Donald Trump: comhcheilg á tuar ag Cailleach an Uafáis

Tá tvuít de chuid Donald Trump ag teacht idir Cailleach an Uafáis agus codladh na hoíche

Donald Trump: comhcheilg á tuar ag Cailleach an Uafáis

‘Tá rud níos láidre uaim ná tae inniu!’ a dúirt Cailleach an Uafáis agus í ag brostú tharam, isteach i m’árasán. Bhí a méara craptha á rácáil trína folt fada liath aici.

‘Géarchéim bhunreachta!’ a dúirt sí go gearranálach, loinnir ina súile mar a bheadh ar bhean a mbeadh ráfla cloiste aici a sháródh ráflaí uile na comharsanachta. ‘Breitheamh agus Uachtarán in adharca a chéile!’

Dhún mé an doras agus dúirt léi suí ar an tolg. Thug mé braon cachaça di ansin.

‘Déanfaidh seo maitheas duit. Tá sé díreach cosúil le poitín.’

‘Nár laga Dia thú, a leana,’ a dúirt an Chailleach, agus chaith siar an deoch d’aon iarraidh amháin. Ansin, bhuail sí bosa a lámh ar a glúine. ‘Suigh síos le mo thaobh anois go n-inseoidh mé duit!’

Shuigh mé síos in aice léi, mo sheacht ndícheall á dhéanamh agam neamhaird a thabhairt ar an mboladh bréan a bhí uaithi, meascán de shulfar agus fuarallas.

‘Breathnaigh,’ a dúirt an Cailleach. Bhain sí a guthán póca amach as a mála láimhe leathair agus thaispeáin tvuít dom:

Thug an Chailleach féachaint chaithréimeach idir an dá shúil orm. ‘Nár dhúirt mé leat coicís ó shin go bhfuil drochscéal mór ar na bacáin? Agus cá bhfios nach bhfuil a fhios aige siúd rud éicint nach bhfuil a fhios againne, má thuigeann tú leat mé. Dia idir sinn agus an drochrud, ach mar sin féin …’

Leath mo shúile orm le halltacht.

‘Ionsaí sceimhlitheoireachta, atá tú ag rá? Agus go mbeadh lámh ag Trump féin …?’

‘Nach gceapann mórchuid staraithe gurb iad na naitsithe féin a chuir an Reichstag trí thine i 1933? Ba é sin an leithscéal a theastaigh ó Hitler chun fáil réidh leis an bhfreasúra agus chun a chumhacht a bhuanú. Shílfeá ón tvuít sin ag Trump go bhfuil sé siúd ag súil le heachtra den chineál céanna, ionas go mbeidh leithscéal aige srian a chur le cumhacht na gcúirteanna.’

‘Muise, sin teoiric chomhcheilge má chuala mé riamh ceann!’

Nocht meangadh gáire truamhéalach ar aghaidh na Caillí.

‘Comhcheilg, a leana? Tá tú buartha faoi theoiricí comhcheilge? Seo ré na nuachta bréige, a mhaicín. Sa lá atá inniu ann, táthar ann, fiú amháin, a bhaineann úsáid as carachtair fhicseanúla ina gcuid colún tuairimíochta faoi chúrsaí idirnáisiúnta! Ach é sin ráite, is dócha gur minic gur fírinní ficsean ná fíricí.’

D’fhan mé i mo thost, ag iarraidh brí a bhaint as caint na Caillí, ach rug sí ar mo lámh agus sméid ar an mbuidéal ar an mbord.

‘Ní thabharfá braon eile den stuif sin dom, an dtabharfá? Ní chodlaím néal na laethanta seo. Táim cráite ag an bhfaitíos a chuireann na taispeántaí uafáis ar fad.’

Fág freagra ar 'Donald Trump: comhcheilg á tuar ag Cailleach an Uafáis'