Dónal Óg nó Cummins? Mullane nó DJ? Cé atá ar scothfhoireann iomána John Allen do 2000-2010?

Roghnaigh ár gcolúnaí plúr na n-imreoirí idir 2000-2010 dá scothfhoireann

Dónal Óg nó Cummins? Mullane nó DJ? Cé atá ar scothfhoireann iomána John Allen do 2000-2010?

Dónal Óg Cusack, Brendan Cummins, John Mullane agus DJ Carey. Pictiúir: INPHO

Déanfaidh mé iarracht foireann deich mbliana eile a phiocadh an tseachtain seo. Sula dtosnóidh mé caithfidh mé dhá phíosa eolais a mheabhrú daoibh.

1. Bhuaigh Cill Chainnigh seacht gcraobh na hÉireann idir 2000 agus 2010.
2. Bhí baint agam le foirne sinsir Chorcaí sé bliana díobh sin.

Ní fhéadfadh nó beidh tionchar éigin ag an dá fhíric sin ar an bhfoireann a phiocfaidh mé.

De bharr easpa spáis anseo ní féidir cás cuimsitheach a dhéanamh do gach ainm a luafaidh mé ach glac leis go bhfuil cuid maith machnaimh déanta agam ar an bhfoireann agus na himreoirí a ainmneoidh mé ar fhoireann shinsir iomána 2000 go 2010.

Bhí cúigear san iomaíocht don gheansaí uimhir a 1: PJ Ryan, Brendan Cummins, Dónal Óg Cusack, Davy Fitzgerald agus Damien Fitzhenry. Sa deireadh phiocas Cummins.

Bronnadh cúig ghradam All Star air sa tréimhse sin. Léiriú go ndearna sé rud éigin eisceachtúil.

Ag caitheamh uimhir a dó agam tá Michael Cavanagh. Rinne an fear seo an-jab beagnach gach uair a raibh sé ag imirt agus bhíodh stuama éifeachtach i gcónaí.

In aice leis tá Diarmaid O Sullivan. Ní raibh aon lánchúlaí a sheas amach thar tréimhse fhada sna deich mbliana sin. Bhí ré Brian Lohan ag teacht chun deiridh, cé gur bhuaigh sé All Star in 2004. Bhí Noel Hickey ar mo ghearrliosta freisin.

Ag uimhir a ceathair bhí sé idir beirt agus is é Jackie Tyrell a chaill cé gur thug sé an seirbhís mar fhear cúinne dian teann ach cheapas go raibh níos mó tionchair ag laoch na Gaillimhe, Ollie Canning ar chluichí.

An féidir liom Tony Browne nó Seán Óg Ó hAilpín a fhágáil amach as an líne leathchúlaithe?

Is dócha go gcaithfead mar is dócha go gcaithfidh Tommy Walsh, Ken McGrath agus JJ Delaney a bheith ann rompu. Níl cófra McGrath lán de bhoinn náisiúnta agus sheas sé amach mar dhuine de phríomh-imreoirí na ndeich mbliana seo.

I lár na páirce tá eoinnt mhaith imreoirí san iomaíócht agus gan ach dhá léine agam le tabhairt amach. Sa ghrúpa seo bhí ‘Cha’ FitzPatrick, Jerry O Connor, Derek Lyng, Colin Lynch agus Tommy Dunne agus, dar ndóigh neart imreoirí eile nach iad. Ag an deireadh cheapas gurbh ag Derek Lyng agus Jerry O Connor ba mhó a bhí tionchar.

Ag uimhir a deich, is é Dan Shanahan a fuair an léine. Bhí sé ina laoch i gcuid mhaith cluichí do na Déise agus é b’fhéidir beagáinín níos fearr ná Ben O’Connor sna blianta seo.

Ní dóigh go mbeidh mórán argóna faoi léine uimhir a haon déag a bheith á tabhairt agam do Henry Shefflin.

Ach bhí dianmhachnamh le déanamh don chéad áit eile. Ar an ngearrliosta agam, bhí Eddie Brennan, John Mullane agus DJ Carey. Cé gur bhuaigh sé níos mó sna nóchaidí thugas an áit seo do DJ. Bhuaigh sé imreoir na bliana sa bhliain 2000 mar aon le trí bhonn uile-Éireann agus dhá ghradam All Star sna blianta beaga ina dhiaidh sin. Bheadh Carey ar aon fhoireann in aon ré.

Bhí sé thar a bheith deacair an líne lántosach a roghnú. Ar an ngearrliosta anseo bhí John Mullane, Eoin Kelly Thiobraid Árann, Eddie Brennan, Joe Deane, Charlie Carter, Martin Comerford agus Joe Canning. D’fhéadfá cás a dhéanamh d’aon duine díobhsan i ngach áit sa líne.

Ba iad John Mullane, Eoin Kelly agus Joe Deane a fuair na geansaithe.

Amhail an tseachtain seo caite seolaigí aon litreacha agóide chugam ag Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Dónal Óg nó Cummins? Mullane nó DJ? Cé atá ar scothfhoireann iomána John Allen do 2000-2010?'