Dódh Scoil Naithí ‘d’aon ghnó’, a deir na Gardaí

Coirloisceadh ba chúis le dó na gaelscoile aitheanta i mBaile Átha Cliath go moch maidin inné

Dódh Scoil Naithí ‘d’aon ghnó’, a deir na Gardaí

Dódh Scoil Naithí, an ghaelscoil aitheanta i mBaile an tSaoir, d’aon ghnó, dar leis an nGarda Síochána.

Thug urlabhraí thar ceann an Gharda Síochána le fios do Tuairisc.ie tráthnóna gur choirloisceadh a bhí i gceist le dó na scoile go moch maidin Dé Luain.

Dódh chomh dona sin an scoil go bhfuil an foirgneamh ar fad curtha ó mhaith.

Tá na Gardaí i nDún Droma i mbun fiosruithe faoin ‘damáiste coiriúil’ a rinneadh don scoil ar Bhóthar an Átha Leathain i mBaile an tSaoir i mBaile Átha Cliath 16.

Cuireadh fios ar na Gardaí ag 4.15 am inné agus dúirt urlabhraí dá gcuid tráthnóna go bhfuil “na fiosruithe fós ag dul ar aghaidh”.

250 dalta atá ag freastal ar Scoil Naithí agus tá pobal na scoile trína chéile ó inné agus gan fios go fóill acu céard atá i ndán dóibh.

Dúirt an tAire Iompair Shane Ross, ar Teachta Dála don cheantar é, go rachadh sé i mbun cainte leis an Roinn Oideachais chun a chinntiú go n-athosclófar go luath an scoil.

Dúirt an tAire inné chomh maith go gcuirfí ionad eile ar fáil do Scoil Naithí dá mba ghá.

Fág freagra ar 'Dódh Scoil Naithí ‘d’aon ghnó’, a deir na Gardaí'