Dóthain ceachtanna foghlamtha ag Cúige Laighean

Tá Cúige Laighean ag taisteal go hAlbain arís inniu, ba cheart go mbeadh Cúige Mumhan róláidir do na Dragons agus tá an t-ádh ar Phat Lam gur i gcoinne Zebre atá na Connachtaigh

Dóthain ceachtanna foghlamtha ag Cúige Laighean

Bainisteoir Chúige Laighean, Leo Cullen. INPHO/Ryan Byrne

Seans gurb é an ceacht a fhoghlaimítear de bharr botúin an ceacht is fearr ar fad. Sin díreach a tharla d’ógánach nua Laighean, Joey Carbury, an Satharn seo caite. Go dtí go ndearna Joey bocht botún lena phas ag tús an dara leath i gcoinne Ghlaschú, bhí a cháil ag dul i méid ag leibhéal domhanda agus gan ach cluiche go leith imeartha aige dá chúige.

Ach lig an pas sin Glaschú ar ais sa gcluiche agus níor stop siad go raibh bua le cúig úd agus cúig phointe slán sa mála acu.

Ba mheasa ná sin fiú an scéal do na Laighnigh!

Theip orthu pointí bónais cailliúna a aimsiú don dara deireadh seachtaine as a chéile. Tá siad ag taisteal ar ais arís go hAlbain, iad ag tabhairt faoi Dhún Éideann an Aoine seo, foireann a bhuaigh sa mbaile an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhí siad i gcoinne na Scarlets ach a chaill i mBabhta 1, rud a fhágann sa seachtú háit ar an tábla iad díreach taobh thiar de Chúige Laighean atá sa séú háit.

Tá Heaslip, Toner, agus Cronin ar ais don chluiche seo agus tá Carbury ag fáil a thríú seans ag tosú mar leathchúl amuigh. Is deacair dá bhrí sin bua a thuar d’fhir an bhaile.

I mBéal Feirste a bheas Cúige Uladh an Aoine seo agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Scarlets na Breataine Bige. Tá seacht n-áit ar an tábla idir an dá fhoireann seo, Cúige Uladh sa dara háit le dhá bhua as dhá chluiche agus na Scarlets sa deichiú háit.

Beidh na cuairteoirí sa tóir ar a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo ach ní dóigh go mbeidh siad in ann é a aimsiú an Aoine seo.

As baile den chéad uair i bPro 12 na bliana seo atá na Connachtaigh, iad ar íochtar an tábla gan oiread agus pointe amháin féin aimsithe acu fós. Ní gá mórán a rá faoin dá chluiche a d’imir siad go dtí seo, seachas gur éirigh leis an bhfreasúra 73 pointe a aimsiú ina gcoinne – mo dhóthain ráite!

Tá an t-ádh ar Phat Lam gur i gcoinne Zebre na hIodáile atá siad. Seo é an deis is fearr a bheas ag na Connachtaigh rudaí a chur ina gceart. Má theipeann orthu arís an deireadh seachtaine seo is deacair áit i measc na sé fhoireann a bheas ar bharr an tábla ag deireadh an tséasúir a thuar dóibh.

Sa mBreatain Bheag, i gcoinne na Dragons a bheas na Muimhnigh, iad thar a bheith díomách gur chlis orthu sa mbaile an Aoine seo caite. Bhí bua sa mbaile ag na Dragons an deireadh seachtaine seo caite ach ba i gcoinne Zebre a bhí siad. Seans gur tástáil de chineál eile ar fad a bheas á fáil acu ó na Muimhnigh, iadsan ar thóir bua eile as baile le cur leis an gcéad bhua a fuair iad ar na Scarlets i mBabhta 1. Ba cheart go mbeadh Cúige Mumhan róláidir do na Dragons ach sin a cheap muid roimh chluiche na hAoine seo caite agus iad sa mbaile i gcoinne Caerdydd.

Fág freagra ar 'Dóthain ceachtanna foghlamtha ag Cúige Laighean'