Doris roghnaithe den chéad uair agus a áit coinnithe ag Murray do theacht na nAlbanach

Tá foireann na hÉireann ainmnithe ag Andy Farrell agus é ag prapáil dá chéad chluiche mar príomhchóitseálaí

Doris roghnaithe den chéad uair agus a áit coinnithe ag Murray do theacht na nAlbanach

Caelan Doris. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Imreoidh Caelan Doris a chéad chluiche d’Éirinn an deireadh seachtaine seo agus fear Chúige Laighean ainmnithe san fhoireann a thabharfaidh aghaidh ar Albain i gCraobh na Sé Náisiún.

Is í seo an chéad fhoireann atá roghnaithe ag príomhchóitseálaí nua na hÉireann, Andy Farrell, agus tá meascán ann idir an sean agus an nua.

Imreoidh Doris, arb as Béal an Átha i gcontae Mhaigh Eo dó ó dhúchas dó, sa líne chúil d’Éirinn agus beidh CJ Stander agus Josh van der Flier taobh leis. Is i measc na n-ionadaithe atá Peter O’Mahony.

Bhí cinneadh mór eile le déanamh ag Farrell maidir leis an leathchúlaí clibirte. Tá John Cooney ag imirt ar fheabhas do Chúige Uladh an séasúr seo ach is é Conor Murray atá roghnaithe ag Farrell chun cluiche an tSathairn san Aviva a thosú.

Is é Rob Herring atá tagtha i gcomharbacht ar Rory Best mar húcálaí na foirne. Beidh Cian Healy agus Tadhg Furlong ar a dhá taobh sa líne thosaigh.

Tosóidh Iain Henderson agus James Ryan an cluiche sa dara líne ach tá Devin Toner ar ais i measc na n-ionadaithe tar éis dó cailleadh amach ar áit sa scuad do Chorn an Domhain.

Tá captaen nua na hÉireann, Johnny Sexton, arís ainmnithe mar leathchúlaí amuigh. Beidh Bundee Aki agus Garry Ringrose i measc na gcúlaithe agus Jacob Stockdale agus Andrew Conway ar na cliatháin. Is é Jordan Larmour atá ainmnithe mar lánchúlaí.

Tá gach seans go n-imreoidh fear eile ó Chúige Laighean a chéad chluiche d’Éirinn an deireadh seachtaine seo chomh maith agus an húcálaí Ronan Kelleher ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Beidh Albain ag iarraidh díoltas a bhaint amach as an ngreadadh a thug Éire dóibh ag Corn an Domhain anuraidh ach níl ach aon chluiche amháin buaite ag na hAlbanaigh i mBaile Átha Cliath le scór bliain anuas. In 2010 a bhí an bua sin acu.

Ní bheidh teacht ag Gregor Townsend ar an imreoir is fearr atá aige, Finn Russell. Cuireadh fear Racing 92 abhaile tar éis dó a bheith ag ól gan chead an tseachtain seo caite.

Cuirfear tús leis an gcluiche idir Éirinn agus Albain ag 4.45pm Dé Sathairn.

Foireann na hÉireann:

15. Jordan Larmour
14. Andrew Conway
13. Garry Ringrose
12. Bundee Aki
11. Jacob Stockdale
10. Johnny Sexton (captaen)
9. Conor Murray

1. Cian Healy
2. Rob Herring
3. Tadhg Furlong
4. Iain Henderson
5. James Ryan
6. CJ Stander
7. Josh van der Flier
8. Caelan Doris

Ionadaithe:

16. Ronan Kelleher
17. Dave Kilcoyne
18. Andrew Porter
19. Devin Toner
20. Peter O’Mahony
21. John Cooney
22. Ross Byrne
23. Robbie Henshaw

Fág freagra ar 'Doris roghnaithe den chéad uair agus a áit coinnithe ag Murray do theacht na nAlbanach'