Dráma faoi chás íospartach Uí Lubhlaí ag teacht chun na Taibhdheirce

Dúirt an drámadóir Jack Harte go bhfuil ‘ríméad’ air an dráma a thabhairt go contae na Gaillimhe, mar gur i gConamara a tharla na heachtraí a dtagraítear dóibh sa dráma

Jack Harte
An drámadóir Jack Harte

Tá dráma faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí ar camchuairt timpeall na tíre faoi láthair.

Pléann Language of the Mute le Jack Harte le cás Dhomhnaill Uí Lubhlaí agus an chaoi ar láimhseáil an Stát an 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhuachaillí óga. 

Léiríodh Language of the Mute den chéad uair i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa na bliana seo caite.

Dúirt Jack Harte go bhfuil “ríméad” air an dráma a thabhairt go contae na Gaillimhe, mar gur i gConamara a tharla na heachtraí a dtagraítear dóibh sa dráma. Bhí sé sásta freisin go mbeadh an dráma sa Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, mar gheall ar an mbaint atá ag saol na Gaeilge leis an scéal.

Scríbhneoir agus drámadóir is ea Jack Harte a rugadh i gCo Shligigh. Tógadh i Longfort é ach ba i mBaile Átha Cliath a chuir sé aithne ar Dhomhnall Ó Lubhlaí, agus é ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge in iarthar na cathrach.

“Nuair a bhí mé ag breathnú ar na cláracha nuachta ar TG4, bhain siad siar asam. Ba iarscoláirí liomsa iad beirt de na fir agus an chéad cheist a bhí agam ná ‘cén fáth nár thug mé aon rud faoi ndeara? Cén chaoi a raibh sé in ann na rudaí sin a dhéanamh i ngan a fhios dúinn?” a dúirt Harte le Tuairisc.ie.

Mar scríbhneoir, theastaigh ó Harte na ceisteanna sin a chur chun “tuiscint níos doimhne” a fháil ar an scéal agus chun “tuiscint níos fearr a thabhairt don phobal” air.

Bunaithe ar Dhomhnall Ó Lubhlaí, a ndearnadh líomhaintí faoi gur bhain sé mí-úsáid gnéis as buachaillí óga, atá príomhcharachtar an dráma ‘Donie’.

Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí ariamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.

Cuireadh 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht. Maíodh gur tharla na hionsaithe seo thar thréimhse 30 bliain.

Thit an triail as a chéile de bharr moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí.

Bhásaigh Domhnall Ó Lubhlaí i Márta 2013 agus go luath ina dhiaidh sin, labhair cuid dá chuid íospartach go cróga leis an tuairisceoir Sorcha Ní Mhonacháin ó Nuacht TG4 faoinar fhulaing siad.

Bhí cuid de na híospartaigh sin i láthair ag an gcéad léiriú den dráma anuraidh. Dúirt duine amháin acu, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge Liam Ó Maolaodha, go raibh sé “an-tógtha” leis an léiriú agus cé go bhfuair sé “deacair” é breathnú air in amanta, bhí sé sásta go ndeachaigh sé ann.

Is iad Parthalonians Theatre Productions atá i mbun an léirithe is déanaí seo agus is é Liam Halligan atá ar an stiúir.

10 Bealtaine – Civic Theatre, Tamhlacht

11 Bealtaine – Hawk’s Well Theatre, Sligeach 

12 Bealtaine – Backstage Theatre, An Longfort

13 Bealtaine – Roscommon Arts Centre – Ros Comáin

14 Bealtaine – An Taibhdhearc, Gaillimh

Fág freagra ar 'Dráma faoi chás íospartach Uí Lubhlaí ag teacht chun na Taibhdheirce'