Dráma nua Noel Uí Ghallchóir faoin bPiarsach sa Taibhdhearc

Léireofar dráma nua le Noel Ó Gallchóir faoin bPiarsach agus Éirí Amach na Cásca i dTaibhdhearc na Gaillimhe inniu agus cuirfear deireadh ar an gCeathrú Rua amárach leis an gcamchuairt atá ar siúl ag Fíbín faoi láthair - ‘Mac Piarais i bPictiúir’

Noel Ó Gallchóír
Noel Ó Gallchóír

Léireofar dráma nua le Noel Ó Gallchóir faoin bPiarsach agus Éirí Amach na Cásca i dTaibhdhearc na Gaillimhe inniu.

Beidh cuid de na píosaí Gaeilge is fearr a scríobh an Piarsach á léiriú go drámata ar an ardán, ina measc sin a chuid dánta ‘Fornocht do chonac thú’ agus ‘Brón ar an mBás’ chomh maith lena chuid gearrscéalta ‘Íosagán’ agus ‘Eoghainín na nÉan’. Beidh na píosaí litríochta seo, agus píosaí eile nach iad, á gcur i láthair mar dhráma aonair.

Dúirt Ó Gallchóir gur léiriú “paiseanta macánta neamhbhalbh” a bheidh anseo ar an bPiarsach ina nochtfar “clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana”.

“Déanfar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, cuirfear deireadh ar an gCeathrú Rua amárach leis an gcamchuairt atá ar siúl ag Fíbín faoi láthair. Beidh ‘Mac Piarais i bPictiúir’ á thaispeáint sa Chrompán anocht agus amárach.

Is iad Harry agus Dara McGee, beirt deartháireacha, a scríobh agus a leag amach an léiriú seo do chomóradh an Éirí Amach. Beidh an seó á thabhairt go Meiriceá an mhí seo chugainn freisin.

MAC PIARAIS ÍOMHÁ POIBLÍOCHTA copy

Fág freagra ar 'Dráma nua Noel Uí Ghallchóir faoin bPiarsach sa Taibhdhearc'