‘Dochreidte’ go bhfuil neamhaird á déanamh ag ranna rialtais ar an nGaeilge ina gcumarsáid leis an phobal – Teachta Dála

Dúirt Holly Cairns, Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, gur ‘údar mór díomá’ figiúirí nua a léiríonn a laghad Gaeilge a bhíonn ag ranna rialtais ar na meáin shóisialta

‘Dochreidte’ go bhfuil neamhaird á déanamh ag ranna rialtais ar an nGaeilge ina gcumarsáid leis an phobal – Teachta Dála

Holly Cairns. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Tá ráite ag Teachta Dála go bhfuil sé “dochreidte” a laghad teachtaireachtaí i nGaeilge a bhíonn á bpostáil ag ranna stáit ar na meáin shóisialta.

Dúirt Holly Cairns, Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, gur “údar mór díomá” na figiúirí nua a léiríonn a laghad Gaeilge a bhíonn ag ranna rialtais ar na meáin shóisialta.

Dúirt sí go raibh súil aici gur oscailt súl a bheadh sna figiúirí, a fuair sí de thoradh sraith ceisteanna Dála, don rialtas.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc.ie ar na figiúirí nua gur i nGaeilge a bhí níos lú ná 4% de na teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta ag formhór na ranna rialtais.

Chuir airí rialtais na figiúirí ar fáil tar éis don Teachta Cairns eolas a lorg faoi líon na bpostálacha i nGaeilge a rinne na ranna stáit ar na meáin shóisialta idir tús mhí na Bealtaine 2020 agus deireadh mhí Aibreáin na bliana seo.

Thug beirt airí le fios nár chuir a ranna aon teachtaireacht amach i nGaeilge ar Twitter, Facebook, Instagram ná LinkedIn le bliain anuas, an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys agus an tAire Ardoideachais Simon Harris.

Dúirt an Teachta Cairns le Tuairisc.ie gur údar díomá a bhí sa líon íseal teachtaireachtaí i nGaeilge agus go raibh sé “deacair a chreidiúint” go raibh neamhaird iomlán á déanamh ag rann áirithe ar an nGaeilge ina gcumarsáid leis an bpobal.

Bhí iarracht níos fearr déanta ag an Roinn Oideachais agus ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a dúirt Cairns, ach, mar sin féin, mheas sí gur cheart go mbeadh na céatadáin a bhí i gceist i bhfad níos airde, mar atá sa Bhreatain Bheag.

“Is fiú na figiúirí seo a chur i gcomparáid le cás na Breataine Bige ar na meáin shóisialta, mar a mbíonn 50% i mBreatnais nó dátheangach. Is cuid dá bpolasaí cumarsáide sin gach mír a bheith i mBreatnais agus i mBéarla.”

Dúirt Cairns go raibh sé tábhachtach go gcuirfeadh an rialtas úsáid agus feiceálacht na Gaeilge chun cinn chun an teanga a shábháil agus gur cheart leas a bhaint as na meáin shóisialta mar chuid den obair sin.

“Is eol dúinn ar fad an leas a dhéanann sé úsáid na Gaeilge sa ghnáthshaol a chur chun cinn más linn go mairfidh sí mar theanga bheo. Uirlis iad na meáin shóisialta a d’fhéadfadh an Rialtas a úsáid chun taithí ar an teanga a thabhairt do dhaoine agus focail nua a fhoghlaim.

“Tá súil agam go spreagfaidh an t-eolas seo an rialtas chun tiomantas níos fearr a léiriú don teanga ina gcumarsáid leis an bpobaI.”

Dúírt Cairns go raibh sí ag iarraidh a cuid Gaeilge féin a fheabhsú agus gur spreagadh í leis an scéal seo a fhiosrú tar éis di cás an Dochtúra Faghzhe Qiu agus a mhná a léamh sna meáin.

Ollamh cúnta sa tSean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é an Dr Qiu. Chuir sé féin agus a bhean, Lijing Peng, isteach ar shaoránacht na hÉireann i nGaeilge ach d’iarr an Roinn Dlí agus Cirt orthu iarratais i mBéarla a dhéanamh ar líne. Dhiúltaigh an bheirt é sin a dhéanamh agus bhíodar ag fanacht roinnt míonna chun foirmeacha i nGaeilge a bhí bailí a fháil.

Cé nach bhfuil an Ghaeilge ar a toil ag Cairns, dúirt sí go n-aithníonn sí an tábhacht atá leis an teanga agus an ról atá ag an stát ina caomhnú.

“Má chaillfimid an teanga, caillfimid cuid dár gcultúr. Is den riachtanas é go ndéanfaidh an stát gach ar féidir leis chun í a chaomhnú agus a chothú. Ní le Gaeilgeoirí amháin a bhaineann postálacha ar na meáin shóisialta, bealach atá ann chun saol a chothú ina mbeimid cuidiú ar fáil dúinn ar fad chun ár gcuid Gaeilge a úsáid agus a fheabhsú.”

Fág freagra ar '‘Dochreidte’ go bhfuil neamhaird á déanamh ag ranna rialtais ar an nGaeilge ina gcumarsáid leis an phobal – Teachta Dála'

  • Cluain Sceach

    Fair play di.

  • Eoghan Ó Néill

    Maith ort Holly Cairns! Cinnte caithfimid seasadh ar ár gceart deighleáil le hoifigí an Rialtais inár dteanga fhéin in ár dtír fhéin bíodh gur pian sa tóin é seo do dhream ab fhearr leo teanga ár sinsir bheith glanta as croíthe ár bpobal nach bhfuil líonmhar mar bhí tráth ach atá fós beo agus á tabhairt do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.

  • An Teanga Bheo

    Agus cuid eile acu ina dtost ach nil siad binn? ach céard a dhéannann na TDs ?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl ort ach feidhmeannacht na seirbhíse sláinte a ghlacadh mar sampla… Feachtas Covid-19 99% i mBéarla!!