Dráma Gaeilge in Amharclann na Mainistreach anocht

Léiriú de chuid na Taibhdheirce agus Amharclann na Mainistreach é Baoite le Darach Mac Con Iomaire

Dráma Gaeilge in Amharclann na Mainistreach anocht

Cuirfear tús anocht ar stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach le seachtain léirithe den dráma Gaeilge BAOITE le Darach Mac Con Iomaire.

Léiriú de chuid na Taibhdheirce agus Amharclann na Mainistreach é Baoite ar cuireadh ar stáitse den chéad uair é anuraidh ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Tugadh ardmholadh don scéinséir comhaimseartha faoi lánúin Ghaeltachta atá sáite in agóid in aghaidh comhlacht idirnáisiúnta fracála agus an rud is annamh is iontach beidh deis anois ag lucht na hardchathrach dráma Gaeilge nuascríofa a fheiceáil in amharclann náisiúnta na tíre.

Is iad Macdara Ó Fátharta, Diarmuid De Faoite, Sorcha Ní Chéide agus Eoin Ó Dubhghaill na haisteoirí sa dráma a bhfuil ceol nua cumtha dó agus é á chasadh beo ag Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide. Is é an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta atá i mbun dearaidh.

Réamhléiriú saor in aisce a bheidh anocht ann agus beidh an oscailt oifigiúil ann Dé Luain. Beidh an dráma á léiriú go dtí an Satharn an 25 Bealtaine, lá a mbeidh seó breise san iarnóin ann.

Is féidir ticéad a fháil anseo do Baoite

Fág freagra ar 'Dráma Gaeilge in Amharclann na Mainistreach anocht'

  • Daithí Mac Giobúin

    D’fhreastal mé air le mo trí mhac. Iontach. B’fhiú é i dteanga ar bith ach go háirithe san gaeilge.

  • Cluain Sceach

    Bhí an tigh lán dé Sathairn!