Dóchas áirithe léirithe ag an Úcráin agus an Rúis faoi chainteanna síochána

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov go raibh dul chun cinn déanta maidir le margadh a d’fhágfadh ‘stádas neodrach’ don Úcráin

Dóchas áirithe léirithe ag an Úcráin agus an Rúis faoi chainteanna síochána

Tá dóchas áirithe léirithe ag an dá thaobh sa chogadh san Úcráin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna cainteanna síochána atá ar siúl arís inniu.

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov go raibh dul chun cinn déanta maidir le margadh a d’fhágfadh “stádas neodrach” don Úcráin.

“Ar chúiseanna atá soiléir níl sé éasca idirbheartaíocht a dhéanamh. Ach mar sin féin, tá dóchas áirithe ann go dtiocfar ar chomhréiteach,” arsa Lavrov leis Nuacht RBC.

Dúirt sé go raibh “stádas neodrach” don Úcráin á phlé “go dáiríre” chomh maith le barántais ó thaobh na slándála.

“Seo atá á phlé anois againn sna cainteanna. Tá foclaíocht shonrach ann agus i mo thuairimse, tá an dá thaobh gar go maith do theacht ar chomhréiteach fúithi.”

Léirigh Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, misneach áirithe chomh maith nuair a labhair sé níos túisce faoi na cainteanna.

“Tá na cruinnithe ag dul ar aghaidh i gcónaí agus deirtear liom go bhfuil cuma níos réadúla ar na tuairimí atá á léiriú le linn na hidirbheartaíochta. Ach tá am ag teastáil i gcónaí ionas go mbeidh na cinntí ar leas na hÚcráine.”

“Tá gá le hiarracht i gcónaí, le foighne. Comhaontú deireadh gach cogadh.”

Idir an dá linn, tá an Úcráin fós á bombardú ag an Rúis trí seachtaine ó cuireadh tús leis an ionradh.

Dúirt na húdaráis in Kyiv go ndearna fórsaí na Rúise ionsaí sliogán ar bhloc árasán go moch ar maidin agus an phríomhchathair faoi chuirfiú i gcónaí.

Rinneadh ionsaí eile chomh maith ar Kharkiv, an dara cathair is mó sa tír. Deimhníodh gur maraíodh beirt san ionsaí sin agus gur scriosadh dhá fhoirgneamh cónaithe.

Dúirt oifigeach sinsearach de chuid na hÚcráine gur éirigh le 20,000 duine éalú ó chathair faoi léigear Mariupol. Dúirt leasmhéara na cathrach go raibh 400 duine á gcoimeád istigh in ospidéal mar a bheadh “gialla” iontu ag trúpaí na Rúise.

Labhróidh Volodymyr Zelensky Uachtarán na hÚcráine, le Comhdháil na Stát Aontaithe inniu faoin ngá le tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá thír.

Tá níos mó ná trí mhilliún duine teite ón Úcráin ó thús an ionraidh de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce na Náisiún Aontaithe.

“Trí mhilliún duine díbeartha as a n-áit chónaithe. Trí mhilliún, mná, páistí agus daoine leochaileacha, agus iad scartha óna gcuid agus a gcairde,” arsa ceannasaí na Eagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, Antonio Vitorino.

Dúradh gur páistí thart ar leath de na daoine a bhí teite ó thús an ionraidh ar an 24 Feabhra.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, inné gur 97 páiste a maraíodh sa tír ó thús an ionraidh.  In óráid le Parlaimint Cheanada, dúirt sé go raibh “gach rud” á scrios ag fórsaí na Rúise “ionaid chuimhneacháin, scoileanna, ospidéil, tithe”.

“Tá 97 páiste Úcránacha maraithe cheana,” arsa Zelensky.

Fág freagra ar 'Dóchas áirithe léirithe ag an Úcráin agus an Rúis faoi chainteanna síochána'