‘Do-ghlactha’ go ndiúltódh an DUP obair le Michelle O’Neill mar chéad-aire

Tá amhras mór i gcónaí ann faoi cad a dhéanfaidh DUP, ar buaileadh buille mór síceolaíoch agus siombalach orthu sa toghchán

‘Do-ghlactha’ go ndiúltódh an DUP obair le Michelle O’Neill mar chéad-aire

D’fhéadfadh go bhfuil sáinn pholaitiúil eile i ndán do mhuintir an Tuaiscirt i ndiaidh thoghchán stairiúil na seachtaine seo caite.

Tá brú á chur ar pholaiteoirí an Tuaiscirt ag rialtais na hÉireann, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na Breataine feidhmeannas agus tionól Stormont a chur ag obair arís.

Tuairiscítear go bhféadfadh go mairfeadh baghcat an DUP ar Fheidhmeannas Stormont go dtí aimsir na Nollag.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, nach bhféadfaí “glacadh leis” go bhfanfadh an DUP ar “an taobhlíne” agus go ndiúltódh siad obair le Michelle O’Neill mar chéad-aire.

Tá Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, i dteideal na céad-aireachta san fheidhmeannas nua ach beidh sin ag brath ar an DUP a bheith sásta leaschéad-aire a ainmniú.

Tá amhras mór i gcónaí ann faoi cad a dhéanfaidh an páirtí aontachtach, ar buaileadh buille mór síceolaíoch agus siombalach orthu sa toghchán.

Mura mbunófaí Feidhmeannas nua, bheadh ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann toghchán nua a ghairm agus chaithfí an toghchán sin a reáchtáil ansin taobh istigh de 12 seachtain.

Ba é Sinn Féin an páirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh an chomhairimh, an chéad uair gur bhain páirtí náisiúnach an stádas sin amach.

Michelle O’Neill. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go ndiúltódh a pháirtí páirt a ghlacadh san fheidhmeannas nua mura ndéanfadh Rialtas na Breataine leasú ar an bprótacal iar-Bhreatimeachta a fhágann go bhfuil teorainn anois i muir Éireann.

Ní fios ach oiread cad a dhéanfaidh Donaldson féin agus cé acu an nglacfaidh sé leana shuíochán tionóil nó an bhfillfidh sé ar Westminster.

Glactar leis chomh maith go bhfuil doicheall ar an DUP roimh dhul i mbun rialtais le Sinn Féin sa chéad-aireacht.

Braithfidh fuascailt na géarchéime is déanaí sa Tuaisceart ar thoil an DUP dul i ngleic le saol polaitiúil atá athraithe ó bhonn, Sinn Féin imithe chun tosaigh orthu agus Páirtí na Chomhghuaillíochta sna sála orthu sa tríú háit.

D’fhág torthaí an toghcháin chomh maith go bhfuil ceisteanna móra ann faoina bhfuil i ndán don Ríocht Aontaithe.

Dúirt céad-aire na hAlban Nicola Sturgeon, gur léirigh líon na vótaí a fuair Sinn Féin sa toghchán go raibh ceisteanna móra le cur faoina bhfuil i ndán don Ríocht Aontaithe mar shlánaonad polaitiúil.

“Níl aon dabht ach go bhfuil ceisteanna móra bunúsacha á gcur faoi láthair faoin Ríocht Aontaithe mar shlánaonad polaitiúil,”arsa Príomh-Aire na Alban. “Tá siad á gcur anseo in Albain, tá siad á gcur i dTuaisceart Éireann, agus tá na ceisteanna á gcur sa Bhreatain Bheag. Agus is dóigh liom go bhfeicfimid athruithe bunúsacha  ar rialachas na Ríochta Aontaithe sna blianta amach romhainn agus táim cinnte go mbeidh neamhspleáchas na hAlban ar cheann de na hathruithe sin.”

Mura mbíonn céad-aire agus leaschéad-aire ann, ní féidir le Feidhmeannas Stormont a ghnó a dhéanamh mar is ceart.  Ní bhíonn cead ag airí polasaithe ná buiséid nua a thabhairt isteach, mar shampla.

