Bhí formhór mór chlanna Gael ar fad (seachas na Cait, mo ghraidhin iad na créatúirí bochta) ag ceiliúradh bua na dTiobradach i gcluiche ceannais iomána na hÉireann an Domhnach seo d’imigh tharainn. Ard-ócáid, an-chluiche agus ceann de na laethanta is iomráití i saol na hÉireann. Bhí na cosa beaga á gcur uathu ag roinnt bheag daoine toisc gur chaill Bubbles smacht air féin agus gur úsáid sé focal salach beo ar an aer le RTÉ, slán beo mar a n-insítear é agus Dia idir sin agus gach olc. Ach má bhí buíon bheag gearánach milleánach abhus, bhí gníomhartha peileadóra eile ag tiomáint scata le gealaigh sna Stáit Aontaithe, mar a raibh ceist an chiníochais ina cnámh spairne arís eile.
Agus amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe á sheinm roimh chluiche Caid Mheiriceánach idir na Green Bay Packers agus na San Francisco 49ers ar an 26 Lúnasa, d’fhan ceathrúchúlaí taca na 49ers, Colin Kaepernick ina shuí, in ionad seasamh fé mar is gnách le himreoirí i scata mór spórt ar fud an domhain a dhéanamh nuair a bhíonn na hamhráin úd á seinm. Ag labhairt dó in éis an chluiche, mhínigh Kaepernick, gur de chine measctha é, gur bheartaigh sé gan seasamh mar nach raibh sé chun ‘mórtas a thaispeáint i mbratach tír ina bhfuil daoine gorma á gcur fé cois. Tá níos mó i gceist anseo domsa ná an pheil amháin.’ Dhein sé tagairt d’eachtraí inar mharaigh póilíní daoine gorma agus gluaiseacht an ‘Black Lives Matters’ a d’eascair as, agus dúirt go leanfadh sé lena agóid nó go mbeadh na luachanna ar sheas an bhratach úd dóibh le feiscint sa tsochaí.
Ní raibh an cluiche críochnaithe in aon chor sara raibh lucht a cháinte – tírghráthóirí, poblachtaigh, iar-bhaill de na fórsaí armtha, tráchtairí polaitiúla, grúpaí ciníocha agus grúpaí den eite dheis – oiriúnach le ceangal. Cuireadh i leith Kaepernick go raibh sé ag maslú na saighdiúirí ar fad a cailleadh ar son an bhrait, agus iad siúd atá ag ‘troid ar son na saoirse’ ar fud an domhain fé láthair.
Bhí sé ag déanamh beag is fiú de na póilíní a maraíodh agus iad ag coimeád na síochána. Dúirt iarrthóir uachtaránachta na bpoblachtach Donald Trump gur cheart do Kaepernick an tír a fhágaint murar thaitin an áit leis (má dhéantar Uachtarán de Trump, agus má dhíbríonn sé lucht agóide i dteannta na Moslamach agus na nEaspáinneach mar atá á bhagairt aige, is beag duine a bheidh fágtha sa tír). I bhfíseán teilifíse binbeach amháin, mar shampla, dhein an tráchtaire coimeádach Tomi Lahren (bean a thug ‘An KKK nua’ ar Black Lives Matter roimhe seo) ionsaí fíochmhar ar Kaepernick. Dúirt sí leis an tír a fhágaint agus gurb iad daoine gorma faoi ndeara na fadhbanna idirchiníocha ar fad atá sna Stáit le blianta fada.
Cuireadh ina leith go raibh sé tar éis iompú ina Mhoslamach agus gurbh é sin an fáth go raibh sé i mbun agóidíochta – an seanphort céanna atá á sheinm le blianta beaga anuas, a deir nach féidir le haon Mhoslamach a bheith ina Mheiriceánach, rud a cuireadh i leith an Uachtaráin Barack Obama nuair a bhí sé siúd i mbun feachtasaíochta.
