Dráma Gaeilge le léiriú ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach den chéad uair le 25 bliain

Tuigtear gur an bhliain seo chugainn a bheidh ‘BAOITE’ le Darach Mac Con Iomaire á léiriú ag An Taibhdhearc ar phríomhstáitse na hamharclainne náisiúnta, an chéad dráma Gaeilge do dhaoine fásta le bheith ar an stáitse sin le blianta fada

Dráma Gaeilge le léiriú ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach den chéad uair le 25 bliain

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist dráma Gaeilge a léiriú ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach den chéad uair le breis is 25 bliain.

Amharclann na Mainistreach féin a choimisiúnaigh an dráma ‘BAOITE’ le Darach Mac Con Iomaire agus Taibhdhearc na Gaillimhe a bheidh á léiriú.

Tuigtear gur an bhliain seo chugainn a bheidh ‘BAOITE’ ar phríomhstáitse na hamharclainne náisiúnta, ach beidh sé le feiceáil roimhe sin in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, agus é á léiriú sa Taibhdhearc i mí Iúil mar chuid d’Fhéile Ealaíne Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

Scéinséir comhaimseartha é ‘BAOITE’ faoi lánúin atá sáite in agóid in aghaidh comhlachta idirnáisiúnta fracála mara.

Scríbhneoir agus stiúrthóir gradamúil é Darach Mac Con Iomaire agus i measc na saothar leis tá Corp + Anam, an scéinséir dlí a scríobh sé agus a stiúraigh sé do TG4.

Is fada scríbhneoirí agus lucht amharclannaíochta na Gaeilge ag cásamh a laghad béime a bhíonn ag Amharclann na Mainistreach ar an teanga agus thart 25  bliain ann ó bhí dráma Gaeilge ar phríomhstáitse na hamharclainne.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán,  le Tuairisc.ie le déanaí nach léir di go bhfuil Amharclann na Mainistreach ar an eolas fiú faoi “réimse a gcláir oibre” i dtaobh na Gaeilge.

Gealltar i ráiteas misin Amharclann na Mainistreach go n-inseofar scéal na hÉireann sa dá theanga oifigiúil – “to lead in the telling of the whole Irish story, in English and in Irish”.

Níor léirigh Amharclann na Mainistreach aon dráma Gaeilge do dhaoine fásta le blianta fada agus níl aon dráma Gaeilge ar chlár na bliana seo ag an amharclann ach oiread. Bhí An Filleadh, dráma le Gaelscoil an Phiarsaigh, a scríobh Alan Titley agus a stiúraigh Rachel Ní Fhionnáin, ar phríomhstáitse na hamharclainne in 2016 mar chuid de chomóradh Sheachtain na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca.

Léiríodh dhá dhráma Gaeilge ar stáitse na Péacóige, dara stáitse Amharclann na Mainistreach, le seacht mbliana anuas, ach léirithe le comhlachtaí eile a bhí iontu sin nach raibh aon bhaint ag an amharclann náisiúnta féin leo.

Bhí an cheist seo faoin easpa drámaí Gaeilge san amharclann náisiúnta go mór i mbéal an phobail nuair a fógraíodh clár na hamharclainne do bhliain chomórtha Éirí Amach na Cásca 1916 agus gan oiread is dráma Gaeilge amháin ann.

Dúirt Fiach Mac Conghail, iar-stiúrthóir ealaíne na hamharclainne, ag deireadh 2015, go raibh ‘náire’ air nár cuireadh aon dráma Gaeilge ar stáitse le linn a thréimhse in Amharclann na Mainistreach, ach dúirt sé nár aimsigh sé dráma ar mhaith leis a dhéanamh nó a “d’fheil don séasúr” ó ceapadh ina stiúrthóir é os cionn deich mbliana roimhe sin.

Sular éirigh sé as mar stiúrthóir, choimisiúnaigh Mac Conghail dráma ó Dharach Mac Con Iomaire agus is cosúil go mbeidh toradh an choimisiúnaithe sin le feiceáil an samhradh seo sa Taibhdhearc agus in Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Dráma Gaeilge le léiriú ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach den chéad uair le 25 bliain'

  • Anne McCabe

    A Chomrádaí

    Is mise iar- Stiúrthóir Ealaíon na Taibhdheirce agus ba mhaith liom dhá firicí a chuir ar an taifead:
    -mise a thug an dráma, ‘Fornocht do Chonac’ chuig amharclann na Péacóige 1 2016, faoi ré Fhiach Mac Chonghail. So, bhí Dráma Gaeilge ar siúl san amharclann náisiúnta, léirithe agus maoinithe ag an amharclann náisiúnta Gaeilge, An Taibhdhearc
    -is mise a rinne an coimisiúnú ar ‘BAOITE’ agus a d’obair le Darach ar an fhorbairt, le linn comh-comisiúin leis an roinn liteartha in amharclann na Mainistreach. Mise a shocraigh an coimisiún sin, agus a chuir ar ar clár ealaíona na Taibhdheirce é!
    In ainneoinn go bhfuil mé imithe as an phost sin, beidh rian mo chuid oibre le feiceáil le trí bliain le teacht.
    Bígí féaráilte le bhur dtoil!!
    Is mise, Anne McCabe

  • Seán

    Chaith An Taibhdhearc sách dona le Anne McCabe agus ní bheidh aon rath air go nathróidh siad an Bord Stiúrtha ach is dócha nach ndéanfar sin ar fhaitíos go néiródh leis !

  • Seán

    Go deimhin chaith an Taibhdhearc sách dona le Darach Mac Con Iomaire freisin.