Seachtain i ndiaidh an 12 Iúil, féile mhór na nOráisteach, a bhí an campa spóirt le bheith ann. Níor tharla sé toisc nár theastaigh ó lóiste Oráisteach páistí áirithe a ligint isteach ina gceantar. Ba í an fhadhb dar leis na hOráistigh go gcaithfeadh dream beag páistí ó CLG in oirthear Bhéal Feirste an chuid is mó de lá ar an gComar, atá turas fiche nóiméad ar shiúl. Bhí imní go mb’fhéidir go mbogfadh CLG isteach sa gceantar.
Campa spóirt trasphobail a bhí á eagrú ag Club Cruicéid an Dúin Thuaidh ag a ionad ar an gComar ar an Aoine seo thart. Tugadh cuireadh do dheich ngrúpa ó spóirt éagsúla chun teacht le chéile agus cruicéad a fhoghlaim. Chuir an Club an campa ar ceal nuair a d’fhógair lóiste Goldsprings go raibh ‘imní’ faoi pháistí ó Chumann Lúthchleas Gael a bheith ag glacadh páirte. Dúirt an lóiste gur léirigh daoine áitiúla míshuaimhneas faoi cheangail chultúrtha agus staire Chumann Lúthchleas Gael.
Bhain an mhíshocracht go sonrach, a dúirt an lóiste, le ceiliúradh a bheith déanta ar dhaoine a raibh baint acu le paraimíleataigh. ‘Cothaíonn a leithéid deighilt agus tagann sé salach ar na coinníollacha riachtanacha chun sochaí chomhroinnte, uileghabhálach a bhaint amach,’ a dúirt ráiteas Goldsprings ar na meáin shóisialta. Níor mhór do CLG céimeanna fónta a ghlacadh chun a chinntiú go mbeadh sé ionchuimsitheach agus tuisceanach faoi stair na bProtastúnach, na n-aontachtach agus na ndílseoirí, a dúradh.
Shílfeadh éinne nach gcrochtar bratacha Oráisteacha agus dílseacha ar fud an Tuaiscirt gach samhradh, beag beann ar mhianta náisiúnaithe, gan trácht ar a bheith tuisceanach fúthu. Shilfí freisin nach ndéantar ceiliúradh ar iarbhaill den UVF agus UFF le linn fhéile mhór na nOráisteach nó nach mbíonn ról ag paraimíleataigh/ iarpharaimíleataigh. Tuairiscíodh go forleathan le seachtain anuas go raibh ról lárnach ag iarbhuamadóir de chuid an UVF i bparáid an dara lá dhéag i mBéal Feirste, é ag iompar na brataí ag ceann banna ceoil. Tuairiscíodh freisin gur amhrastach is ea an fear sin as uafás inar maraíodh seisear.
Níor cháin an tOrd Oráisteach lóiste Goldsprings agus níor shéan siad a ráiteas biogóideach. Eagraíocht do Phrotastúnaigh amháin is ea an tOrd Oráisteach a dhéanann gaisce as a héiteas Críostaí. Níor léir aon dílseacht do theagasc Chríost ‘ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam’.
Chuir Club Cruicéid an Dúin thuaidh an campa spóirt samhraidh ar ceal nuair a nocht an lóiste agus roinnt eile sa gceantar a bhfreasúra go príobháideach. Cuireadh an doicheall in iúl ar mheáin shóisialta ina dhiaidh sin. Ba léir an díomá a bhí ar an gClub Cruicéid. Dúradar i ráiteas gurb é a gclub an eagraíocht spóirt is sine ar an gComar, é ar an bhfód ó 1857, é bunaithe ar thraidisiún láidir, é muiníneach, fáilteach, le meas ar gach duine. Bunaíodh an campa spóirt samhraidh, a dúradar chun deis a thabhairt do pháistí ó chúlraí den uile chineál blaiseadh den chruicéad a fháil, teacht le chéile agus spraoi a bheith acu. Ba é a aidhm cairdeas a chothú tríd an spórt.
I bhfianaise an doichill roimh an ócáid chinn an club go raibh spiorad an champa i mbaol. B’in é an fáth gur chuir siad ar ceal é. Dúirt an t-urlabhraí go soiléir gur theastaigh uathu béim a leagan air nach bagairt d’éinne í an oscailteacht. “Ní géilleadh é meas a thaispeáint,” ar sé. “Agus, níl ár gcultúr chomh leochaileach sin nach féidir é a roinnt.”
An ceart ar fad aige. Is iad na daoine a léirigh caolaigeantacht – ag diúltú do scata beag gasúr – a rinne dochar dá gcúis. Má tá na hOráistigh ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine eile gur fearrde iad a bheith sa Ríocht Aontaithe ná in Éirinn [chomh]roinnte is aisteach an cur chuige é. Cén tairbhe dóibh an doras a dhúnadh ar pháistí a bheadh ag foghlaim cruicéid – ceann de na cluichí is Gallda a d’fhéadfá a ainmniú? Tá na luachanna a léiríonn Club Cruicéid an Dúin Thuaidh agus CLG oirthear Bhéal Feirste, club trasphobail uileghabhálach i bhfad níos uaisle ná daille an ghrúpa faoi ndear stop a chur leis an gcampa. Is fíor go deimhin nach géilleadh é meas a thaispeáint.
Fág freagra ar 'Doras club cruicéid dúnta ar pháistí ag dream arb ionann acu meas a léiriú agus géilleadh'