Donald Trump iompaithe ar an nGaeilge ar Twitter do Lá Fhéile Pádraig

Ba bheag an chonspóid a bhain le tvuít dátheangach Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, seachas cúpla síneadh fada a d’imigh amú air agus séimhiú nach raibh aon ghá leis

Donald Trump iompaithe ar an nGaeilge ar Twitter do Lá Fhéile Pádraig

Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump agus an Taoiseach Enda Kenny. Merrion Street/RollingNews.ie

Tá earraíocht bainte ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump as cúpla focal Gaeilge ar a chuntas Twitter.

Cé gur minic go mbíonn raic ann faoi theachtaireachtaí neamhbhalbha an Uachtaráin ar Twitter, ba bheag an chonspóid a bhain le tvuít dátheangach Trump, seachas cúpla síneadh fada a d’imigh amú air agus séimhiú nach raibh aon ghá leis.

Níor chuir caighdeán na gramadaí ag Trump isteach nó amach, áfach, ar dhaoine eile, áfach.

Dúirt Donald Trump inné go dtabharfadh sé cuairt ar Éirinn le linn a thréimhse uachtaránachta.

“Siúráilte glan, beidh mé ann cinnte,” a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a cuireadh ceist air an raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Éirinn.

“Tá grá agam d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann,” a dúirt Trump.

Thug an Taoiseach Enda Kenny le fios gur thug sé cuireadh don Uachtarán teacht ar cuairt.

“Tuilleann cuireadh cuireadh i gcónaí in Éirinn,” a dúirt Enda Kenny.

Agus an Taoiseach Enda Kenny ar cuairt ar an Teach Bán inné, dúirt an tUachtarán go mbeadh “caidreamh fíorspeisialta” ag Stáit Aontaithe Mheiriceá le hÉirinn.

Dúirt an Taoiseach féin go mbeadh Éire agus an tAontas Eorpach “ina gcairde ag na Stáit Aontaithe go brách”.

Fág freagra ar 'Donald Trump iompaithe ar an nGaeilge ar Twitter do Lá Fhéile Pádraig'

  • Stiofáin Ó Maoilriain

    Cén fáth an usaideann sibh tweet ó asail le 107 leanúint? Is léir go bhfuathaí sí an tUachtarán. Má bhí scríofa aige i nGaeilge líofa beidh an amadán sin gearán a dhéanamh. Tá mé an-sásta go raibh sé in ann a scríobh cúpla focal!

  • Susan

    Stiofán, tá do cheannsa chomh breac céanna le botúin. Ar fhaitíos nár thuig tú mo ráiteas, seo duit i mBéarla: Those in glass houses!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    A Stiofáin, (Tuiseal Gairmeach) is ceart a scríobh.
    Seachain an teach gloine sin a Susan ;)