Dóchas ag an Taoiseach go bhféadfar pionta a ól i dteach ósta agus freastal ar chluiche craoibhe roimh dheireadh an tsamhraidh

Deir iar-ollamh le sláinte phoiblí gur chóir don rialtas polasaí aon dáileoige don vacsaín a leanacht lena chinntiú gur féidir dul chun cinn le hathoscailt na tíre mar atá beartaithe

Dóchas ag an Taoiseach go bhféadfar pionta a ól i dteach ósta agus freastal ar chluiche craoibhe roimh dheireadh an tsamhraidh

Tá ráite ag an Taoiseach go bhfuil seans go bhféadfadh duine pionta a ól taobh istigh agus freastal ar chluiche craoibhe ina dhiaidh roimh dheireadh an tsamhraidh.

Agus é ag labhairt ar an gclár The Pat Kenny Show ar Newstalk FM, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil seans ann go mbeidh cead ag daoine dul isteach i dtithe tábhairne roimh dheireadh mhí Iúil agus go mbeidh cead isteach ag sluaite chuig cluichí thart ar an am céanna.

“D’fhéadfadh go dtarlódh sé i dtreo roimh dheireadh mhí Iúil. Is dóigh liom go bhfuil sé sin taobh istigh den amscála,” a dúirt an Taoiseach nuair a iarradh air cén uair a bhféadfadh duine pionta a ól taobh istigh roimh fhreastal ar chluiche i gcraobhchomórtais CLG.

Dúirt an Taoiseach go raibh sé “cinnte” nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh mí Bealtaine ná mí an Mheithimh.

D’fhógair an Taoiseach inné na socruithe maidir le hathoscailt an stáit. Beidh na seirbhísí fáilteachais faoin aer oscailte ón 7 Meitheamh.

Tuairiscítear go bhfuil an rialtas i mbun machnaimh ar cead a thabhairt don tseirbhís fáilteachais faoi dhíon athoscailt ar an 5 Iúil. Tuigtear go bhfuil seans ann go dtabharfaí cead do shluaite bailiú le chéile taobh amuigh, ócáidí spóirt san áireamh, thart ar an am céanna.

Cuirfear tús le craobhacha peile agus iomána na hÉireann ag deireadh mhí na Bealtaine agus é beartaithe cluichí ceannais na gcúigí a imirt ag deireadh mhí Iúil agus tús mhí Lúnasa. Imreofar cluichí ceannais na hÉireann ag deireadh mhí Lúnasa.

Idir an dá linn, tá ráite ag iar-ollamh le sláinte phoiblí gur chóir don rialtas polasaí aon dáileoige don vacsaín a leanacht anois lena chinntiú gur féidir dul chun cinn le hathoscailt na tíre mar atá beartaithe, fiú mura bhfuil sé sin ag teacht le comhairle NIAC.

Dúirt an tOllamh Joe Barry ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gurb é sin an rogha is ciallmhaire, dar leis féin agus le saineolaithe eile.

“An t-aon chomhairle a bheadh agam don rialtas, is dócha go mbeadh sé i bhfad níos sábháilte dá ndéanfaidís athrú ar an gcóras vacsaínithe agus dul chuig córas go mbeadh dáileog amháin … dáileog amháin ag an méid is mó den daonra agus is féidir, go tapa anois, agus an dara dáileog a chur ar ceal ar feadh cúpla mí,” a dúirt an tOllamh Barry ar Adhmhaidin. 

“Tá fianaise ann go bhfuil clúdach (cosaint) an-mhaith ag dáileog amháin. Do rachainn thar NIAC dá mba rud é go raibh mé sa rialtas anois … tá sé seo róthábhachtach,” arsa Barry, iar-ollamh le Sláinte Phoiblí i gColáiste na Tríonóide.

“Tá NIAC tábhachtach, ach ní saghas oracle iad go gcaithfear cloí le gach uile rud [a deir siad].” 

Dúirt sé gur beag seans go sroichfeadh an rialtas an sprioc atá leagtha síos acu go mbeadh an chéad dáileog faighte ag 82% de dhaoine fásta faoi dheireadh mhí an Mheithimh má chloíonn siad leis an gcóras atá ann faoi láthair. 

“Dá luaithe is atá siad cóngarach don sprioc is sábháilte a bheidh an oscailt go bhfuil fáilte curtha ag gach duine roimhe … Ní bhainfidh siad an sprioc 82% de dhaoine na tíre a bheith clúdaithe faoi dheireadh mhí an Mheithimh, níl seans dá laghad, ach le córas aon dáileoige bheidís níos cóngaraí don sprioc.” 

Fág freagra ar 'Dóchas ag an Taoiseach go bhféadfar pionta a ól i dteach ósta agus freastal ar chluiche craoibhe roimh dheireadh an tsamhraidh'

  • An Teanga Bheo

    Bhfuil tada ag cuir imní ar dhaoine ach pionta a ól agus agus cluiche a imirt is iomaí rud eile atá práinneach anois ?