DOMINIC CUMMINGS: An fear is cumhachtaí sa mBreatain faoi láthair?

Murab ionann agus go leor de na comhairleoirí a bhíonn ag obair ar chúla téarma tá roinnt léargais againn cheana féin ar mhodhanna oibre Dominic Cummings

DOMINIC CUMMINGS: An fear is cumhachtaí sa mBreatain faoi láthair?

An fear is cumhachtaí sa mBreatain faoi láthair? An fear a bhfuil sé mar aidhm aige an Breatimeacht a thabhairt chun críche, le margadh nó gan mhargadh? An Príomh-Aire nua Boris Johnson? Ní hé is cosúil ach an té atá ceaptha ina phríomhchomhairleoir aige, Dominic Cummings.

Murab ionann agus go leor de na comhairleoirí céanna a bhíonn ag obair ar chúla téarma tá roinnt léargais againn cheana féin ar mhodhanna oibre Cummings. Aon duine a chonaic an dráma faisnéise Brexit: An Uncivil War sa mBealtaine seo caite fuair siad léargas ar a mhodhanna oibre agus a chumas teachtaireacht a chur i gcion ar dhaoine.

Bhí Dominic Cummings ina stiúrthóir ar fheachtas Vote Leave sa reifreann trí bliana ó shin. Chinn sé ón tús gan leas a bhaint as leithéidí Nigel Farage mar gur mó dochar a dhéanfadh sé don fheachtas ná a mhalairt. Is é Cummings a cheap an nath ‘Take back control’ don fheachtas.

Tá an-chreidiúint aige i bhfaisnéis agus bunachar sonraí a úsáid ar mhaithe lena chuid oibre. D’éirigh leis an trian sin den phobal nach raibh a n-intinn déanta suas acu faoin reifreann a aithint trí anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhí aige. Saineolaithe sa bhfisic a thug sé isteach sa bhfeachtas leis an eolas a scagadh.

Le cuidiú grúpaí fócais agus na meán sóisialta, dhírigh an feachtas ‘Leave’ ar an dream sin a bhí idir dhá chomhairle. Gan aon mhíniú a thabhairt, d’éirigh leo a chur i gcion ar phobal na Breataine glacadh leis an tubaiste eacnamaíochta agus pholaitíochta is mó dár tharla dóibh ó aimsir an chogaidh!

Chaith Cummings seal ag obair mar chomhairleoir ag Michael Gove nuair a bhí seisean ina rúnaí oideachais.  Is cinnte go mbeidh siad ag obair go dlúth le chéile arís anois agus iad ag réiteach d’imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach Oíche Shamhna. Tá an bunachar sonraí agus an fhaisnéis ar fad a cuireadh i dtoll a chéile don reifreann sin fós ina seilbh.

Dhá chúram atá curtha ar Cummings ag na bPríomh-Aire nua. An Breatimeacht a chur i gcrích ar ais nó ar éigean agus plean a ullmhú lena chinntiú go mbeidh móramh sa Pharlaimint ag Johnson. De réir na dtuairiscí ar fad thug sé faoin obair le fuinneamh ón gcéad lá. Chinntigh sé go mbeadh veto aige ar cheapachán chomhairleoirí speisialta na nAirí nuacheaptha.

Tuairiscítear gur dhiúltaigh roinnt daoine a n-ainmneacha a chur chun cinn mar gur ghlac siad leis nach mbeadh aon ghlacadh ag Cummings leo. Chuir sé in aghaidh ceapachán amháin ar an mbunús nach raibh an té a bhí molta sách láidir ar aon an Bhreatimeachta. 

Tá sé i gceist aige an státseirbhís a scrios, dar le cuid de na meáin thall.

Bíodh sin mar atá, tá cáil ar Cummings go n-éiríonn leis pé cúram a chuirtear air a dhéanamh.  Ní sceithfear aon eolas nach dtagann go hiomlán le clár oibre an rialtais, deirtear linn. Beidh a fhios againn as seo go ceann beagán le cois ceithre scór lá an éireoidh leis na dúshláin atá curtha roimhe ag Boris Johnson a shárú.

Fág freagra ar 'DOMINIC CUMMINGS: An fear is cumhachtaí sa mBreatain faoi láthair?'