Donaldson ‘dóchasach’ faoi athbheochan páirtí atá gan cairde thall nó abhus

Maidir le cás na reachtaíochta Gaeilge, b’fhéidir go dtuigeann Jeffrey Donaldson gur gá don DUP a bheith spárálach leis na foláirimh

Donaldson ‘dóchasach’ faoi athbheochan páirtí atá gan cairde thall nó abhus

Ní ‘dóchas’ an chéad fhocal a ritheann le daoine i dtaca leis an DUP ar an aimsir seo. Páirtí ar an dé deiridh ab ea é dar le cuid dá lucht tacaíochta féin chomh maith leis an bpobal fré chéile. Páirtí gan cairde abhus nó thall ab ea é le tamall agus dhá fhaicsean nó trí i measc na n-ionadaithe tofa in adharca a chéile.

Ba léir chomh holc is a bhí an ghéarchéim nuair a ruaigeadh an dara ceannaire go míthrócaireach in achar dhá mhí, bata agus bóthar tugtha do Edwin Poots agus gan ach trí seachtaine caite aige i gcomharbacht ar Arlene Foster. I bhfianaise na mífheidhme baineadh siar as daoine nuair a labhair Sir Jeffrey Donaldson faoi dhóchas sa todhchaí nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag seasamh do cheannaireacht an DUP, arís.

Is dócha gur riachtanas é an dóchas do cheannaire nach raibh ach 17 as na 36 vótóir, 47%, ina fhabhar sé seachtaine ó shin. Ba chosúil go raibh breith ar a n-aithreachas ag go leor den 19 sin nuair a d’iompaigh siad in aghaidh Edwin Poots an tseachtain seo caite agus ba thuar dearfach do Donaldson é gur gheall Paul Givan, an Chéad-Aire pro tem, a thacaíocht dó.

Ina ráiteas foirmiúil – a iarratas ar an bpost mar thríú ceannaire an DUP i gcaitheamh dhá mhí – dúirt Jeffrey Donaldson gurb é an Prótacal iarBhreatimeachta an dúshlán ba mhó a bhí le sárú ag Tuaisceart Éireann agus nár mhór aontú ina choinne. Gheall sé go gcinnteodh sé go n-aithneodh rialtas na Breataine an gá le gníomhú go haibéil i dtaca leis an bPrótacal.

Cé gur tuairiscíodh ag deireadh na seachtaine go dtarraingeodh sé an DUP amach as Stormont mura gcuirfí an Prótacal ar ceal – níor dhúirt sé é sin ina ráiteas. Séard a dúirt sé ná go gcuirfí seasmhacht na n-institiúidí polaitiúla agus rathúlacht na heacnamaíochta i mbaol dá dteipfeadh ar rialtas na Breataine rud a dhéanamh air faoin bPrótacal. Bagairt intuigthe é sin gan dabht ach bhí an gheallúint faoi ghníomh ón mBreatain i bhfad níos soiléire – an é go bhfuil leide faighte in Westminster faoi rún an Phríomh-Aire Johnson  maolú ar rialacha an Phrótacail a fháil, mar a deir Poots a gheall Brandon Lewis?

Thagair Donaldson go sonrach do thoghchán an Tionóil sa Bhealtaine an bhliain seo chugainn. Leide sách soiléir é sin, shílfeá, nach bhfuil scrios Stormont agus toghchán tobann mar chuid dá phlean. Tá sé tiomanta, a dúirt sé, d’athbheochan an pháirtí ionas go mbeidh sé caithréimeach san toghchán sin i gceann bliana.

Díol suntais ab ea é nár thagair sé do reachtaíocht Ghaeilge ná do mhíshástacht le cinneadh an Státrúnaí Brandon Lewis go rithfí an reachtaíocht in Westminster mura mbeadh an gnó déanta ag Stormont faoi dheireadh Mheán Fhómhair. Tugadh le fios gur bhagair an DUP ar rialtas na Breataine go mbeadh an déabhlóid i mbaol dá ndéanfaí an beart cultúir a gheall Brandon Lewis do Shinn Féin. B’fhéidir go dtuigeann Donaldson gur gá don DUP a bheith spárálach leis na foláirimh; b’fhéidir go dtuigeann sé freisin nach dochar ar bith don DUP i measc a lucht leanúna féin a bheith in ann an fhreagracht as reachtaíocht Ghaeilge a chur ar Westminster. Nó b’fhéidir –ach údar iontais a bheadh ann – go bhfuil rún aige go rithfear an reachtaíocht chultúir in Stormont.

Ag dul i bhfad atá liosta na gceisteanna.

Ina measc tá – cathain a fhillfidh Donaldson ar Stormont? Deir sé gur cheart do cheannaire an DUP a bheith in Stormont agus sa Chéad-Aireacht. Tá sé ráite le Givan cheana féin go gcaithfidh sé éirí as gan mhoill ach ní léir cé a bheidh sa Chéad-Aireacht go dtí go mbeidh Donaldson in ann suí in Stormont. Seans go n-áiteofar ar Theachta éigin nach bhfuil rún aige/aici seasamh sa toghchán an bhliain seo chugainn éirí as go luath chun folúntas a chruthú le go gcomhthoghfar Sir Jeffrey mar Theachta Tionóil; ansin bheadh an ghuagacht ar fad a bhaineann le hathrú ar an gCéad-Aire ann arís, deireadh freisin leis an leasChéad Aireacht. Agus margáil roimh an athbhunú?

Ina theannta sin bheadh folúntas d’fheisire Parlaiminte i nGleann an Lagáin agus dúshlán don DUP an suíochán sin a chosaint. In 2019 thit móramh mór Donaldson 16.4% agus mhéadaigh vóta Alliance 17.7%. Tá Alliance ag feachtasaíocht cheana féin don bhfothoghchán, Donaldson ag caint ar aontas/comhoibriú i measc aontachtaithe ach tá an UUP, faoi cheannas Doug Beattie, diongbháilte de go seasfaidh siadsan sa bhfothoghchán.

Tá cúrsa corrach i ndán do cheannaire an DUP, beidh gá aige le gach blas dóchais is féidir a shú isteach. Tá líon na vótóirí atá amhrasach faoi Stormont ag méadú, an gcuirfidh sé an DUP ar chúrsa a léireoidh gur fiú rialtas díláraithe a bheith ann? Tá geallúint achrannach tugtha ag Donaldson faoi iompar rialtas na Breataine i dtaca leis an bPrótacal – céard a dhéanfaidh sé má ligeann Johnson síos arís é? Tá sé i muinín na cinniúna.

Fág freagra ar 'Donaldson ‘dóchasach’ faoi athbheochan páirtí atá gan cairde thall nó abhus'

  • An Teanga Bheo

    Is iomaí srúth is crá atá i gceannaireacht pairtí ar bith ag an am seo.