Draíocht na mbróg!

Cé mhéad péire bróg a ba cheart a bheith ag duine? Cén uair is féidir leat a rá go bhfuil ‘an iomarca’ bróg agat? Sin cuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe ag ár gcomhfhreagraí faisin an tseachtain seo

Pic Bróga 1

In aimsir mo mhamónna, bhí an t-ádh ar dhaoine dhá phéire bróg a bheith acu – péire amháin do laethanta na seachtaine agus péire níos fearr agus níos faiseanta don Domhnach. Nuair a bhíodar beirt óg ba mhinic nach mbíodh aon bhróga ar phaistí ag dul ar scoil mar nárbh acmhainn do theaghlaigh iad a cheannach. Ba mhór idir sin agus scéal Cinderella agus a slipéar bróga draíochta gloine! Agus is mó fós idir na laethanta sin agus domhan an fhaisin agus na stíle inniu.

Nach í Marilyn Monroe a dúirt “Give a girl the right shoes, and she can conquer the world!”

Maítear go raibh 3,000 péire bróg ag Imedla Marcos – bean chéile Iar-Uachtarán na nOileán Fhilipíneacha, Ferdinand Marcos – nuair a cuireadh deireadh lena réimeas ceannais ansin. Dúirt sí féin gur áibhéil a bhí ansin agus nach raibh aici i ndáiríre ach 1,060 péire. Tá cuid de na bróga sin ar taispeáint i músaem náisiúnta na tíre sin anois.

I gcás cúirte i Meiriceá dhá bhliain ó shin, d’éiligh infheisteoir saibhir go bhfaigheadh sé seilbh ar an tríú cuid de bhailiúchán bróg a bhean chéile ar bhfiú $1m. dollar iad. I measc an 1,200 péire a bhí aici, bhí 700 leis an dearthóir cáiliúil Christian Louboutins.

Pic Bróga 2Bheadh ar a laghad €600 ar an chuid is saoire de bhróga Louboutins lena gcuid boinn cáiliúla dearga – tá 6,000 péire au seo bailithe ag an úrscéalaí Danielle Steele! Agus dá mba é mian do chroí bróga de chuid an dearthóra Jimmy Choo a fháil, níorbh bhfiú breathnú mura mbeadh ar a laghad €400 le caitheamh agat. Níl aon teorainn leis an uasphraghas.

Is léir go bhfuil daoine ann nach miste leo an cineáil sin airgid a chaitheamh ach tá an chuid is mó againn níos ciallmhara – agus níos boichte – ná sin.

Rinneadh suirbhé faoina gcuid bróg ar bhreis agus 2,000 bean i Meiriceá tamall ó shin.

Ar an meán, 20 péire an duine a bhí acu ach níor bhaineadar úsáid an-rialta ach as 5 phéire acu sin. Bhí na cinn eile fágtha ar leataobh acu mar go raibh siad míchompordach, róchúng nó ró-ard (64%), go raibh siad deacair le meaitseáil le héadach ar leith (55%), go raibh faitíos damáiste a dhéanamh dóibh nó go raibh siad róchostasach (41%), gur mar bhronntanais a fuaireadar iad agus níor thaitin said leo (37%) agus mar nach raibh leath oiread dúil acu iontu nuair a d’fhill siad ón siopadóireacht (21%).

Déarfainn gur beag bean Éireannach nach bhfuil bróga againn nach gcaitheann muid ar na cúiseanna céanna.

Fós féin, santaíonn muid cinn nua nuair atá muid ag siopadóireacht. Meallann siad muid lena n-áilleacht agus lena ndraíocht.  Nach suimiúil gur ‘bróga’ nó ‘buataisí’ a thug 7 as an 10 daoine a bhí faoi agallamh don cholún Barr Smaise ar an suíomh seo mar fhreagra ar an gceist faoi céard a cheannóidís dá mbeadh an sparán lán acu? Agus ní mná amháin a bhí i gceist ansin.

Ar ndóigh, tá a gcuid rialacha féin ag baint le bróga; tuigimid ar fad go bhfuil bróga ann – maidir le stíl, dath, airde nó eile – nach bhféadfaí a chaitheamh le feisteas ar leith. Tá na rialacha sin chomh casta le rialacha gramadaí ar bith ach bíonn tuairim i gcroí gach bean nuair atá bróg éigin ‘ceart’ agus ceann eile ‘mícheart’ le héadach ar leith.

Maireann ár ngrá do bhróga – cuireann siad áilleacht ar ár gcroíthe.  An dearthóir Meiriceánach Kenneth Cole a dúirt; “The average woman falls in love seven times a year. Only six are with shoes.”

Fág freagra ar 'Draíocht na mbróg!'