Dolores O’Riordan, príomhamhránaí na Cranberries, tar éis bháis go tobann

Thug urlabhraí an amhránaí mór le rá le fios tráthnóna gur bhásaigh sí go tobann i Londain, mar a raibh sí i mbun taifeadta le tamall anuas

Dolores O’Riordan, príomhamhránaí na Cranberries, tar éis bháis go tobann

Tá an t-amhránaí mór le rá Dolores O’Riordan a bhain cáil amach ar fud an domhain leis an mbanna ceoil The Cranberries tar éis bháis go tobann.

Bhí sí 46 bliain d’aois.

Thug urlabhraí an amhránaí le fios don Limerick Leader tráthnóna gur bhásaigh sí go tobann i Londain, mar a raibh sí i mbun taifeadta le tamall anuas.

Dúirt an t-urlabhraí nach raibh a thuilleadh sonraí faoin scéal ar fáil faoi láthair, ach go raibh muintir an amhránaí “croíbhriste” agus iad ag iarraidh ar dhaoine gan cur isteach orthu “ag an am deacair seo”.

Bunaíodh The Cranberries i Luimneach i 1989 agus bhaineadar cáil idirnáisiúnta amach sna 1990idí luatha lena gcéad albam Everybody Else is Doing It, So Why Can’t We?. Chuir an banna sé albam eile amach ina dhiaidh sin, ina measc No Need To Argue agus To The Faithful Departed. Ba é an bua ba mhó a luaití le rath na Cranberries ná guth binn sainiúil an Ríordánaigh.

Ba as Baile Uí Bhricín i gcontae Luimnigh di agus d’fhreastail ar an scoil lán-Ghaeilge Chnoc na Labhras i gcathair Luimnigh. Bhí aithne mhaith uirthi chomh maith i gCorca Dhuibhne ar feadh tamaill nuair a bhíodh teach saoire aici i nDún Chaoin.

Fág freagra ar 'Dolores O’Riordan, príomhamhránaí na Cranberries, tar éis bháis go tobann'

  • leitheoir

    Duine brea. Nior caitheadh ro-dheas lei i nDunchaoin.

  • nioclas

    Bhiothas i bhformad lei. Duradh lei gabhail ar ais go ‘stab city’. Dhiol si an teach ina dhiaidh sin.

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Meallacach, faoiseamhach, uathúil ab ea guth Ḋolores. Suaimhneas síoraí dá hanam.