Dóchas go mbeidh cead coláistí samhraidh Gaeltachta a reáchtáil mí Lúnasa

Foilseofar an tseachtain seo chugainn treoirlínte Roinn na Gaeltachta maidir le conas a d’fhéadfaí na cúrsaí a reáchtáil go sábháilte i mbliana dá gceadófaí sin

Dóchas go mbeidh cead coláistí samhraidh Gaeltachta a reáchtáil mí Lúnasa

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil dóchas anois ann go mbeifear ábalta na coláistí samhraidh Gaeltachta a reáchtáil mí Lúnasa na bliana seo.

Foilseofar an tseachtain seo chugainn treoirlínte Roinn na Gaeltachta maidir le conas a d’fhéadfaí na cúrsaí a reáchtáil go sábháilte i mbliana dá gceadófaí sin.

Tabharfar deis ansin d’fhir agus mná tí na Gaeltachta a dtuairimí a thabhairt i leith na dtreoirlínte agus beidh pé cinneadh a dhéanfar ag brath go mór ar cad déarfaidh siadsan.

Tá sé i gceist pé cinneadh a dhéanfar faoi chúrsaí samhraidh na bliana seo a fhógairt i lár na míosa seo. 

Cé go bhfuiltear i bhfad níos dóchasaí anois ná mar a bhíothas mí ó shin go dtiocfaidh cuid de na cúrsaí slán i mbliana, is é is dóichí ná a mhalairt ná gur i mí Lúnasa amháin a bheadh na cúrsaí ar siúl.

Tuigtear gurbh amhlaidh gur mhéadaigh ar dhóchas oifigigh na Roinne go bhféadfaí líon teoranta cúrsaí a reáchtáil i mbliana i ndiaidh ráiteas an Taoisigh Dé Máirt faoin bplean is déanaí atá ag an rialtas dul i ngleic leis an bpaindéim.

D’fhógair an Taoiseach Dé Máirt go mbeidh cead oscailte ag óstáin agus tithe lóistín mí an Mheithimh má bhíonn feabhas ar an ngéarchéim sláinte, ach níos tábhachtaí ná sin dúirt sé go mbeadh i bhfad níos mó saoirse ann amach sa samhradh, go háirithe ag deireadh mhí Iúil nuair a bheadh sé mhilliún vacsaín tugtha amach. Ar ndóigh, ní bheidh an tsnáthaid faighte ag aon duine faoi 16 bliain d’aois an uair sin, rud a dhéanann níos casta cás na gcoláistí samhraidh.

Foilseofar an tseachtain seo chugainn na treoirlínte do na coláistí samhraidh agus na mná tí ar shuíomh na Roinne. Meastar gur ceann de na moltaí a bheidh sna treoirlínte, mar shampla, ná go laghdófaí líon na ndaltaí a bheadh ceadaithe sna tithe lóistín.

Ní fios go fóill cén fonn a bheadh ar choláistí samhraidh agus mná tí tabhairt faoi mhí amháin de chúrsaí i mbliana.

Idir an dá linn, ní raibh an tAire Gaeltachta Catherine Martin sásta a dheimhniú cé acu an mbeadh nó nach mbeadh cúiteamh á íoc arís i mbliana leis na coláistí samhraidh agus na mná agus fir tí sa chás go gcuirfí na cúrsaí ar ceal don dara bliain as a chéile nó sa chás gur ar bhonn teoranta a cheadófaí na cúrsaí.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil “tacaíocht chuí de dhíth ar mhná tí na Gaeltachta, agus cinnteacht ag teastáil ó na coláistí Gaeltachta freisin”. 

Dúirt sé gur léir ó fhreagra an Aire Martin ar cheist Dála a chuir sé uirthi nach bhfuil cinneadh déanta go fóill faoi chás na gcoláistí ná ceist an chúitimh. 

“Níl sé sin sásúil, agus cuireann sé leis an éiginnteacht atá ag cur brú ar gach éinne,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt Catherine Martin go dtuigeann a Roinn “go bhfuil sé thar a bheith dúshlánach do na coláistí Gaeltachta agus iad ag iarraidh a bheith “ag pleanáil chun cinn” tráth a bhfuil “cúrsaí COVID-19 ag athrú go síoraí”.

Dúirt sí go raibh na treoirlínte á n-ullmhú ar mhaithe le cabhrú leis an earnáil dul i ngleic leis na dúshláin a bhainfeadh leis na cúrsaí samhraidh aimsir na paindéime agus lena  chinntiú go mbeadh an cur chuige ag teacht le plean an Rialtais – Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 – An Bóthar Amach Romhainn.

“Tá sé idir dhá cheann na meá an mbeifear in ann dul ar aghaidh le cúrsaí go sábháilte an samhradh seo,” a dúirt an tAire.

Dúirt sí go raibh a Roinn ag obair i gcomhar leis an Roinn Oideachais, na húdaráis sláinte agus CONCOS, scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, chun teacht “ar chur chuige slán sábháilte agus tacaíocht chuí a bheidh ar leas foriomlán an phobail, idir phobal na Gaeltachta agus phobal na gColáistí”.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh sé i gceist aige a thuilleadh ceisteanna a chur ar Airí na Gaeltachta sa Dáil chun a chinntiú go dtabharfar tacaíocht agus cúiteamh do na coláistí samhraidh a bhfuil “cinnteacht” ag teastáil uathu.

Fág freagra ar 'Dóchas go mbeidh cead coláistí samhraidh Gaeltachta a reáchtáil mí Lúnasa'