Dá fhaid é an lá ‘sé dán na hoíche teacht
Is dá fhaid a mhairfidh an duine’sé a dhán ar deireadh imeacht
Is dócha gur mar sin a thagann deireadh le gach ré. Tar éis ocht mbiaiste dhéag ar an dtaobhlíne le foireann shinsir Thír Eoghain, bhí rud éigin ana-uaigneach, truamhéileach, nach mór, fé sheasamh Mhickey Harte i mBealach Féich coicíos ó shin.
Dála Peter Keane Chiarraí an Domhnach seo caite, ní foláir nó gur thuig Harte agus é ina staic ansan sa bhfuacht agus san ainnise cad a bhí i ndán dó. An sciúirseáil, an síor-cheistiú, an t-amhras agus an bhinb a leanann treascairt. Cé bheadh ina bhainisteoir idirchontae na laethanta seo?
Cúis iontais dúinn go léir, mar sin, na hocht mbliana déag seirbhíse, agus roinnt eile lena chois le foirne faoi aois, a thug Harte do Chumann Lúthchleas Gael Thír Eoghain. Dúirt sé aréir gur phribhléid gach aon lá a bhí aige i bhfeighil na bhfoirne agus dúirt sé chomh maith gur thug sé a bhuille bliain i ndiaidh bliana.
Ní dóigh liom go bhfuil aon duine a thuigeann cúrsaí caide a d’áiteodh san air, ach caithfidh go raibh laethanta agus blianta, go deimhin, ó 2008 i leith gur bhraith sé gur shnámh in aghaidh easa ab ea gach aon bhuille a thug sé ar son na cúise.
Is é an áit atá an marú ar fad, ná gur dócha go bhfuil sé ag fágaint slán le Tír Eoghain ag tráth go bhfuil an taoide casta agus radharc (nó ar a laghad éachtaint) in athuair acu ar an niamhracht a bhlaiseadar go deireanach dhá bhliain déag ó shin.
I ndeireadh na himeartha i mBealach Féich ba bheag a bhí idir Tír Eoghain agus coimhlint eile le hArd Mhacha an deireadh seachtaine seo. Cúpla deis amú, iarracht ar bháide sáraithe ar an líne chúil agus sciorradh suarach caide anseo is ansiúd. B’shin a raibh ann. Ba chuma, áfach, bhí rás Mickey Harte rite agus sniogadh déanta, b’fhéidir, ar an mbraon deireanach a bhí fágtha sa chrúiscín doimhin adhartha agus foighne a bhí ag pobal Thír Eoghain don bhfear a bhí ina cheann feadhain ar na laethanta ba ghile a bhí acu mar chontae.
Ní hé Mickey Harte an chéad bhainisteoir a thuig gur i ndoimhneacht a théann poll an amhrais nuair ná fuil an t-uachtar i mbarra an chrúiscín i gcónaí. Ainneoin a ghaiscí, bhí seanabhlas ar deireadh ag lucht leanta na caide i gcontae na Mí ar Sheán Boylan. Níor aithníodh an fáidh Mickey Whelan ina dhúthaigh féin ar an gcéad iarracht i lár na 1990idí agus b’éigean dó é féin a chruthú in athuair le Pat Gilroy chun go bhfaigheadh sé aitheantas ceart in Áth Cliath.
Bhí tréimhsí ag Pete McGrath i gcontae an Dúin go raibh an iomarca den aithne ag méadú ar an dtarcaisne ina thaobh agus anseo i gCiarraí bhraith laochra na gcéadta cath, Mick O’Dwyer agus Páidí Ó Sé féin, gurbh fhuar é a ngnó nuair ná raibh blas na meala ón gcrúiscín sna blianta deireanacha dá ré.
Ba i gcoinne Pháidí Sé agus Ciarraí in 2003 a tharraing Harte agus a bhuíon aird mhuintir Chiarraí ar dtús. B’fhéidir go raibh an bheart déanta ar Chiarraí ag mionúir Thír Eoghain fé stiúir Harte sé bliana roimis sin i gceann de chluichí na bliana 1997, ach ba i gcluiche leathcheannais sinsir na hÉireann a deineadh polladh ar aigne agus ar shamhlaíocht mhuintir Chiarraí i gceart i Lúnasa 2003.
B’shiúd é an cluiche agus dob é múnla Harte an lá úd a bhrostaigh claochló chluiche na caide féin. Do réab Harte agus a chuid imreoirí túir éabhair na huaisleachta lena gcur chuige fuadrach, fuinniúil, fíochmhar. Níor mhar a chéile an cluiche ó shin.
I dtréimhse ghlórmhar cúig bliana idir 2003 agus 2008, bhí an ghráin dearg againn ar a chéile agus dar le muintir Chiarraí gur chosúil go raibh an ghráin ag an uile chontae ar Thír Eoghain taca an ama chéanna. Taibhsíodh dúinne gur sinne, thar aon dream eile, a bhí thíos le gliceas agus le héirim aigne Harte. Gach aon bhliain go dtarraingíomar seift éigin chughainn féin in iarracht an fear maith a fháil air, bhí a phort athraithe arís ag Harte agus a fhoireann agus ní rabhamar i dtiúin leis.
B’shin é an bua ba mhó a bhí aige mar bhainisteoir, dar liom. Sheinn sé a phort féin go neamhspleách i gcaitheamh na huaire. Ba chuma leis in ainm an diabhail cé a bhí ag éisteacht lena phort chomh fada is go raibh a chuid imreoirí féin ag rince. Chabhraigh sé le Harte, gan dabht, go raibh cuid des na himreoirí ab fhearr sa tír ag imirt lena linn – Canavan, O’Neill, Mulligan, McGuigan, Jordan agus a leithéidí – agus iad i mbarr a maitheasa ins na blianta sin i dtús na mílaoise.
Nuair a tháinig deireadh leis an ré sin i gCill Airne in 2012, thug Harte fé fhoireann nua a mhúnlú bunaithe ar na hachmhainní a bhí ar fáil dó agus múnlaí nua na himeartha a bhí athraithe ó bhonn anois.
Is léir ón méid a bhí le rá le laethanta beaga anuas aige gur bhraith Mickey Harte go raibh obair fós le déanamh, go raibh beartais fós le cur i gcrích, go raibh síol curtha agus fómhar le baint aige. Cá bhfios le Conor McKenna, Cathal McShane agus Darragh Canavan ag bláthú ná beadh duine den nglúin órga sin, Dia beag na caide, Peter Canavan thar n-ais chun sinn a chiapadh agus a chrá ón dtaobhlíne an uair seo? Guth nua, ré nua agus coimhlíntí crua cealgánta á gcruthú agus á ngríosadh as an nua.
Is dóigh liom, áfach, gur tháinig deireadh leis an namhdas idir Ciarraí agus Tír Eoghain an lá úd i gCill Airne in 2012. Ní deirim san toisc gur bhuaigh Ciarraí ar fhoireann a bhí ag teip ach toisc urraim, meas agus ómós bheith léirithe tar éis an chluiche ag ár lucht leanúna do Harte agus dá chlann. Bhíodar gafa trí mhórán agus níor bheag an rian a bhí fágtha ag Harte agus ag Tír Eoghain ar chúrsaí caide anseo. Nach tar éis a thuigtear gach beart?
Fág freagra ar 'Do réab Mickey Harte agus a chuid imreoirí túir éabhair na huaisleachta'