Dornálaíocht, teaghlach agus pobal – scéal bhrionglóid Sheáin McComb umhal ionraic

Tá níos mó ná dornálaíocht i gceist leis an gclár faisnéise ar an láthair faoi Sheán McComb

Dornálaíocht, teaghlach agus pobal – scéal bhrionglóid Sheáin McComb umhal ionraic

I dtosach an chláir faisnéise (Ciotóg, TG4) tugadh go Béal Feirste na bliana 2019 sinn mar a raibh an dornálaí ó Iarthar na cathrach, Seán McComb, ar tí seasamh sa bhfáinne. Ní bhfuarthas an fear maith air go dtí sin ina ghairmréim phroifisiúnta agus cloígh sé a chéile comhraic gan dua. Ní haon iontas go bhfuil d’uaillmhian ag an bhfear óg seo, agus ag a bhfuil timpeall air, craobh an domhain a chrochadh leis.

Séard a bhí againn sa chlár faisnéise ar an láthair seo ná léargas ar shaol McComb is é ag iarraidh an bhrionglóid sin a fhíorú. Ní dornálaíocht amháin a bhí sa chlár uair an chloig seo ach scéal teaghlaigh agus pobail chomh maith. Tá an dornálaíocht de dhlúth is d’inneach mhuintir McComb. I radharc álainn amháin chonaiceamar Seán suite ar gcúits lena athair is é ag dul tríd na pictiúir dá mhac atá cnuasaithe aige. Dúirt sé go dtabharfadh sé do Sheán iad lá éigin agus beidh siúd in ann iad a thaispeáint dá chlann féin sula dtosóidh siad ag cruthú a gcuid pictiúr dornálaíochta féin.

Rugadh agus tógadh Seán i gceantar Lóistín na Móna in Iarthar Bhéal Feirste. Is léir go bhfuil nasc láidir ag Seán leis an bhfód dúchais agus an pobal. Tráchtadh ar an tráma a bhain leis na Trioblóidí agus cé go bhfuilimid i ré na síochána tá rian den tráma sin seolta ar aghaidh go glúin eile. Ceantar fé mhíbhuntáiste, ceantar ar deineadh neamhshuim de agus ar tugadh neamhaird air ar feadh na mblianta. Thrácht Seán féin go truacánta ar an bhféinmharú atá go rábach sa cheantar. Do labhair sé freisin faoi na batrálacha pionóis agus na heachtraí lámhaigh a tharlaíonn go fóill.

Bealach éalaithe is cosanta ón dearóil seo is ea an dornálaíocht. Tá cumann dornálaíochta Holy Trinity mar chrann taca ag an bpobal agus is ann a d’fhoghlaim sé a cheird. Ba dheas é Seán a fheiscint ag traenáil na ndornálaithe óga.

Fear caithiseach, umhal, ionraic é Seán. Fear atá teann as a dhúchas agus ag iarraidh barr a chumais a bhaint amach. Is léir an bród atá air nuair atá cluiche le himirt i bPáirc na bhFál.  Labhair sé go hionraic linn as Gaeilge ó thús deireadh. Tá ionchur breá as Gaeilge ó leithéid Órlaith Mhic Leannáin, Ciarán Mag Aoidh,  Aisling Reilly, Conall Ó Máirtín agus óna leathbhádóir Dearbhlá Ní Mhadáin. Tá ionchur leis ó Paddy Barnes, Danny Vaughan agus Pete Taylor.

Bhain formhór an chláir leis an mbliain 2019 agus tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin. Cuireadh saol an uile dhuine trí chéile, saol Sheáin chomh maith. Tá ciallachais ag briseadh bliana do dhuine spóirt ardfheidhmíochta; níl ach saolré áirithe acu. Gan amhras bhain casadh an Chovid barrthuisle as an gclár. Níor éirigh le Seán Craobh an Chomhlathais a thabhairt leis ach ag deireadh an chláir tugadh le fios dúinn gur éirigh leis Craobh na hEorpa a thabhairt leis in 2022 agus go bhfuil sé fós ag iarraidh a bhrionglóid a fhíorú.

Fág freagra ar 'Dornálaíocht, teaghlach agus pobal – scéal bhrionglóid Sheáin McComb umhal ionraic'