‘Dorn san aer do na Gaeil!’ — dornálaithe Oilimpeacha ag tacú le feachtas nua ar son na Gaeilge

Tá a bpictiúr próifíle athraithe ag Mick Conlan agus Paddy Barnes agus ag roinnt ceannairí polaitíochta, lena dtacaíocht a léiriú don ‘Dream Dearg’, feachtas nua a cuireadh ar bun ag an deireadh seachtaine

‘Dorn san aer do na Gaeil!’ — dornálaithe Oilimpeacha ag tacú le feachtas nua ar son na Gaeilge

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá na dornálaithe Michael Conlan agus Paddy Barnes ina measc siúd atá ag tacú leis an bhfeachtas nua ‘An Dream Dearg’ a tháinig chun cinn an deireadh seachtaine seo caite.

D’athraigh na dornálaithe, a bhfuil boinn Oilimpeacha buaite acu ar son na hÉireann, a bpictiúr próifíle go dtí íomhá de chiorcal bán ar chúlra dearg, íomhá atá á scaipeadh go fairsing i measc lucht labhartha na Gaeilge agus daoine eile atá báúil don teanga ar fud na meán sóisialta.

Tháinig ‘An Dream Dearg’ chun cinn ar Facebook agus Twitter tráthnóna Dé hAoine seo caite agus tá teachtaireacht an fheachtais á scaipeadh go forleathan ó shin, go háirithe i measc cainteoirí Gaeilge ó thuaidh. Is as na hagóidí ‘Dearg le Fearg’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus Conamara ag tús na bliana 2014 a ainmníodh ‘An Dream Dearg’. Tá an grúpa dírithe ar fheachtais a bhaineann le stádas na Gaeilge ó thuaidh, go háirithe sa Roinn Oideachais agus sa Roinn Pobal.

Tá a gcuid tacaíochta don fheachtas léirithe ag ceannairí fhormhór na bpáirtithe ó thuaidh freisin. Tá teachtaireachtaí tacaíochta agus an íomhá den chiorcal bán mar phictiúr próifíle ag leithéidí Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin, Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, Gerry Carroll, ionadaí de chuid an PBP ó thuaidh, agus Naomi Long ón Alliance Party.

“Is muid An Dream Dearg. Is sibh an Dream Dearg. Is cuid den Dream Dearg gach duine a chreideann i gcothromas, cearta agus cóir. Bígí páirteach sa ghréasán oscailte seo de dhíograiseoirí Gaelacha ó gach cearn agus cúlra. Bígí linn. Bímís #DeargleFearg,” a dúradh ar leathanach Facebook ‘An Dream Dearg’ Dé hAoine.

Ó ceapadh na hAirí nua Pobal agus Oideachais i Stormont i ndiaidh thoghchán na bliana seo caite, táthar ag déanamh imní faoi na “hionsaithe” atá á ndéanamh ar an nGaeilge. Bhain an tAire Oideachais Peter Weir an maoiniú ó dhá scoil lán-Ghaeilge, agus dhiúltaigh sé d’iarratais ar mhaoiniú ó roinnt scoileanna eile lán-Ghaeilge. Chuir an tAire Pobal Paul Givan deireadh leis an maoiniú a chuirtí ar fáil faoin scéim ‘Líofa’ do dhaltaí scoile le freastal ar chúrsaí Gaeltachta i dTír Chonaill.

Bhí conspóid ann freisin i gcaitheamh an tsamhraidh nuair a d’íoc an tAire Talmhaíochta Michelle McIlveen as ainm ar bhád de chuid na Roinne a athrú. Athbhaisteadh ‘Queen of Ulster’ ar an mbád, ‘Banríon Uladh’, ar chostas £302.

Tá agóid beartaithe ag an Dream Dearg i mBéal Feirste Déardaoin taobh amuigh den Roinn Pobal le cur i gcoinne chinneadh an Aire Givan deireadh a chur le sparánacht Líofa. Beidh cruinniú ar siúl i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ag 8.30pm amárach. Tuairiscíodh ar an iris Nós go bhfuil “léirsiú mór” beartaithe ag an Dream Dearg i mBéal Feirste níos deireanaí i mbliana freisin.

Fág freagra ar '‘Dorn san aer do na Gaeil!’ — dornálaithe Oilimpeacha ag tacú le feachtas nua ar son na Gaeilge'