Tástáil drugaí teipthe ag an dornálaí Éireannach Michael O’Reilly

Theip i dtástáil drugaí ar an dornálaí Michael O’Reilly atá i Rio de Janeiro faoi láthair agus é ina bhall d’fhoireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha

Tástáil drugaí teipthe ag an dornálaí Éireannach Michael O’Reilly

Theip i dtástáil drugaí ar an dornálaí Michael O’Reilly atá i Rio de Janeiro faoi láthair agus é ina bhall d’fhoireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha. Thug an IABA, Cumann Dornálaíocht Amaitéarach na hÉireann, le fios chomh maith go raibh O’Reilly curtha ar fionraí go sealadach.

Thug an AIBA, Cumann Idirnáisiúnta na Dornálaíochta Amaitéaraí, le fios níos túisce tráthnóna gur cuireadh ar an eolas iad faoi dhornálaí fir as Éirinn a raibh toradh deimhneach ar thástáil a rinneadh air le haghaidh substaintí atá faoi chosc.

Ba in Éirinn a cuireadh an tástáil drugaí ar O’Reilly, atá 22 bliain d’aois agus a cháiligh do na Cluichí Oilimpeacha i ndiaidh dó bonn cré-umha a bhuachan ag Craobh an Domhain in 2015. Is don chomórtas trom-mheáchan éadrom a cháiligh O’Reilly, arb as Port Laoise dó, do na Cluichí Oilimpeacha. Tá a chéad troid socraithe don Aoine, an 12 Lúnasa.

De réir tuairisce san Irish Examiner, a raibh an chéad tuairisc faoin scéal inniu acu, beidh a fhios ag an dornálaí céard atá i ndán dó as seo go ceann dhá lá agus cead aige achomharc a dhéanamh faoi thoradh na tástála.