Dochtúireacht oinigh bronnta ag DCU ar Sheán de Fréine, ‘scoláire neamhspleách ceannródaíoch’

D’fhág an anailís a rinne Seán de Fréine ar an athrú teanga sa naoú haois déag lorg buan ar scoláireacht agus smaointeoireacht na hÉireann

Dochtúireacht oinigh bronnta ag DCU ar Sheán de Fréine, ‘scoláire neamhspleách ceannródaíoch’

Seán de Fréine. Pictiúr: Fran Veale/Julien Behal Photography No Fee Pic

Tá dochtúireacht oinigh bronnta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an scoláire ceannródaíoch Seán de Fréine.

Dúradh go raibh “tábhacht bhunúsach” ag baint le hobair de Fréine i réimse an chultúir agus na teanga “le trí scór bliain anuas”.

Dúradh go raibh a rian fágtha aige ar an tsochtheangeolaíocht in Éirinn agus go raibh “áit lárnach” ag a shaothar “sa phlé acadúil agus poiblí ar cheist na teanga, na sochaí agus na féiniúlachta in Éirinn ó na 1960idí ar aghaidh”.

Ba é an chéad leabhar a chuir Seán de Fréine amach ná Saoirse gan Só, atá áirithe ar cheann de mhórshaothair Léann na hÉireann. Thuill an leagan Béarla den leabhar, The Great Silence, aird mhór, agus d’fhág an anailís a rinne sé ar an athrú teanga sa naoú haois déag lorg buan ar scoláireacht agus smaointeoireacht na hÉireann.

Bhí de Fréine ina phríomhfheidhmeannach ar Bhord na Gaeilge idir 1975 agus 1978 agus ina chomhalta ar Bhord na Leabhar Gaeilge idir 1994-2006.

Séán de Fréine lena bhean chéile Josephine. Pictiúr: Fran Veale/Julien Behal Photography

Tháinig leagan nua dá shárdhíolaim, Croí Cine, amach in 2019.

Dúirt Seán de Fréine gur mór “an onóir agus an pléisiúr” dó an gradam seo a fháil.

“Is mór an pléisiúr fós é a leithéid a fháil ar son rud a dhéanamh a thaitin liom riamh anall. Sásamh ar leith dom é an gradam seo a fháil ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go háirithe. Ollscoil óg í seo agus is iontach an saothar ceannródaíoch atá déanta cheana féin ar son na Gaeilge ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge, faoi scáth Gaois, idir thaighde agus scoláireacht, chun acmhainní teanga agus oidhreachta a dhigitiú le go mbeidh fáil go hoscailte ag an bpobal orthu.

“An rud is suntasaí faoi sin uile is ea gur aidhm dó acmhainní na linne seo a úsáid chun leas na Gaeilge a dhéanamh do na glúnta atá le teacht.”

I measc na ndaoine eile ar bronnadh an gradam céanna orthu roimhe seo, tá Jim Gavin, Paula Meehan, Micheál Ó Muircheartaigh, Sonia O’Sullivan, Bill Clinton, Seamus Mallon, David Trimble, Annette Kennedy agus Vivien Lusted.

Dúirt an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, gur “ceiliúradh” a bhí sa dochtúireacht oinigh a bronnadh ar de Fréine ar “an méid atá déanta aige ar son sochaí na hÉireann”.

“An tseirbhís atá lárnach sa mhéid sin uilig – mar fhear taca don Ghaeilge, mar smaointeoir agus scríbhneoir, mar sheirbhíseach poiblí agus mar dhuine a chuir an leas coiteann chun cinn go leanúnach ina chuid éachtaí iomadúla.

Seán le Daire Keogh, Uachtarán DCU agus Brid Horan, Seansailéir DCU. Pictiúr: Fran Veale/Julien Behal Photography

“Bhí saol ar leith ag Seán mar scoláire neamhspleách nó baineann úire agus ceannródaíocht lena bhfuil scríofa aige ar shochtheangeolaíocht agus ar stair na Gaeilge, gan trácht ar na mórfhoilseacháin eile uaidh.”

Dúirt, An tOllamh Daire Keogh, Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go raibh seirbhís phoiblí “eiseamláireach” tugtha ag de Fréine agus obair mhór déanta aige i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt shaol cultúrtha na hÉireann.

Sa Helix ar Champas Ghlas Naíon, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh an ócáid cheiliúrtha ar siúl agus bhí cuid de theaghlach Sheáin agus roinnt cairde leis i láthair. Rinne an grúpa ceoil traidisiúnta, Na Casaidigh, píosa ceoil ‘Ómós do Sheán’ a chumadh agus a thaifeadadh don ócáid.

Fág freagra ar 'Dochtúireacht oinigh bronnta ag DCU ar Sheán de Fréine, ‘scoláire neamhspleách ceannródaíoch’'

  • Ailbhe Ní Chasaide

    Comhgháirdeachas a Sheáin! Thar a bheith tuillte agat!

  • Seán Ó hAodha

    Is tobar nach ngabhann i ndísc é an díolaim “Croí Cine” . Go raibh maith agat a Sheáin.