‘Dóchas’ faoi mhaoiniú breise don Ghaeilge agus cainteanna ‘dearfacha’ ar bun idir an Roinn agus an Conradh

Aitheantas oifigiúil tugtha den chéad uair ag Aire do mholtaí Phlean Infheistíochta Chonradh na Gaeilge

‘Dóchas’ faoi mhaoiniú breise don Ghaeilge agus cainteanna ‘dearfacha’ ar bun idir an Roinn agus an Conradh

An tAire Stáit Seán Kyne

Tá Plean Infheistíochta Chonradh na Gaeilge á ‘scrúdú go gníomhach’ ag oifigigh i Roinn na Gaeltachta, a deir Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Seo an chéad uair d’Aire Stáit nó Aire de chuid an Rialtais aitheantas oifigiúil a thabhairt do mholtaí Phlean Infheistíochta Chonradh na Gaeilge don Ghaeilge, a seoladh i nDeireadh Fómhair 2015.

Tá an plean, ina lorgaítear €7 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta agus €11 milliún breise d’Fhoras na Gaeilge, á phlé ag Conradh na Gaeilge leis an Roinn le mí anuas agus lucht an Chonartha “dóchasach” go bhfuil “meon dearfach” anois sa Roinn i dtaobh a moltaí.

Tuigtear go bhfuil Stiúrthóir nua na Gaeilge sa Roinn, Aodhán Mac Cormaic, lárnach san iarracht seo moltaí an Chonartha a chur chun cinn.

Thagair an tAire Stáit Seán Kyne sa Dáil an tseachtain seo do na cainteanna le Conradh na Gaeilge faoin bplean a bhfuil tacaíocht 80 eagraíocht agus grúpa Gaeilge aige.

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an Plean Infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2016 ar aghaidh á scrúdú go gníomhach ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Tá an plean pléite le Conradh na Gaeilge le mí anuas, ar mhaithe le scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun na moltaí atá san áireamh ann a thabhairt chun cinn,” a dúirt an tAire Stáit.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn go raibh “dul chun cinn á dhéanamh nach raibh á dhéanamh roimhe seo”.

“Braithimid go bhfuil meon dearfach anois sa Roinn agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna cainteanna leo. An chéad rud atá le baint amach ná a chinntiú go bhfuil deireadh leis na ciorruithe agus ag an am céanna tosú ar mhaoiniú breise a fháil.

“Ní bheidh i gceist mar thús ach cuid den mhaoiniú a fháil ar ais agus tá go leor oibre fós le déanamh ó thaobh brú a chur ar pholaiteoirí roimh an gcéad Bhuiséad eile le go mbeadh cás níos láidre á chur i láthair na Roinne Airgeadais. Ar deireadh thiar, is iad na mianta céanna ó thaobh infheistíochta de atá againne, ag pobal na Gaeilge agus ag Roinn na Gaeltachta,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Dóchas’ faoi mhaoiniú breise don Ghaeilge agus cainteanna ‘dearfacha’ ar bun idir an Roinn agus an Conradh'