Dóchas ann go mbeidh Éire in ann ag Ronaldo agus a chomrádaithe anocht

Idir an feabhas atá tagtha ar an bhfoireann agus an seans go mbeidh leathshúil ag an bPortaingéil ar chluiche an deireadh seachtaine, tá dóchas ann go bhféadfadh Éire dea-thoradh a fháil

Dóchas ann go mbeidh Éire in ann ag Ronaldo agus a chomrádaithe anocht

Ryan Manning. Pictiúr:INPHO/Ben Brady

Éire v An Phortaingéil – Staid Aviva, 7.45pm (Beo ar RTÉ 2)

Agus Éire as an iomaíocht d’áit ag Craobh an Domhain 2022, ní bheifeá ag súil go mbeadh mórán tábhachta le cluiche na hoíche anocht in aghaidh na Portaingéile.

Bhí a fhios ag lucht tacaíochta na tíre go raibh rás na foirne rite nuair a chuaigh na ticéid don chluiche seo ar díol cúpla seachtain ó shin ach, mar sin féin, díoladh na ticéid uile taobh istigh de chúpla nóiméad.

Cinnte, bhí baint ag Cristiano Ronaldo leis sin. Ní minic a fhaigheann daoine an deis duine de na himreoirí is fearr ar domhan a fheiceáil agus cé go mbeidh formhór na ndaoine a bheidh sa Staid Aviva anocht ag iarraidh an bua a bheith ag Éirinn, beidh sé ina údar mórtais acu freisin go raibh siad ann nuair a tháinig Ronaldo go Bóthar Lansdún.

Rud eile a d’fhág go raibh an-tóir ar thicéid go bhfuil daoine ag súil arís le cluichí na hÉireann, den chéad uair le tamall maith. B’údar dóchais do dhaoine teacht Stephen Kenny ach idir dhrochthorthaí agus seastáin fholmha na paindéime, thráigh an dóchas in 2021.

Tá an scéal sin athraithe le cúpla mí anuas. Ag tús mhí Mheán Fómhair, thug Éire taispeántas láidir uathu i gcoinne na Portaingéile agus an mí-ádh ceart a d’fhág nár bhain na hÉireannaigh an cluiche sin in Faro. Ansin, bhuaigh Éire 3-0 in aghaidh na hAsarbaiseáine agus 4-0 in aghaidh Chatar, torthaí arbh údar misnigh iad go bhfuil an fhoireann ar an mbóthar ceart, faoi dheireadh.

I lár an tsamhraidh, déarfaí go raibh duine as a mheabhair dá dtabharfadh sé seans d’Éirinn sa chluiche seo in aghaidh na Portaingéile ach is amhlaidh atá.

Ar ndóigh, is mór an chabhair é go bhfuil Éire ag imirt níos fearr ach is fiú cuimhneamh go bhféadfadh leathshúil a bheith ag na Portaingéalaigh ar chluiche a imreofar ag an deireadh seachtaine.

Fiú má fhaigheann foireann Fernando Santos an ceann is fearr ar Éirinn anocht, ní bheidh siad cinnte d’áit ag Corn an Domhain má éiríonn leis an tSeirbia iad a bhualadh Dé Domhnaigh. Agus má chailleann an Phortaingéil anocht, bainfidh siad an chéad áit sa ghrúpa ach buachan ar an Domhnach.

Tá ráite ag an mbainisteoir gur ar chluiche na hÉireann amháin atá a n-aird ach is maith a thuigeann Santos agus a chuid imreoirí gurb í coimhlint an Domhnaigh an ceann is tábhachtaí. Feicfimid linn an rachaidh sé sa seans agus João Cancelo, Rúben Dias agus Diogo Jota a chur chun páirce san Aviva agus an baol ann nach mbeidh siad aige in aghaidh na Seirbia má fhaigheann siad cártaí buí anocht.

Buaileadh buille ar fhoireann na Portaingéile i rith na seachtaine nuair a fógraíodh go raibh imreoir Manchester City, Bernardo Silva, gortaithe agus nach mbeadh sé ag imirt. Tá Anthony Lopes, Rafa Silva agus João Mario leonta freisin.

Níl foireann na hÉireann saor ó dheacrachtaí ach an oiread. Ní bheidh an cosantóir Andrew Omobamidele, fear óg a bhí ar fheabhas sna cluichí a d’imir d’Éirinn go dtí seo, in ann imirt.

Buille é sin do Stephen Kenny ach seans gurb éasca a bheidh sé foireann a roghnú. Gach seans go n-imreoidh Séamus Coleman anois i lár an aonaid chosanta agus Matt Doherty agus James McClean ar na cliatháin.

Cé gur scóráil Éire seacht gcúl sna cluichí sin in aghaidh na hAsarbaiseáine agus in aghaidh Chatar, ní hin le rá nach údar buartha é cumas scórála cúl na dtosaithe. D’aimsigh Callum Robinson cúig cinn de na cúil sin ach níl ceann ar bith faighte aige sna sé chluiche atá imeartha aige do West Brom ó shin. Imní eile nach bhfuil ach16 nóiméad imeartha ag Adam Idah do Norwich City ó imríodh na cluichí idirnáisiúnta an mhí seo caite.

Ba léir in Faro a thábachtaí agus a bhíonn tosach cumasach ar fhoireann agus chomh fada agus a bhíonn an fear sin Ronaldo ar an bpáirc, beidh Éire i mbaol.

Fág freagra ar 'Dóchas ann go mbeidh Éire in ann ag Ronaldo agus a chomrádaithe anocht'