‘Dorn san aer do Rónán’ – údar bróid é tacaíocht phobal na Gaeilge don chraoltóir

Tá an feachtas tacaíochta don chraoltóir Rónán Mac Aodh Bhuí inchurtha le mórfheachtais eile na nGael ó thaobh spioraid agus cur le chéile

‘Dorn san aer do Rónán’ – údar bróid é tacaíocht phobal na Gaeilge don chraoltóir

Tá mé tar éis teacht abhaile ó cheann de na hócáidí sin a fhágann rian éigin ort ar deacair cur síos a dhéanamh air.

Bhí an ‘Gig do Rónán’, a bhí ar siúl in ionad ceoil Whelan’s i mBaile Átha Cliath ar cheann de na hócáidí sin a bhí fíorspeisialta. Cinnte, bhí sí speisialta toisc gur ar mhaithe le dlúthchara linn, laoch cumasach díograiseach dílis agus grámhar, a bhí sí. Ach bhí sí speisialta ar chúis thábhachtach eile chomh maith, cúis a thuigfidh Rónán Mac Aodh Bhuí féin go maith. Thug an feachtas bailithe airgid náisiúnta atá ar bun le cúpla mí anuas don chraoltóir ‘gluaiseacht na Gaeilge’ le chéile mar a bheadh aon teaghlach amháin ann.

Tagann teaghlaigh le chéile tráth go ndéantar ionsaí orthu nó nuair a dhéantar bagairt orthu. Fiú sna cásanna sin, ní bhíonn gach aon duine ar aon fhocal i gcónaí go bhfuil an bhagairt nó an t-ionsaí sách mór le go dtiocfaí le chéile mar aon fhórsa amháin, nó mar aon treibh amháin ar mhaithe leis an duine atá faoi bhagairt a chosaint. Ach ní raibh aon easaontas ann i gcás Rónáin.

Tá mé ag plé le cúrsaí forbartha Gaeilge le roinnt mhaith blianta agus is féidir liom comhaireamh ar an dá lámh líon na gcúiseanna a raibh lucht labhartha agus tacaíochta na Gaeilge, ar bhonn náisiúnta, sásta teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt gan cheist. Seasann Feachtas Tacaíochta Rónáin taobh le feachtais eile a mheall tacaíocht ghluaiseacht na Gaeilge gan cheist, feachtais amhail bunú Raidió na Gaeltachta, bunú Theilifís na Gaeilge, Cás Bhríd Uí Dhomhnaill sa Sraith Salach, Cás Scoil Dhún Chaoin i 1971, Cás Ráth Tó in 2010 agus éileamh an Dream Dearg ar chearta teanga.

I measc lucht tacaíochta na bhfeachtas sin, áirím pobal na Gaeltachta, pobal Gaeilge na sé chontae agus na 26 contae agus pobal na Gaeilge go hidirnáisiúnta. Tá mo chroí istigh i bpobal na Gaeilge trí chéile agus tá mé chomh bródúil as an tacaíocht a tugadh do na feachtais éagsúla sin ar son Gaeilge. Seasann an feachtas áirithe seo, an feachtas tacaíochta ar son Rónáin Mhic Aodha Bhuí, a bhfuil ailse air, taobh le gach feachtas mór eile ag lucht na teanga. Is féidir liom sin a rá, toisc go bhfuil pobal na teanga aontaithe 100% gan cheist gur fiú, gur chóir agus gur cheart tacaíocht a thabhairt do Rónán as an méid atá déanta aige ar ár son.

Tá ár mbuíochas ag dul do chuile dhuine a d’eagraigh ócáid do Rónán le cúpla mí anuas, ócáidí fud fad na tíre agus i gcéin. Tá a fhios agaibh cé sibh féin.

Táimid buíoch chomh maith do gach duine a thacaigh leis an ócáid in Whelan’s, leis na ceoltóirí agus an lucht eagraithe go léir, go háirithe Bláthnaid Ní Chofaigh.

Dorn san aer do Rónán.

Fág freagra ar '‘Dorn san aer do Rónán’ – údar bróid é tacaíocht phobal na Gaeilge don chraoltóir'