Níor bunaíodh fós an coiste stiúrtha don Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana do Ghaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas i mí an Mheithimh.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an méid sin le fios i bhfreagra ar cheist Dála a chuir Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, air faoi bhunú an choiste stiúrtha.
Tá bunú an Choiste Stiúrtha, a bheadh freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar dhul chun cinn an phlean, i measc na gcéad bheart atá le déanamh i dtaobh an Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Cé gur thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios gur údar “áthais” dó a chur in iúl don Teachta Dála Peadar Tóibín “go raibh bunú an choiste sin idir lámha cheana féin” ag a Roinn, dúirt Tóibín le Tuairisc.ie go raibh sé “dochreidte” nach raibh an coiste bunaithe go fóill.
“Bhí muid ag fanacht ar feadh bliana ar an bplean gníomhaíochta agus anois tá moill cúig mhí ar an gcoiste atá in ainm is a bheith ag déanamh monatóireachta ar chur i bhfeidhm an phlean,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.
Deir Tóibín go bhféadfadh sé go bhfuil “cás anois ann” go gcuirfí coiste eile ar bun “lena chinntiú go bhfuil an coiste stiúrtha ag feidhmiú mar is ceart”, toisc an oiread moille a bheith i gceist le bunú an choiste.
“Ba chóir don choiste stiúrtha a bheith bunaithe an lá céanna ar foilsíodh an plean le go mbeidís réidh le dul i mbun oibre,” a dúirt Tóibín.
Dúirt sé go bhfuil sé léirithe ag an Rialtas “arís agus arís eile” nach bhfuil siad dáiríre faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ach go raibh sé ag súil go mbeadh “cur chuige difriúil” ar an Aire Stáit Gaeltachta nua, Seán Kyne.
“Is léiriú é seo ar an easpa fuinnimh agus an easpa práinne atá i gceist maidir le cur i bhfeidhm an phlean,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.
Gheall Aire Stáit nua na Gaeltachta Seán Kyne go mbunófaí an coiste stiúrtha “go luath”.
Léirígh taighde a rinne an sochtheangeolaí aitheanta Seosamh Mac Donnacha níos túisce i mbliana nach raibh aon chruinniú ó mhí Eanáir 2016 ag gcéad ghrúpa sinsearach idir-rannach a bunaíodh chun plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus nach raibh ag an gcoiste sin ach ocht gcruinniú ar fad le breis agus seacht mbliana.
Os cionn 180 beart atá sa Phlean nua cúig bliana don Ghaeilge a réitigh Roinn na Gaeltachta.
Magaoidh
“Dochreidte” nach bhfuil an Ghaeilge ar bhileogaí Shinn Féinn / Liadh Ní Riada atá á scaipeadh ar fud na tíre faoi láthair.
Sin atá “dochreidte”.
Béal bán agus cur i gcéill a bhíonn ó Shinn Féin faoi athbheochaint na Gaeilge. Is léir go nglacann siad leis an status quo aonteangach.
Fionnbarra
Agus seo an plean gníomhaíochta!