Dráma raidió ‘Cré na Cille’ le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Is é an file agus an scríbhneoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha a chóirigh an leagan raidió agus ba é Maidhc P. Ó Conaola a léirigh an dráma a craoladh den chéad uair i 1973

Dráma raidió ‘Cré na Cille’ le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Craolfar leagan speisialta de Cré na Cille, mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as seo go deireadh na bliana.

Tá leagan raidió, a taifeadadh i 1973, le craoladh mar chuid de ‘Bhliain an Chadhnaigh 2020’, comóradh caoga bliain ó bhásaigh an Cadhnach.

Is é an file agus an scríbhneoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha a chóirigh an leagan raidió agus ba é Maidhc P. Ó Conaola a léirigh an dráma.

Ní raibh Raidió na Gaeltachta fiú bliain ar an bhfód nuair a tugadh faoin dúshlán dráma raidió a dhéanamh as an úrscéal cáiliúil.

“Ní raibh ach trealamh craolta agus taifeadta sách bunúsach ag an Raidió ag an am, agus bhí áiseanna stiúideo gann, ach mar sin féin d’éirigh leo an cliar de mhórdhosaen aisteoirí a thabhairt le chéile chuile dheireadh seachtaine ar feadh leathbhliana gan teip, éacht nach beag, chun an dráma a thaifeadadh,” a dúirt Raidió na Gaeltachta.

Cúig dhuine is fiche uile a ghlac páirt sa dráma – Winnie Mhaitias Uí Dhuilearga, Bríd Ní Choisdealbha, Tom Sailí Ó Flaithearta, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Tomás Ó Conaire, Mícheál Mac Con Iomaire, Tomás Ó Mainnín, Diarmuid Mac an Adhastair, Joe Steve Ó Neachtain agus an file Máirtín Ó Díreáin, a bhí i bpáirt Stoc na Cille don dara leath den tsraith, ina measc

Beidh an dráma le cloisteáil gach Luan agus Máirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2.05 pm – 3 pm go dtí deireadh na bliana, ag tosú ar an 16 Samhain.

Foilsíodh an t-úrscéal Cré na Cille ina mhíreanna ar Scéala Éireann sa bhliain 1949 ach níor tháinig sé ar an saol i bhfoirm leabhair go dtí an 10 Márta 1950.

Foilsíodh le cúpla bliain anuas leaganacha Rúisise, Tamailise, Ollainnise, Seicise, Gearmáinise agus Béarla den saothar.

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht go mbeadh Cré na Cille ar fáil in os cionn scór teangacha faoin mbliain 2025. Sa Ghréigis a bheas an chéad leagan eile de á fhoilsiú agus súil ann go mbeidh an leagan sin réidh roimh an bhfómhar seo chugainn.

Fág freagra ar 'Dráma raidió ‘Cré na Cille’ le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta'

  • Éamonn Ó Floinn

    Bheadh sé go deas an scannán iontach a fheiceáil ar TG4. Scannán Gaelach mar athrú.

  • Sinéad

    Go deimhin, táim ag teacht go hiomlán leat a Éamoinn, a chara.