Dorian Gray curtha ar fáil i dteanga Cheilteach

Tá leagan Briotáinise anois ar fáil de The Picture of Dorian Gray leis an údar Éireannach Oscar Wilde

Dorian Gray

Tá an Bhriotáinis curtha ar an aon úrscéal a tháinig ó pheann an údair Éireannaigh, Oscar Wilde. Poltred Dorian Gray an teideal Briotáinise atá tugtha ar The Picture of Dorian Gray ag an aistritheoir Alan Martel.

Foilsíodh an leabhar, i mBéarla, den chéad uair sa bhliain 1891 agus cé gur iomaí leagan de atá ar fáil i mórtheangacha an domhain, níor cuireadh teanga Cheilteach ar an úrscéal go dtí seo.

Oscar Wilde
Oscar Wilde

Cháin léirmheastóirí a linne Wilde mar gheall ar na téamaí homaighnéasacha agus meathlaithe a bhí le brath sa leabhar, dar leo.

Tá saothar eile de chuid Wilde ar fáil i nGaeilge: a scéalta do ghasúir, dar teideal An Prionsa Sona agus Gairdín an Fhathaigh chomh maith leis an dráma Salomé, a bhí ar an stáitse ag Oireachtas na Samhna 2012.

Ní hé seo an chéad uair a cuireadh an Bhriotáinis ar leabhar Éireannach. Anuraidh a foilsíodh Chaokañ Mizer, leagan Briotáinise de An Béal Bocht le Flann O’Brien.

Teanga Cheilteach is ea an Bhriotáinis a labhraítear sa Bhriotáin in iarthuaisceart na Fraince. Tá sí ar cheann de na sé theanga Inseacha. Is iad an Ghaeilge, an Ghaelg, an Gháidhlig, an Bhreatnais agus an Choirnis na cúig cinn eile.

Is mó de ghaol atá idir na teangacha Briotánacha, mar atá, an Choirnis, an Briotáinis agus an Bhreatnais, le hais na gceann Ceilteach, ach foilsíodh foclóir Gaeilge/Briotáinis sa bhliain 2010 a chabhródh le léitheoir Gaeilge ar mhaith leis triail a bhaint as na leaganacha Briotáinise seo.

Fág freagra ar 'Dorian Gray curtha ar fáil i dteanga Cheilteach'