Draíocht is fiántas Shane MacGowan in aon saothar amháin

Saothar greannmhar, truamhéalach a thugann cuntas ar fhear clampair, file punc is ceoltóir ar leith

Draíocht is fiántas Shane MacGowan in aon saothar amháin

Crock of Gold: A Few Rounds with Shane MacGowan
Stiúrthóir: Julien Temple

“Táimid níos fearr nuair atáimid sóbráilte ach níl an chraic chéanna ag baint leis; dá bharr téimid ar an ól.”

Sin a bhfuil le rá ag Shane MacGowan in ábhar cartlainne ag pointe amháin san fhadscannán faisnéise Crock of Gold: A Few Rounds with Shane MacGowan. Tugann an ráiteas sin ann féin léargas ar dhraíocht cheoil MacGowan agus na Pogues mar aon le héachtaint a thabhairt ar an saol fiáin a chaith sé.

Tá taithí ag Julien Temple a bheith ag tabhairt cuntas ar ealaíontóirí ar leith is saothair déanta aige faoi The Sex Pistols, The Clash, agus Dr. Feelgood. B’éigean dó leas a bhaint as an taithí sin go léir agus cumas mínádúrtha agus saol fiáin Shane MacGowan idir lámha aige.

I gcaitheamh an scannáin léirítear an nasc láidir atá ag MacGowan leis an bhfód dúchais i dTiobraid Árann. Is ann a chaith sé a luathbhlianta agus chuaigh a mhuintir, an pobal, mar aon le meon agus cultúr an cheantair i bhfeidhm go mór air. Is léir gur dream iontu féin ba ea a mhuintir.  Ghineadar dílseacht don Phoblachtánachas ann mar aon le dúil sa cheol is na hamhráin agus, ar an drochuair, dúil sa deoch. Gan amhras, agus faoi mar a léirítear go minic i rith an tsaothair, ní shamhlaítear do Shane gur drochbhéas é dúil sa deoch.

B’éigean dá mhuintir an bád bán a thabhairt orthu féin nuair a bhí Shane sé bliana d’aois, ach d’fhág Éire lorg ar a chroí is a shamhlaíocht a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Cé go bhfuil sé breis agus trí scór bliain d’aois faoin tráth seo, agus iontas ar mhórán go bhfuil sé fós beo, tá dearcadh rómánsach aige faoi Éirinn i gcónaí. Mil ar chuiseog i ngach a bhfuil abhus mar aon le seasamh láidir Poblachtánach agus lé leis an gCaitliceachas.

Tá MacGowan i gcathaoir rothaí inniu agus ar uairibh mheasas gur ar éigean go bhfuil sé in ann cúpla abairt a chur le chéile. Ina dhiaidh sin féin tá sé in ann “asshole” a thabhairt ar Bob Geldof agus “fucking scumbags” a thabhairt ar na Dúchrónaigh.

Óir gur agallaí drogallach, ciotrúnta é déantar a chairde Bobby Gillespie, Johnny Depp (a dhein an saothar a mhaoiniú) agus Gerry Adams a earcú le hiarracht a dhéanamh caint a shniogadh as. Sé Gerry is mó a thagann timpeall air. Ina dhiaidh sin bhí formhór na míreanna seo stadach agus liobarnach.

Dá bharr tá ar Temple dul i muinín ábhar cartlainne le léargas pearsanta MacGowan a fháil ar a shaol is a shaothar. Aimsíodh ábhar cartlainne nár craoladh cheana agus déantar sin a chniotáil le hábhar físe a mhuintire, míreanna athchruthaithe agus beochan shamhlaíoch fhiáin. Ní chuirtear aon duine eile faoi agallamh don chlár seachas athair Shane, Maurice agus a dheirfiúr Siobhán.

Labhraíonn Siobhán go hionraic deisbhéalach. Is léir a grá agus a meas dá deartháir gurbh éigean di é a chur ag aonad síciatrach sna hochtóidí. Tagann meabhairshláinte Shane go barr uisce go minic is é féin ag admháil go raibh cliseadh néarógach aige go minic. É sin ar fad agus an dúil sa ragairne agus sa chlampar.

Ina ainneoin sin ar fad an rud is mó a fhanann tar éis féachaint ar an scannán ná cumas diamhair cumadóireachta an fhir seo.  B’éan corr é i Sasana agus é sáinnithe idir dhá shaol agus idir dhá chultúr. Nuair a smaoiníonn tú air sin agus ar shochaí choimeádach ghruama fhrith-Éireannach na n-ochtóidí tá draíocht faoi leith ag baint le cumadóireacht MacGowan agus taispeántais fhiáine The Pogues, nó Pougue Mahone faoi mar a bhaist siad orthu féin i dtosach.

Éist arís le filíocht, comhbhá agus léargas The Old Main Drag, A Pair of Brown Eyes agus A Rainy Night in Soho. Ní haon iontas go ndeir sé féin gur chuir Dia (gur Éireannach é) ar an saol seo é leis an gceol Éireannach a tharrtháil. Gan amhras tugtar aird faoi leith ar Fairytale of New York, amhrán nach bhfuil an fear féin chomh tógtha sin leis, a deir sé.

Saothar greannmhar truamhéalach a thugann cuntas ar fhear clampair, file punc agus ceoltóir ar leith. Is fíor a rá nach mbeidh a leithéid arís ann.

Fág freagra ar 'Draíocht is fiántas Shane MacGowan in aon saothar amháin'