chur faoi sin,” a dúirt Ó Tuairisg Nuacht TG4.

“Tá sé i gceist againn oiliúint a chur ar aisteoirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí agus teicneoirí le Gaeilge chun drámaíocht na Gaeilge a thabhairt chun cinn. Tá súil againn théis tréimhse trí bliana go mbeidh sí fágtha le stádas i bhfad níos láidre ná mar atá aici anois.”

Dúirt Ó Tuairisg go raibh sé i gceist ag Fíbín freisin compántas aisteoirí a fhostú chun go mbeifí in ann léiriúcháin stáitse a reáchtáil ó cheann ceann na bliana.

“Tá súil againn i gceann bliana nó dhó go mbeidh muid in ann ensemble aisteoirí a chur le chéile, díreach mar a bhí in Amharclann na Mainistreach fadó leis na Abbey Players. Go mbeadh postanna lánaimseartha ar fáil ag aisteoirí agus ag ealaíontóirí, go mbeadh rud eicínt seasmhach acu. Tá sé i gceist againn clár iomláin a chur ar siúl ar feadh na bliana.”

Dúirt Ó Tuairisg go raibh sé dóchasach go mbeifí in ann An Taibhdhearc a athoscailt roimh dheireadh na bliana seo nó ar a dhéanaí sa chéad ráithe de 2022.

Chuir Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce, Deirbhile Ní Churraighín, fáilte roimh theacht Fíbín agus dúirt sí go rabhthas ag iarraidh go mbeadh an amharclann mar “hub cultúrtha na Gaeilge.”

Dúirt Ní Churraighín go raibh súil aici go mbeidh leithéidí Aisteoirí Ghaoth Dobhair, Aisteoirí Bhréanainn agus Aisteoirí an Spidéil in ann teacht go cathair na Gaillimhe chun léiriúcháin a chur ar bun agus go mbeadh spás ann freisin d’fhilí, scríbhneoirí, damhsóirí agus ealaíontóirí eile.

“Beidh brí agus beocht san áit nach raibh ann le blianta,” a dúirt Ní Churraighín.

Tá stiúir glactha ag Fíbín ar An Taibhdhearc don chéad trí bliana eile. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuireann maoiniú bliantúil ar fáil don amharclann.

Fág freagra ar 'Drámaíocht na nGaeilge fágtha i ‘ndroch-chaoi’ dar le stiúrthóir nua na Taibhdheirce'