Dóchas ann go dtabharfar aitheantas oifigiúil do Bhliain na Gaeilge 2018

Thug an tAire Stáit Kyne le fios sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil 'na féidearthachtaí ina leith á mbreithniú' aige féin i láthair na huaire

Dóchas ann go dtabharfar aitheantas oifigiúil do Bhliain na Gaeilge 2018

Tá dóchas ag Conradh na Gaeilge go dtabharfaidh an stát ó dheas aitheantas oifigiúil do Bhliain na Gaeilge 2018, bliain chomórtha an Chonartha ar ‘125 Bliain d’Athbheochan na Gaeilge’, i ndiaidh don Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne a lua sa Dáil go bhfuil machnamh á déanamh ag a Roinn ar an gceist.

“Tá níos mó dóchais anois againn go bhfuil an Roinn ag déanamh a machnaimh air. Ní raibh siad sásta tacaíocht a thabhairt dúinn in 2013 nuair a bhí Bliain na Gaeilge ann do 120 bliain ó bunaíodh an Conradh. Ba rud píolótach a bhí i gceist an uair sin, áfach, agus beidh 2018 níos oifigiúla. Tá muid ag súil go mbeidh an dá rialtas, thuaidh agus theas, ag tacú leis.

“Tá spéis léirithe ag 45 grúpa cheana féin sa choincheap agus tá an obair ullmhúcháin tosaithe cheana. Dhéanfadh sé maitheas don togra dá mba rud é go raibh an t-aitheantas oifigiúil sin aige ón stát. Bheadh ciall leis agus bheadh muid ag súil go mbeadh gach Roinn páirteach ann,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Thug an tAire Stáit Kyne le fios sa Dáil an tseachtain seo gur “eol dó” go bhfuil an t-aitheantas oifigiúil á lorg ag Conradh na Gaeilge don bhliain chomórtha agus go bhfuil “na féidearthachtaí ina leith á mbreithniú” aige féin i láthair na huaire agus go mbeidh an cheist le plé tuilleadh ag a Roinn leis an bhForas agus leis an gConradh féin.

Dúirt de Spáinn gur iarr sé ar Sheán Kyne an cheist a fhiosrú cúpla mí ó shin. Dúirt sé nach raibh tada cloiste aige ó shin ach go bhfuil “áthas” air go mbeidh an cheist á plé anois sa Dáil.

Deir Conradh na Gaeilge go dtabharfaidh ‘Bliain na Gaeilge’ aitheantas “don dul chun cinn ar fad atá déanta ag gach grúpa le 125 bliain anuas leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn”. Maítear gur “deis ollmhór” a bheidh ann an teanga a chur chun cinn “i slí nua-aoiseach, dhearfach”.

Táthar ag súil go mbeidh gach scoil, coláiste tríú leibhéal, grúpa teanga agus údarás áitiúil, thuaidh agus theas, páirteach sa cheiliúradh. Táthar ag súil chomh maith go nglacfaidh eagraíochtaí ar nós CLG agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann páirt sa cheiliúradh agus go gcuirfidh grúpaí eile, ar nós IBEC agus Gasóga na hÉireann, “nach mbíonn aitheanta leis an nGaeilge de ghnáth” suim sa phlean.

Fág freagra ar 'Dóchas ann go dtabharfar aitheantas oifigiúil do Bhliain na Gaeilge 2018'