Dúirt Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, go raibh sé in am ag muintir na hÉireann, thuaidh agus theas, faoina bhfuil i ndán dóibh.

Tá Sinn Féin ar an bpáirtí is mó in Stormont i ndiaidh thoghchán an tionóil agus dul chun cinn stairiúil déanta acu.

Agus 90 suíochán an tionóil líonta, bhí 27 suíochán ag Sinn Féin, bhí 25 ag an DUP agus 17 a bhí ag Páirtí na Comhghuaillíochta a raibh borradh mór fúthu.

Naoi suíochán a bhí ag an UUP, ocht gcinn a bhí ag an SDLP agus ceithre cinn a bhí ag iarrthóirí eile.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, Michelle O’Neill, gur “tús le ré nua” a bhí ann.

“Tá tús a chur inniu le ré nua. Am cinniúnach atá ann inár saol polaitíochta agus dár bpobal.

“Cuirfidh mise ceannaireacht ar fáil a thabharfaidh bheith istigh do chách, a dhéanfaidh an éagsúlacht a cheiliúradh agus a chinnteoidh cearta agus cothrom nna Féinne dóibh siúd a bhí coinnithe amach roimhe seo, nó ar deineadh éagóir nó neamhaird orthu,” arsa Michelle O’Neill tráthnóna.

Tá níos mó ná dhá oiread suíocháin ag Páirtí na Comhghuaillíochta is a bhí in 2017, nuair a bhuaigh siad ocht gcinn. 17 suíochán a bhuaigh siad an babhta seo. Drochlá a bhí ann don UUP, don SDLP agus don Chomhaontas Glas agus iad níos imeallaithe ná mar a bhí.

Cor cinniúnach é bua Sinn Féin i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe.

Thagair ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, do bhunú Thuaisceart Éireann agus í ag caint faoin scéal gur dócha go mbeidh Michelle O’Neill, ceannaire an pháirtí ó thuaidh, i dteideal na céad-aireachta.

“Bunaíodh an áit seo breis is 100 bliain ó shin ar bhealach a raibh sé d’aidhm aige a chinntiú nach mbeadh leithéid Michelle O’Neill i ról an chéad-aire go deo, agus mar sin is lá iontach don chomhionannas atá ann ,” arsa Mary Lou McDonald.

Jeffrey Donaldson. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Buille tromchúiseach don aontachtas a bhí sa toghchán agus bua mór a bhí ann do Shinn Féin agus an náisiúnachas. Más lá dá saol a bhí ann do Shinn Féin, lá maith a bhí ann do pholaitíocht an láir chomh maith agus borradh faoi vóta Pháirtí na Comhghuaillaíochta.

Sinn Féin a fuair an líon is mó vótaí céad rogha agus breis agus ceathrú milliún vóta céad rogha acu, 29% den iomlán.

250,388 vóta céad rogha a bhí ag Sinn Féin agus iad i bhfad chun cinn ar an DUP, a bhí sa dara háit.

184,002 vóta céad rogha a bhí ag an DUP, thart ar 40,000 níos lú ná mar a bhí acu sa toghchán tionóil cúig bliana ó shin. B’ionann sin agus 21.3% de na vótaí céad rogha, rud a chiallaíonn gur chailleadar ceann de gach ceithre vóta a bhí acu.

Tháinig méadú mór ar líon na vótaí céad rogha a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) agus 116,681 vóta acu, ardú thart ar 44,000.

13.5% de na vótaí céad rogha a bhí ag Alliance, léiriú ar dhíscaoileadh an tseanreachta faoinar vótáil daoine de réir na scoilte traidisiúnta idir ‘oráiste’ agus ‘glas’.

63.6% de na daoine a bhí ar chlár na vótóirí chaith vóta, mórán mar a chéile leis an toghchán deireanach in 2017.

Fág freagra ar '‘Do-ghlactha’ go ndiúltódh an DUP obair le Michelle O’Neill mar chéad-aire'