‘D’oscail an Ghaeilge doirse dom…’ – Caitlín Nic Aoidh ceaptha mar ambasadóir teanga ina ceantar dúchais

D’fhógair Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go bhfuil an láithreoir teilifíse aitheanta de chuid TG4 Caitlín Nic Aoidh le bheith ina hAmbasadóir na Gaeilge don cheantar

‘D’oscail an Ghaeilge doirse dom…’ – Caitlín Nic Aoidh ceaptha mar ambasadóir teanga ina ceantar dúchais

Tá sé fógartha ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go bhfuil an láithreoir teilifíse aitheanta de chuid TG4 Caitlín Nic Aoidh le bheith ina hAmbasadóir na Gaeilge don cheantar.

Dúradh go mbeadh Nic Aoidh, arb as an tSeanbhaile i gCloich Cheann Fhaola di, “lánghníomhach sna hiarrachtaí atá ar bun sa cheantar an Ghaeilge a neartú”.  Dúradh go dtabharfadh an láithreoir teilifíse tacaíocht d’eagraíochtaí agus d’ócáidí sa cheantar agus go gcabhródh sí le daoine a chur ar an eolas faoin  bpleanáil teanga le “tábhacht na Gaeilge a chur in iúl”.

Dúirt an láithreoir teilifíse gur “cúis bhróid agus áthais” a bheith ar an chéad ambasadóir Gaeilge do Chloich Cheann Fhaola, a háit dhúchais.

“Tá clú agus cáil ar Chloich Cheannfhaola mar phobal láidir Gaeilge, áit a dtagann na céadta dalta agus ábhar múinteoirí chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Leis an fheachtas atá ar bun cinnteoidh seo nach dtiocfaidh laigeacht ar bith ar an saibhreas teanga agus an Ghaeilge cheolmhar a bronnadh orainn óna glúnta.

“Cé nach bhfuil cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta chomh láidir agus ba mhian linn, tá teanga, oidhreacht agus cultúr thar na bearta againn sa pharóiste croíúil seo. Ardaíonn sé mo chroí nach bhfuil meath tagtha ar fhlúirseacht, nathanna agus stór cainte na ndaoine i gCloich Cheannfhaola. D’oscail an Ghaeilge doirse dom agus tugann sí m’fhéiniúlacht dom. Bíonn lúcháir agus bród orm canúint Chloich Cheannfhaola a chur chun tosaigh,” a dúirt Caitlín Nic Aoidh.

 

Cuirfear Nic Aoidh, i láthair go hoifigiúil mar Ambasadóir na Gaeilge sa cheantar ag ócáid in Óstán Loch Altan, Gort an Choirce ar an 19 Deireadh Fómhair, nuair a sheolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Joe Mc Hugh Plean Teanga Cloich Cheann Fhaola.

Dúirt Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go raibh “lúcháir” ar Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola faoin scéal go mbeadh Nic Aoidh ina hambasadóir don cheantar. 

“Is eiseamláir de Ghael óg comhaimseartha í Caitlín. Tá sí dílis don Ghaeltacht agus don chultúr inar fáisceadh í agus do cheantar Chloich Cheann Fhaola. Ach, tá sí oscailte don domhan mór agus tionchar aici ar shaol comhaimseartha na tíre. Ar bhun pearsanta, is duine éirimiúil í le fealsúnacht, fís agus tuairimí láidre, spéisiúla. Is duine í a théann go mór i bhfeidhm ar dhaoine eile. Beidh sí iontach sa ról,” arsa Micheál Mac Aoidh.

Fág freagra ar '‘D’oscail an Ghaeilge doirse dom…’ – Caitlín Nic Aoidh ceaptha mar ambasadóir teanga ina ceantar dúchais'

  • Carraig

    Ráiteas breá tathagach spridiúil tugtha ansin aici, nár laga Crom Dubh í agus go mbí an ghaoth ina seolta ina saol. Bíonn pearsa láidir éirimiúil mar í de dhíth ar chaon pharóiste sa tír. Agus sa Dáil. Cuimhnigh air a Chaitlín!

  • Pól Ó Braoin

    Conhghairdeas ó chroí le Caitlín…

  • Lillis Ó Laoire

    Cloich Cheannfhaola go brách!