Dóchas faoi vacsaín a spreagann imdhíonacht in aghaidh an choróinvíris

Tá ag éirí le vacsaín atá á forbairt in Ollscoil Oxford antashubstaintí agus fuilchealla bána a tháirgeadh atá in ann cur i gcoinne an choróinvíris

Dóchas faoi vacsaín a spreagann imdhíonacht in aghaidh an choróinvíris

Tá ag éirí le vacsaín nua córas imdhíonachta an duine a chur in oiriúint dá throid in aghaidh an choróinvíris.

Táthar sásta go bhfuil an vacsaín atá á forbairt in Ollscoil Oxford sábháilte agus go bhfuil ag éirí léi antashubstaintí agus fuilchealla bána a tháirgeadh atá in ann cur i gcoinne an Covid-19.

Rinneadh an vacsaín a thástáil i measc 1,077 duine idir 18 agus 55 bliain d’aois agus foilsíodh na torthaí san irisleabhar an Lancet inniu.

In Institiúid Jenner in Ollscoil Oxford a rinneadh an triail chliniciúil d’fhorbairt na vacsaíne in aghaidh an choróinvíris,   SARS-Cov-2.

Is é an tOllamh Adrian Hill – arb as Baile Átha Cliath dó – stiúrthóir Institiúid Jenner. Chuir Hill tús lena chuid staidéir i gColáiste na Tríonóide agus bhog sé go Oxford chun an obair a chríochnú.

Dúirt an tOllamh Hill inniu go gciallaíonn a láidre is a chuaigh an vacsaín i bhfeidhm ar an gcóras imdhíonachta gur dócha go dtabharfadh sé cosaint do dhuine ón gcoróinvíreas, ach nach féidir talamh slán a dhéanamh den mhéid sin.

Údar mór dóchais é go bhfuil ag éirí leis an vacsaín dul i bhfeidhm ar an gcóras imdhíonachta mar seo, ach deirtear go bhfuil sé róluath fós a rá go n-oibreoidh leis agus gur gá a thuilleadh trialacha a dhéanamh. Dúirt an tOllamh Sarah Gilbert, duine den lucht taighde, go raibh “go leor oibre eile” le déanamh sula bhféadfaí a dheimhniú go bhféadfadh an vacsaín nua cabhrú leis an bpaindéim Covid-19 a smachtú.

“Ach tá gealladh faoi na torthaí luatha seo,” arsa an tOllamh Gilbert.

ChAdOx1 nCoV-19 atá tugtha ar an vacsaín nua atá bunaithe ar víreas géinathraithe a thugann slaghdándon simpeansaí.

Fág freagra ar 'Dóchas faoi vacsaín a spreagann imdhíonacht in aghaidh an choróinvíris'