Donald Trump, Paul Manafort, na poblachtánaigh agus an fhírinne

Tá iarracht déanta ag lucht an Tí Bháin fad a chur idir Donald Trump agus Paul Manafort ach is údar imní dóibh a mbeidh le rá aige le fiosrúchán Robert Mueller

Donald Trump, Paul Manafort, na poblachtánaigh agus an fhírinne

Tá Paul Manafort sásta “comhoibriú go hiomlán agus go macánta” le fiosrúchán Robert Mueller faoi ról na Rúise i dtoghchán uachtaránachta 2016. Dá dhonacht an stoirm bháistí a d’fhág staid éigeandála in Washington D.C. agus go leor d’oirthear na Stát Aontaithe, shamhlóinn gur fiáine an gála polaitíochta a bhí istigh sa Teach Bán nuair a chualathas na geallúintí a bhí tugtha ag Paul Manafort go gcomhoibreodh sé le fiosrúchán Mueller.

Ciontaíodh Manafort an tseachtain seo i gcomhcheilg in aghaidh na Stát Aontaithe agus i gcomhcheilg a bhain le riar na córa a chur as a riocht. Ciontaíodh cheana é an mhí seo caite i gcoireanna a bhain le calaois i gcúrsaí cánach agus baincéireachta.

Mhol Donald Trump é an uair sin. Dúirt sé gur fear maith é Manafort nach raibh ag obair ar a fheachtas uachtaránachta ach ar feadh roinnt míonna. Dúirt Trump gur dhea-theist ar mhianach Manafort ab ea nach raibh sé sásta géilleadh agus socrú a déanamh maidir le comhoibriú le Mueller. Meas tú céard a cheapann an tUachtarán faoi anois?

Níl mórán ráite aige faoi Manafort le seachtain anuas seachas an méid a bhí le rá aige taobh amuigh den Teach Bán inné.

“Rinne sé an-jab domsa agus táim an-sásta leis an jab a rinne sé. Agus déarfaidh mé seo libh, creidim go n-inseoidh sé an fhírinne. Agus má insíonn sé an fhírinne, ní bheidh aon fhadhb ann. Fad a insíonn sé an fhírinne, beidh sé 100%,” arsa Trump.

Tá iarracht déanta ag lucht an Tí Bháin fad a chur idir Donald Trump agus Paul Manafort. Rinne aturnae Trump, Rudi Giuliani iarracht an rud céanna a dhéanamh. Tá tráchtairí poblachtánacha ar a míle dícheall ag tabhairt le fios nach bhfuil aon bhaint aige seo ar fad le huachtaránacht Trump. Maíonn siad go mbaineann an socrú atá déanta ag Manafort le heachtraí a tharla i bhfad ó shin, sular thosaigh sé ag obair le feachtas Donald Trump.

Ach bhí Paul Manafort i láthair ag cruinniú le dlíodóir Rúiseach a tharla in Trump Tower i mí an Mheithimh 2016, cruinniú ar ar fhreastail Donald Trump Jr agus Jared Kushner chomh maith agus eolas a dhéanfadh dochar do Hillary Clinton á phlé acu. Ceaptar go raibh Manafort lárnach san iarracht a mhaítear a rinneadh aimhleas a bhaint as faisnéis de chuid na Rúise ar mhaithe le feachtas 2016 a chur as a riocht.

Tá treoir tugtha do Robert Mueller aon fhianaise ar chlaonpháirtíocht na Rúise i bhfeachtas na huachtaránachta in 2016 a iniúchadh. Tá 32 duine agus trí chomhlacht ciontaithe go dtí seo de thoradh an fhiosrúcháin.

Glactar leis nach mbeadh Mueller chomh mór sin sa tóir ar Manafort murach eolas tábhachtach a bheith aige a chuideodh leis an bhfiosrúchán. Cé go nglactar leis go bhfuil na cúiseanna in aghaidh Manafort tromchúiseach, níl aon cheangal díreach idir na cúiseanna sin agus feachtas Trump in 2016 – níl aon chomhcheilg curtha i leith Trump ná a fhoireann.

Díol spéise an treo a rachaidh fiosrúchán Mueller anois. Tá a fhios againn go bhfuil go leor eile ar eolas ag Manafort – murach sin ní bheadh maithiúnas tugtha dó.

Is mór é m’amhras nach dtabharfaidh pobal na Stát Aontaithe aird ar na scéalta seo ná ar an gcor is déanaí i bhfiosrúchán Mueller, ach dá dtabharfadh ba chúis mhór imní a bheadh ann do Trump agus do na Poblachtánaigh.

Déarfainn go mbeidh fianaise Manafort ag  teacht idir Donald Trump Jr. agus Jared Kushner agus codladh na hoíche freisin.

Idir an dá linn, tá toghcháin ar an mbealach ag tús mhí na Samhna. Ní hé Trump is mó atá i mbaol sa gcás sin ach an páirtí atá ag seasamh go dílis leis ó toghadh é.

Fág freagra ar 'Donald Trump, Paul Manafort, na poblachtánaigh agus an fhírinne'

  • Virginia Velazquez Kranwinkel

    Fianaise atá ann go raibh nasc láidir idir an riarachán Trump agus na Rúisigh i rith an toghcáín uactaránachta sa Mheiriceá i 2016. Tá freagairt an Uachtaráin an-suimiúil anseo. Roimh an conspóid, searbhónta dílis ab ea Manafort, ach anois leis an fírinne amach, tá Manafort séanaithe ag Trump. Is dócha go tharlaíonn rudaí saghas amhrasach idir Trump agus a chomhcheilgeoirí Rúisigh ach níl sé soléir an méid chlaonpháirtíochta a raibh ann.