Dominic Bradley ag éirí as Stormont chun díriú ar chúrsaí Gaeilge

D’fhógair fear an SDLP ar maidin go bhfuil sé chun éirí as an bpolaitíocht chun díriú ar thogra nua a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge

getmediafile.ashx

Tá sé fógartha ag Dominic Bradley, comhalta de Thionól Stormont agus urlabhraí Gaeilge an SDLP, go bhfuil sé chun éirí as an bpolaitíocht chun díriú ar thogra a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge.

Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas ar Bradley atá ar dhuine den bheagán cainteoirí Gaeilge i Stormont.

Dúirt an polaiteoir ón SDLP, atá ina bhall den chomhthionól don Iúr agus Ard Mhacha ó 2003, ar maidin gur “pribhléid” a bhí ann ionadaíocht a dhéanamh ar phobal a thoghcheantair agus go raibh sé “bródúil” as an méid a bhain sé amach ar a son.

Dúirt sé go raibh dianmhachnamh déanta aige ar an scéal agus gur chreid sé go raibh sé in am don SDLP deis a thabhairt “do ghlúin nua de pholaiteoirí” aghaidh a thabhairt ar na “dúshláin” atá roimh “shochaí” an Tuaiscirt.

Dúirt Bradley go mbeadh sé gníomhach i gcónaí san SDLP agus go dtabharfadh sé tacaíocht d’iarrthóirí an pháirtí sa chéad toghchán eile, ach go raibh faoi díriú níos mó feasta ar thogra nua a bhaineann leis an nGaeilge.

Ghabh ceannaire an SDLP, Alasdair McDonnell, buíochas le Bradley agus dúirt sé go raibh sé ar dhuine de na Gaeilgeoirí is “díograisí” dá bhfaca sé riamh.

Dúirt ceannaire an SDLP gur “onóir” a bhí ann a bheith ag obair le Bradley agus go raibh spéis mhór aige i gcónaí “cabhrú le daoine”. Mhol McDonnell go háirithe an Bille Uathachais a thug a chomhghleacaí isteach agus an díograis a léirigh sé i leith na Gaeilge.

Bhí baint mhór ag Bradley le feachtais éagsúla ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge agus tá tacaíocht láidir tugtha aige, mar shampla, don éileamh ar Acht Teanga ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Dominic Bradley ag éirí as Stormont chun díriú ar chúrsaí Gaeilge'