Ní hé seo an chéad uair go raibh ceist na dílseachta agus ceist an tsiombalachais náisiúnta ina cnámh spairne thall nó abhus. Ar cheann de na híomhánna is cáiliúla de na cluichí Oilimpeacha, tá an ceann iomráiteach de bheirt lúthchleasaithe gorma ós na Stáit, Tommie Smith agus John Carlos (agus an lúthchleasaí Astrálach Peter Norman faru), ina seasamh ar an bpóidiam ag cluichí na bliana 1968 i gCathair Mheicsiceo agus dorn le mitíní dubha san aer acu fad is a bhí an Star Spangled Banner á sheinm. Thógadar an seasamh seo chun aird a tharraingt ar cheist na gceart daonna sa bhaile agus thar lear, agus i gcuimhne ar an drochíde a bhí faighte ag daoine gorma ó aimsir na sclábhaíochta i leith. Chaith an triúr acu suaitheantas Thogra Oilimpeach um Chearta Daonna.
Ní go rómhaith a caitheadh leis an triúr acu ach an oiread in éis na gcluichí. Rinne údaráis spóirt agus lucht na bunaíochta sa dá thír cáineadh ar sheasamh na lúthchleasaithe agus níor rith éinne den triúr acu ag na cluichí Oilimpeacha aríst. Ní go dtí le blianta beaga anuas a tugadh aitheantas cuí don triúr, agus sa bhliain 2012 ghabh Parlaimint na hAstráile leithscéal le Norman as an tslí inar caitheadh leis.
Ar an dtaobh seo den Atlantach tá conspóid tarraingthe ag an imreoir sacair ó Dhoire, James McClean, toisc go ndiúltaíonn sé léine a chaitheamh ar a bhfuil an poipín cuimhneacháin. Dhein sé amhlaidh toisc iompar fhórsaí na Breataine ina bhaile dúchais. De barr na hagóide coinsiasaí seo fuair McClean íde na muc is na madraí ó lucht leanta sacair na Ríochta Aontaithe, mar aon le bagairtí báis ó dhílseoirí.
Nach ritheann sé le lucht an cháinte go bhfuilid á n-iompar féin ar nós na namhad faisisteach agus bunchreidmheach atá ag na siombailí atá á gceiliúradh acu? Nár throid Meiriceá agus an Bhreatain dhá chogadh dhomhanda chun saoirse a gcuid saoránach a chinntiú? Nach bhfuil cead agóid shíochánta a dhéanamh agus cead cainte a sa Chéad Leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe? Má tá cead ag fear siúl síos an tsráid agus raidhfil cogaidh ar a dhroim aige, nach bhfuil sé de cheart ag fear eile fanacht ina shuí agus amhrán á rá? Agus nár maraíodh scata ar a bhfuil an poipín ag déanamh comóradh orthu agus iad ag troid i gcoinne réimeas a bhí ag cur iallach ar chine siombail áirithe a chaitheamh, Réiltín Dháibhí nó an Svaistíce?
Tá Kaepernick ag leanúint lena agóid, ach é dulta ar a leathghlúin anois i rith an amhráin náisiúnta ar chomhairle ó iar-imreoir níl agus iarbhaill den arm, Nate Boyer. Tá sé tar éis tacaíocht a fháil ó roinnt imreoirí eile san NFL, sa chispheil agus sa sacar, tá an haischlib #VeteransForKaepernick ag treochtáil ar Twitter agus dúirt an tUachtarán Obama, údaráis an NFL agus na 49ers go raibh sé de cheart aige déanamh de réir a choinsiasa.
Deirtear go minic go mbíonn drochthionchar ag drochiompar pearsana spóirt ar an tsochaí i gcoitinne, go háirithe ar an gcleas óg, agus go bhfuil easpa eiseamláirí dearfacha ag an aos óg i ré seo na cáile agus na gceiliúrán. Anuas air sin, cuirtear i leith ár laochra spóirt nach bhfuil iontu ach róbait agus nach dtugtar cead cainte dóibh minic go leor. Nár cheart ceiliúradh a dhéanamh ar na pearsana spóirt a ghlacann seasamh de réir a gcoinsiasaí, in ionad bheith ag sodar i ndiaidh an fhir is mó tuarastail nó is deise gruaige?
Fág freagra ar '‘Dorn san aer’ do na laochra spóirt nach dtréigeann a bprionsabail'